Fáilte curtha ag an Aire Donnelly roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Scagathástáil (2022)
- Foilsithe: 19 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte inniu roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta um Scagthástáil (NSAC) don bhliain 2022. Cuireann an coiste saineolaithe neamhspleách seo comhairle ar an Aire Sláinte faoi chláir náisiúnta scagthástála nua, nó faoi athruithe ar chláir atá ann cheana de réir an dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Sa tríú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoiste, sonraítear na gníomhaíochtaí agus an dul chun cinn suntasach a baineadh amach in 2022 chomh maith le roinnt príomhthosaíochtaí don bhliain 2023.
In 2022, rinne an Coiste dhá mholadh; gach cineál Géar-Easpa Imdhíonachta Comhcheangailte (SCID) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna (NBS), agus treoirlíne chliniciúil a chur i bhfeidhm i gclár BowelScreen chun é a ailíniú leis an gcleachtas cliniciúil ar fud na seirbhíse siomptómaí san FSS. Glacadh leis an dá mholadh.
D’iarr an Coiste ar HIQA ceithre Mheasúnú um an Teicneolaíocht Sláinte a dhéanamh;
- scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a bhaineann leis an scagthástáil a thabhairt isteach d’Ainéaras Aorta an Bhoilg;
- scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a bhaineann leis an aoisraon a leathnú don chlár BowelScreen;
- scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a bhaineann leis an aoisraon a leathnú don chlár BreastCheck programme;
- seargadh a chur leis an gclár NBS, rud atá idir lámha.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá dul chun cinn den scoth bainte amach ag an NSAC in 2022, agus cuirim fáilte roimh a dTuarascáil Bhliantúil ina leagtar amach an obair shuntasach atá déanta acu.
“Tar éis an rath a bhí ar chéad ghlao bliantúil an Choiste, b’údar mór áthais dom dhá mholadh a fháil agus a cheadú. Tá áthas ar leith orm a fheiceáil go bhfuil an luas agus an móiminteam lena bhfuil an obair ar leathnú na scagthástála fuilspota naíonna á déanamh ag tosú le dul i méid agus tá a fhios agam go bhfuil sé sin an-tábhachtach do go leor tuismitheoirí agus teaghlach.
“Is cúis áthais dom freisin go bhfuil an Coiste ag féachaint freisin ar ár gcláir scagthástála ailse a leathnú agus ar chláir úrnua a thabhairt isteach.
“Tá sé tábhachtach go bhfuil Éire ar aon dul leis na forbairtí idirnáisiúnta sa scagthástáil agus go bhfuil an fhianaise á meas againn le déine eolaíochta agus gabhaim buíochas leis an NSAC as an obair sin a stiúradh.”
Chuir an tAire Donnelly fáilte freisin roimh an nglao ar léirithe spéise do ról Chathaoirleach an Choiste atá a fhógairt faoi láthair ar shuíomh gréasáin na mBord Stáit.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Ollamh Niall O’Higgins a thug treoir shaineolach don Choiste i rith an chéad cheithre bliana dá fheidhmiú. Tá cinntí agus moltaí an Choiste bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus rannchuidigh an Coiste le cur chun cinn an bheartais náisiúnta maidir le scagthástáil daonra-bhunaithe in Éirinn. Tá a fhios againn go léir go sábháiltear beatha daoine mar gheall ar an scagthástáil agus tá mé tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár gcláir agus a chinntiú go bhfuil seirbhís againn a bhfuil muinín ag muintir na hÉireann aisti.
“Iarraim ar aon dhuine a bhfuil suim aige nó aici i ról Chathaoirleach an Choiste léiriú spéise a chur isteach don ról sásúil seo.”
Dúirt an tOllamh Niall O’Higgins, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála:
“Tá áthas orm Tuarascáil Bhliantúil 2022 an NSAC a fhoilsiú, tuarascáil ina léirítearr bliain eile gnóthach don Choiste. Le linn 2022, rinneamar meastóireacht ar aighneachtaí a fuarthas mar fhreagra ar an gcéad ghlao bliantúil agus chuireamar moltaí faoi bhráid an Aire. Chomh maith leis sin, rinneamar an fhoireann thiomnaithe in HIQA a choimisiúnú chun athbhreithnithe fianaise cuimsitheacha a dhéanamh ar cheithre thogra.
“Ó bunaíodh é, tá béim leagtha ag an NSAC ar an luach ríthábhachtach a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt agus i gcur chun feidhme clár scagthástála. Is leis na daoine an scagthástáil agus ní mór don scagthástáil a bheith á stiúradh agus á thacú, agus bonn eolais curtha leis, ag an bpobal.
“Táimid anois ag céim ríthábhachtach i bhforbairt an bheartais scagthástála daonra-bhunaithe, lena n-áirítear an scagthástáil ailse. Is éard a bheidh i gceist leis na Moltaí nuashonraithe ón gComhairle Eorpach maidir leis an scagthástáil ailse ná breithniú a dhéanamh ar mhodhnuithe ar na cláir scagthástála ailse atá againn faoi láthair agus ar chláir nua a thabhairt isteach.
“Tiocfaidh deireadh le mo théarma oifige mar Chathaoirleach ar an gCoiste i mí an Mheithimh 2023 agus bhí sé de phribhléid agam cathaoirleacht a dhéanamh ar an gCoiste fuinniúil seo agus páirt a ghlacadh lena bhfuil bainte amach aige le ceithre bliana anuas. Is éard is cúis leis an rath atá ar an gCoiste ná tiomantas, scil agus diongbháilteacht a chomhaltaí éagsúla. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na baill foirne tacaíochta sa Roinn Sláinte agus in HIQA as a gcuid oibre, agus ár bpáirtithe leasmhara uile as a dtacaíocht leanúnach, agus buíochas a ghabháil leo as sin freisin.
“Molaim gur cheart d’aon duine a bhfuil an taithí agus an tiomantas ábhartha aige nó aici smaoineamh ar iarratas a dhéanamh chun an Coiste dinimiciúil seo a threorú sa chéad chéim eile oibríochta.”
Tá an folúntas á fhógairt ar Stateboards.ie agus www.nsacommittee.gov.ie agus is é an 9 Meitheamh 2023 an spriocdháta iomchuí.
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2022 an NSAC ar fáil le híoslódáil ón suíomh gréasáin tiomnaithe www.nsacommittee.gov.ie
Nótaí d’eagarthóirí:
Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua do chláir scagthástála daonrabhunaithe agus maidir le hathruithe ar chláir atá ann cheana.
Tá tuilleadh eolais faoin gCoiste ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
D’fhoilsigh an Coiste a Chlár Oibre in 2022. Tá sé ar fáil anseo