Fáilte curtha ag an Aire Sláinte roimh fhoilseachán an Phlean Seirbhíse Náisiúnta
- Foilsithe: 24 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus na hAirí Stáit Mary Butler TD, Frank Feighan TD agus Anne Rabbitte TD fáilte inniu roimh fhoilseachán Phlean Seirbhíse Náisiúnta an FSS, 2021.
I bPlean Seirbhíse Náisiúnta an FSS, 2021, leagtar amach na cineálacha agus na méideanna seirbhísí sláinte agus sóisialta atá le soláthar ón maoiniú atá curtha ar fáil ag an Rialtas i mBuiséad 2021.
Agus é ag tabhairt fáilte roimh fhoilseachán Phlean Seirbhíse Náisiúnta 2021, dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an infheistíocht bhreise shuntasach atá curtha ar fáil ag an rialtas don tseirbhís sláinte i 2021 le brath sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta atá á sheoladh againn inniu. Is ionann an buiséad sláinte iomlán agus €20.6 billiún, ná méadú 21% ar an leithdháileadh sláinte don bhliain 2020. Tá sé ar phríomhsprioc bhéime de chuid Bhuiséad Sláinte 2021 an t-athchóiriú straitéiseach a sheachadadh ar aon dul le Sláintecare agus go gcuirfear leis na hathruithe dearfacha agus nuálacha atá déanta le linn phaindéim COVID 19. Tá sé mar sprioc lárnach de chuid an Phlean Seirbhíse Náisiúnta claochlú agus athchóiriú seirbhísí áirithe agus go dtacófar le hathléimneacht agus ullmhacht na seirbhíse sláinte chun leanúint ar aghaidh ag feidhmiú i dtimpeallacht COVID 19.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord an FSS agus le hoifigigh an FSS as an obair shuntasach atá déanta acu chun Plean Seirbhíse Náisiúnta 2021 a sheachadadh sa timpeallacht dhúshlánach atá ann mar gheall ar COVID-19."
Tá soláthar déanta sa bhuiséad don bhliain 2021 do roinnt infheistíochtaí breise atá an-suntasach a mbeidh curtha i bhfeidhm chun seirbhísí a atosú i dtimpeallacht COVID 19, chun seirbhísí atá ann cheana féin a fheabhsú nó a leathnú amach, lena n-áirítear athléimneacht na seirbhíse a fheabhsú chomh maith leis an bhfreagairt atá le tabhairt do bhrúnna déimeagrafacha agus do bhrúnna eile, agus chun forbairtí seirbhíse faofa nua a thosú.
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as an Míchumas, Anne Rabbitte TD, agus í ag tabhairt fáilte roimh fhoilseachán an Phlean Seirbhíse:
"Leithdháileadh níos mó airgead don Mhíchumas ná riamh go dtí sin i mBuiséad 2021 agus tá infheistíocht mhór éascaithe ar fud na seirbhísí, atá mionsonraithe sa Phlean seo, mar gheall air, lena n-áirítear athchóiriú leanúnach ar sheirbhísí míchumais tríd an gClár Saolta a Bhunathrú chun Feabhais [nó Transforming Lives] a chur i bhfeidhm. Bhí sé mar thosaíocht dom poist ildisciplíneacha breise a sholáthar laistigh de na foirne um líonra na leanaí, lena gcuirfear leis an bpróiseas measúnuithe riachtanas, agus, níos tábhachtaí fós, le soláthar teiripí. Faoi réir cheadú an Rialtais, earcófar baill foirne freisin chun tús a chur leis an ullmhúchán chun an próiseas measúnuithe ar riachtanas do dhaoine fásta (daoine 19–21 bliana d’aois) a bhunú. Ceann de na príomhréimsí eile don rialtas seo is ea an faoiseamh a sholáthar, agus tá maoiniú curtha ar fáil don FSS chun 9 seirbhís tiomnaithe breise um an bhfaoiseamh ionad-bhunaithe a fhorbairt agus a oscailt ar fud na Réimsí Cúraim Sláinte Pobail go léir. Fágann sé sin go seachadfar tacaíochtaí fíor inláimhsithe do theaghlaigh ar fud na tíre, ag tairiscint tacaíochta breise dóibh nuair atá an riachtanas is mó acu leis.
