English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn na hAirí Donnelly agus Butler roimh cheadú an Rialtais ar cheannteidil an bhille chun an tAcht Meabhair-Shláinte a leasú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 15 Iúil 2021
  • Níos mó ná 120 athrú beartaithe ar an Acht
  • Tugtar isteach treoirphrionsabail do dhaoine fásta agus do leanaí san Acht
  • Feabhsaítear guth na ndaoine a úsáideann seirbhísí meabhairshláinte
  • Neartaítear forálacha maidir le toiliú le cóireáil

Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, roimh chinneadh an Rialtais inniu ceannteidil an bhille a cheadú chun an tAcht Mheabhairshláinte a leasú.

Ag labhairt dó faoi chinneadh an Rialtais inniu, dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ríméad orm gur aontaigh an Rialtas le ceannteidil an bhille, ina bhfuil níos mó ná 120 athrú beartaithe ar an Acht. Tugann ceannteidil an bhille treoirphrionsabail do dhaoine fásta agus do leanaí isteach san Acht, chun guth na ndaoine a úsáideann na seirbhísí a fheabhsú; forálacha maidir le toiliú le cóireáil a neartú chun í a chur ar aon dul leis an Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015; cumhachtaí rialála an Choimisiúin Meabhair-Shláinte a leathnú chun gach áit chónaithe agus seirbhís pobail mheabhairshláinte a rialáil agus a iniúchadh, agus foráil a dhéanamh do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois diúltú nó toiliú lena gcóireáil mheabhairshláinte féin. Is céim thábhachtach í lena chinntiú go ndéantar cearta na ndaoine a fhaigheann rochtain ar sheirbhísí a chosaint go hiomlán."

Tá ceannteidil an bhille mar thoradh ar chomhairliúchán fairsing idir an Roinn agus príomhpháirtithe leasmhara le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear an Coimisiún Meabhair-Shláinte, FSS, Coláiste Síciatraithe na hÉireann agus comhairliúchán poiblí le déanaí ar an athbhreithniú, a sheol an tAire Butler i Márta na bliana seo.

Dúirt an tAire Butler:

“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuaigh i dteagmháil leis an Roinn sa phróiseas seo, lena n-áirítear gach duine a chur a gcuid tuairimí isteach sa chomhairliúchán poiblí, go háirithe na haighneachtaí sin ó dhaoine a bhfuil taithí saoil acu ar sheirbhísí meabhairshláinte agus a gcuid teaghlach. Bhí na haighneachtaí seo fíorluachmhar don Roinn agus ceannteidil an bhille á dtabhairt chun críche. Tá sé beartaithe agam tuarascáil achomair ar an gcomhairliúchán poiblí a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn."

Tar éis chinneadh an Rialtais ceannteidil an bhille a cheadú, dréachtóidh Oifig an Ard-Aighne Bille foirmiúil, i gcomhairle leis an Roinn Sláinte.

Seolfar ceannteidil an bhille chuig Comhchoiste an Oireachtais um Shláinte agus foilseofar iad freisin ar láithreán gréasáin na Roinne an mhí seo.

Ag labhairt di ar na chéad chéimeanna eile, dúirt an tAire Butler:

“Táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe ar Choiste an Oireachtais um Shláinte agus iad ag déanamh a n-athbhreithnithe féin ar cheannteidil an bhille. Ba thosaíocht mhór dom an t-athbhreithniú ar an Acht a chríochnú ó ceapadh mé anuraidh, agus tá áthas orm a fheiceáil go bhfuil an chloch mhíle sin bainte amach againn. Is céim shuntasach é an Bille chun comhionannas a chinntiú idir meabhairshláinte agus folláine coirp, maidir le cumhacht a thabhairt do dhaoine cinntí a dhéanamh faoina gcúram meabhairshláinte féin agus chun cosaintí a fheabhsú do dhaoine a fhaigheann rochtain ar na seirbhísí meabhairshláinte. Táim tiomanta an Bille a dhréachtú chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir é a chur faoi bhráid an Oireachtais."

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Leagtar amach san Acht Meabhair-Shláinte 2001 (an tAcht) cúram agus cóireáil daoine a fhaigheann cúram meabhairshláinte d’othair chónaithe, go háirithe tríd an mbunús dlí le haghaidh coinneála ainneonaigh a sholáthar. Foráiltear leis an Acht freisin do Chigire Seirbhísí Meabhairshláinte, cosaintí do chearta daoine atá á gcoinneáil go hainneonach, bunú an Choimisiúin Meabhair-Shláinte mar rialtóir seirbhísí meabhairshláinte agus do bhinsí meabhairshláinte, a dhéanann athbhreithniú ar orduithe coinneála do dhaoine atá á gcoinneáil go hainneonach. Bhí an Roinn Sláinte i gceannas ar an athbhreithniú ar an Acht Meabhair-Shláinte.

Tá breithniú domhain déanta ag an Roinn ar an méid seo a leanas:

  • 165 moladh ó Athbhreithniú Sainghrúpa 2015 ar an Acht,
  • 100 aighneacht a fuarthas i gcomhairliúchán poiblí Márta/Aibreán 2021,
  • comhairliúchán fairsing le roinnt blianta anuas le FSS, leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, leis an Ombudsman do Leanaí, le Coláiste Síciatraithe na hÉireann agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige,
  • oibleagáidí idirnáisiúnta na hÉireann faoi Choinbhinsiún na NA ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, agus
  • reachtaíocht intíre amhail an tAcht Cinnteoireachta Cuidithe (Cumas) 2015 agus an tAcht Meabhair-Shláinte (Leasú) 2018.

Chomhaontaigh an Chomh-Aireachta Bille a dhréachtú bunaithe ar an Scéim Ghinearálta, an Scéim Ghinearálta a sheoladh chuig Comhchoiste an Oireachtais um Shláinte le scrúdú a dhéanamh air roimh an reachtaíocht, agus an Scéim Ghinearálta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne Sláinte. Táthar ag súil go bhfoilseofar an Scéim Ghinearálta ar láithreán gréasáin na Roinne sna seachtainí amach romhainn.