English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag na hAirí Sláinte roimh athruithe chun rialacháin do thithe altranais a neartú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Rinneadh athbhreithniú ar Rialacháin Chúraim agus Leasa 2013 chun raon riachtanas nua a chur san áireamh agus chun forálacha reatha a neartú
  • Ina measc, tá athruithe sna réimsí a bhaineann le cuairt a thabhairt, cosc agus rialú ionfhabhtaithe, cearta cónaitheoirí, critéir do dhaoine i gceannas agus rialachas
  • Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm an 31 Márta 2025

Chuir an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an tAire Stáit Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler fáilte inniu roimh nuashonrú na rialachán a neartóidh an creat rialála do thithe altranais a thuilleadh.

Shínigh an tAire Donnelly rialacháin inniu chun leasú a dhéanamh ar na Rialacháin fán Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Leas Cónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta) 2013. Leasaíodh na rialacháin mar fhreagra ar mholtaí ó Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 agus ó roinnt tuarascálacha ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA).

Áirítear leis na leasuithe raon ceanglas nua do sholáthraithe agus feabhsuithe ar na ceanglais reatha. Forbraíodh na hathruithe i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara ar nós HIQA agus grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar earnáil na dtithe altranais.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm an 31 Márta 2025 chun am a thabhairt do HIQA agus do sholáthraithe cláraithe athruithe a dhéanamh de réir mar is gá chun na rialacháin leasaithe a chomhlíonadh.

Déanfaidh na leasuithe an méid seo a leanas:

  • Cinnteoidh siad go gcosnaítear cearta cónaitheoirí le haghaidh cuairteanna, fiú le linn ráigeanna agus go n-éascaítear cumarsáid le baill teaghlaigh
  • Cuirfidh siad feabhas ar na critéir cháilíochta do dhaoine atá i gceannas chun riachtanas do theastas bainistíochta Leibhéal 8 a chur san áireamh
  • Rialachas, feabhsú cáilíochta agus próisis riosca i dtithe altranais a fheabhsú
  • Pleananna bliantúla feabhsúcháin cáilíochta a éileamh a thacóidh le béim ar fheabhsú cáilíochta
  • Go gcuirfear treoir maidir le hionfhabhtú a chosc agus a rialú I bhfeidhm, chomh maith le hoiliúint a chur ar fáil
  • An tréimhse fógartha maidir le raon teagmhas tuairiscithe do HIQA a laghdú ó 3 lá oibre go 2 lá oibre

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá áthas orm na leasuithe seo a thabhairt chun cinn a chuirfidh le rialacháin i dtithe altranais, chomh maith len iad a neartú. Cuirfidh na forbairtí seo béim níos mó ar fheabhsú cáilíochta, rialachas agus cearta cónaitheoirí."

Agus í ag cur fáilte roimh na leasuithe, dúirt an tAire Butler:

"Tá sé tábhachtach tabhairt faoi deara gur tithe cónaithe fadtéarmacha iad na háiseanna cúraim chónaithe do dhaoine aosta. Tá súil agam go neartóidh na forálacha feabhsaithe seo, maidir le cuairteanna agus cumarsáid, guth agus rogha na gcónaitheoirí ina dtithe féin."

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Butler:

"I gcónaí, dírím ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine aosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh na caighdeáin is airde is féidir. Cuirfidh na leasuithe seo ar chumas na foirne I dtithe altranais cur le dea-chleachtas ar fud na hearnála agus ardchaighdeáin chúraim a chur ar fáil."


Nótaí:

Leasaíodh na rialacháin mar fhreagra ar mholtaí ó Thuarascáil Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19 agus roinnt tuarascálacha ó HIQA.

Bhí an roinn i dteagmháil go dlúth le HIQA agus na leasuithe á ndréachtú. Rinneadh comhairliúchán mionsonraithe freisin le hionadaithe ó sholáthróirí tithe altranais don earnáil, lena n-áirítear le Tithe Altranais Éireann, an Alliance, Céile Care chomh maith le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus eagraíochtaí abhcóideachta.

Reáchtálfaidh HIQA seimineáir ghréasáin do sholáthraithe sna míonna amach romhainn chun na hathruithe ar na rialacháin a mhíniú.

Beidh na rialacháin le feiceáil ar Iris Oifigiúil sna laethanta amach romhainn.

Tá na leasuithe seo mar chuid de shraith athruithe atá curtha i bhfeidhm le blianta beaga anuas chun an creat rialála do thithe altranais a neartú. Ina measc tá:

  • forálann an Bille Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh. 2), 2024 (a achtaíodh i mí Iúil) do leasuithe ar an Acht Sláinte 2007 chun forálacha forfheidhmiúcháin a neartú agus forálacha nua a thabhairt isteach chun sonraí ó thithe altranais a bhailiú agus a fhoilsiú.
  • Foilsiú na leasuithe ar na Rialacháin Cúraim agus Leasa i mí na Nollag 2022 ag an Aire, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhain le gearáin a neartú ar fud na hearnála, agus chun rochtain chónaitheoirí ar sheirbhísí abhcóideachta neamhspleácha a mhéadú.