"Tá breac-chuntas déanta sa Phlean freisin ar an tslí a bhfuiltear chun leanúint ar aghaidh le daoine faoi mhíchumas a aistriú ó shuíomhanna comhchruinnithe go dtí tithe idirthréimhseacha sa phobal. Táthar chun clár trialach a chur i gcrích in 2021 de shamhail seirbhíse in aon limistéar geografach amháin chun tacú le daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus faoin néaltrú a aistriú go dtí an maireachtáil phobail. Cuirfear na moltaí ón Report of the Review of the Irish Health Services for Individuals with Autism Spectrum Disorders i bhfeidhm freisin, rud a fheabhsóidh an rochtain ar sheirbhísí, agus freagraí uathu, chomh maith, do leanaí uathacha agus do dhaoine fásta uathacha in am maith."
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan TD:
"Mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá béim curtha ar dhúshláin shuntasacha do ghrúpaí atá eisiata go sóisialta sa tsochaí, go háirithe orthusan a bhfuil leochaileachtaí méadaithe acu lena n-áirítear fadhbanna sláinte ginearálta casta, an andúil agus an mheabhairshláinte. Tá sé ar phríomhthosaíocht don bhliain 2021 feabhas a chur ar na torthaí sláinte do ghrúpaí atá eisiata go sóisialta sa tsochaí agus oibreoidh mé féin i gcomhar leis an FSS chun an rochtain ar shláinte a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime sláinte do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta lena n-áirítear daoine atá gan dídean, an Lucht Siúil, an pobal Romach, imircigh agus iad siúd atá ag fuascailt mar gheall ar an andúil."
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, TD:
"Níl aon amhras ach go raibh tionchar ag COVID-19 ar mheabhairshláinte daoine, agus tá sé ríthábhachtach go mbeimid in ann freagairt dó sin, le linn agus na paindéime, agus ina diaidh chomh maith. Príomhthosaíocht atá leagtha amach sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta is ea plean inbhuanaithe costáilte a fhorbairt le haghaidh - An Fhís a Chomhroinnt -, an beartas náisiúnta um an meabhairshláinte, agus tús a chur le cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí tosaíochta de chuid An Fhís a Chomhroinnt in 2021. Tá breac-chuntas tugtha sa Phlean chomh maith ar an tosaíocht atá ann leanúint le cur i bhfeidhm na straitéise náisiúnta chun an féinmharú a laghdú Connecting for Life, tar éis dó a bheith leathnaithe amach ó 2020 go dtí 2024. Tá tiomantas soiléir léirithe sa Phlean Seirbhíse Náisiúnta 123 ball foirne meabhairshláinte nua a earcú i mbliana, anuas ar 30 speisialtóir fostaíochta IPS. As an líon de 123 ball foirne, ceapfar 29 post nua sna seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus déagóirí chun an feabhas a chur leis an acmhainn sin ar fud na seirbhísí. Is gníomh tosaíochta é an t-aistriú chuig an tseirbhís náisiúnta meabhairshláinte fhóiréinseach nua don bhliain 2021, rud a méadófar an cumas ar bhonn céimnithe.
"Maidir le seirbhísí do dhaoine scothaosta, tá sé mar aidhm ag an bPlean atá á sheoladh inniu tacú le daoine scothaosta chun maireachtáil ina bpobail féin chomh fada is gur féidir, an rochtain atá acu ar an gcúram a fheabhsú agus an gá atá acu leis an gcúram géarmhíochaine agus cónaithe a íoslaghdú. In 2021, seachadfar 5 mhilliún uair an chloig breise den tacaíocht baile i bpobail ar fud na hÉireann. Ar aon dul leis an mbeartas agus leis an treoir ón Roinn Sláinte, oibreoidh an FSS i gcomhar linn freisin chun samhail leasaithe den seachadadh seirbhíse a rolladh amach lena gcuirfear bonn eolais faoi fhorbairt scéime reachtúil um an tacaíocht bhaile chun seirbhísí tacaíochta baile a mhaoiniú agus a rialáil. Táthar tar éis maoiniú tiomnaithe a leithdháileadh in 2021 freisin chun tacaíochtaí pobalbhunaithe a fheabhsú do dhaoine a mhaireann agus néaltrú acu, lena n-áirítear an cúram lae sa bhaile a leathnú amach, seomraí acmhainní teicneolaíochta cuimhne a fheabhsú agus comhairleoirí néaltraithe breise a cheapadh."