Fáilte curtha ag na hAirí Sláinte roimh fhoilsiú Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare
- Foilsithe: 25 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, chuir an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton roimh fhoilsiú Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare.
Tionscnamh de chuid Éire Shláintiúil chun éagothroime shláinte in Éirinn a laghdú is ea an Clár Comhphobail Shláintiúla Sláintecare (SHC). Seoladh an Clár in 2021, agus cuireann sé seirbhísí sláinte agus folláine agus tionscnaimh forbartha pobail ar fáil i 19 limistéar pobail ar fud na hÉireann ina bhfuil éagothroime sláinte le sonrú go mór.
Agus é ag tabhairt fáilte roimh fhoilseachán na tuarascála, dúirt an tAire Donnelly:
“Is é an uaillmhian atá againn mar Rialtas ná gach rud is féidir linn a dhéanamh chun sláinte agus folláine an phobail a fheabhsú, agus déantar é sin, le Comhphobail Shláintiúla Sláintecare, trí chumhacht a thabhairt dóibh siúd is imeallaithe a gcuid spriocanna sláinte agus folláine féin a bhaint amach.
“Tá níos mó i gceist le dea-shláinte agus folláine an phobail ná díreach seirbhísí sláinte a sholáthar. Is féidir leis na coinníollacha ina rugamar, ina bhfásaimid, ina n-oibrímid, ina mairimid agus ina dtéimid in aois, tionchar níos mó a imirt ar ár sláinte ná ar roghanna cúram sláinte nó ár stíl maireachtála. Chun aghaidh a thabhairt ar na deitéarmanaint shóisialta seo i ndáil leis an tsláinte, glactar le cur chuige cúrsa saoil agus áit-bhunaithe i gClár um Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare ina gcruthaítear na fachtóirí seo, agus pobail a thógáil inar féidir le daoine dul faoi bhláth.”
Glacann Comhphobail Shláintiúla Sláintecare cur chuige fianaise-bhunaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais áitiúla, ag tógáil ar na cláir sláinte agus folláine atá ann cheana féin. Is é an Roinn Sláinte a thugann ceannaireacht don Chlár agus is iad na hÚdaráis Áitiúla, FSS agus raon leathan comhpháirtithe pobail a chuireann i bhfeidhm é ar an leibhéal áitiúil. Cruthaíonn an Clár ardán ar ar bhféadfaidh gníomhaireachtaí agus ranna rialtais iolracha oibriú le chéile chun sláinte agus folláine fadtéarmach na bpobal a fheabhsú.
Luaigh an tAire Stáit Hildegarde Naughton:
“Is é an rud is tábhachtaí le rathúlacht Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare go dtí seo ná an cur chuige comhoibríoch agus áit-bhunaithe, a sheachadtar trí oibriú trí struchtúir na n-údarás áitiúil agus pobail atá ann cheana féin. Tá na caidrimh is gá ag na comhpháirtithe áitiúla agus tá muinín an phobail acu freisin, agus bíonn a fhios acu níos fearr ná aon duine eile céard iad láidreachtaí a bpobal féin, chomh maith leis na dúshláin atá le tabhairt acu. Le Clár um Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare , soláthraítear an sásra don údarás áitiúil, don FSS agus do chomhpháirtíochtaí áitiúla chun oibriú le chéile.
“Sa Tuarascáil Dhul Chun Cinn seo, léirítear an chaoi ar féidir leis an gcur chuige trasearnála agus áit-bhunaithe seo tacú go héifeachtach le seachadadh cuspóirí beartais Sláintecare agus feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine ár bpobal.”
Leagtar amach gnóthachtálacha an Chláir in 2022 sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare. Tá grúpa lárnach seirbhísí cur chun cinn sláinte bunaithe i ngach ceantar, lena n-áirítear seirbhísí um Éirí as Caitheamh Tobac, cláir thuismitheoireachta, agus cláir chócaireachta shláintiúla. Tá raon tionscnamh feabhsaithe áitiúla tugtha chun críche freisin, mar shampla Páirc an Phobail i mBaile Formaid a chlaochlú ó spás glas folamh go páirc álainn le spásanna cruinnithe agus léirithe, paiste glasraí, tearmann beacha agus spás margaidh, agus an Mol Pobail Le Chéile i Muinchille, an Cabhán, a fhorbairt, áit a bhfuil iarfhoirgneamh bainc tiontaithe ina spás pobail luachmhar. Trí na tionscnaimh forbartha pobail seo, tá sé mar aidhm ag Clár um Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare an neamhionannais sláinte in Éirinn a laghdú, agus pobail shláintiúla a chruthú inar féidir le gach duine dul faoi bhláth.
Dúirt an Príomhoifigeach Míochaine, an tOllamh Breda Smyth:
“Tá tionchar ag an neamhionannas sláinte ar an ionchas saoil, ar an riosca madair le galair ainsealacha agus ar shláinte ghinearálta an duine. Is eol dúinn go léir nach aon tsaincheist amháin is cúis leis an éagothroime sláinte ach meascán casta de thosca comhshaoil agus sóisialta. Teastaíonn cur chuige comhtháite chun dul i ngleic le fadhbanna casta.
“Cé gurb é an Roinn Sláinte a thugann ceannaireacht don chlár, is iad na húdaráis áitiúla, FSS agus raon leathan comhpháirtithe pobail a chuireann i bhfeidhm é ar an leibhéal áitiúil. “Is éard atá i gceist leis an gClár um Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare nó an saothar i gcomhar le chéile chun sláinte agus folláine na bpobal is mó atá faoi mhíbhuntáiste in Éirinn a fheabhsú go fadtéarmach.”
Tá Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare, 2022 ar fáil anseo.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Comhphobail Shláintiúla Sláintecare
Is tionscnamh tras-Rialtais é Comhphobail Shláintiúla Sláintecare a bhfuil sé de chuspóir aige seirbhísí sláinte agus folláine méadaithe a sholáthar do 19 limistéar pobail ar fud na hÉireann. Tá an clár seo á sholáthar go háitiúil i gcomhpháirtíocht le FSS, údaráis áitiúla, agus grúpaí reachtúla, deonacha agus pobail chomh maith leis an bpobal áitiúil. Tá poist nua maoinithe ag an gclár lena n-áirítear baill foirne atá ag obair ag leibhéal an phobail laistigh de na húdaráis áitiúla agus FSS chun teagmháil a dhéanamh le seirbhísí don phobal, agus chun tacú leo agus iad a chomhordú ar bhealach éifeachtach.
Ní amháin sláinte fhisiciúil agus mheabhrach na ndaoine a chónaíonn i gComhphobail Shláintiúla Sláintecare atá á tacú le clár Chomhphobail Shláintiúla Sláintecare; tacóidh sé freisin le feabhas a chur ar chinntigh níos leithne na sláinte mar shampla an t-oideachas, an tacaíocht shóisialta agus an timpeallacht thógtha.
Chun a chinntiú go bhfuil rochtain ag na 19 limistéar ar an gclár feabhsaithe sláinte agus folláine iomlán, tá croíghrúpa seirbhísí bunaithe agus á bhfeidhmiú ag FSS. Áirítear ar na seirbhísí seo Comhairleoirí um Éirí As Caitheamh Tobac, seirbhísí QUIT smoking, Cláir Tuismitheoireachta, Healthy Food Made Easy, Oideasú Sóisialta, agus Make Every Contact Count (MECC). Mar gheall ar rochtain níos fearr ar an raon seirbhísí seo, éascófar iompraíochtaí stíl maireachtála níos sláintiúla a fheabhsú agus a chur chun cinn leis an aidhm tacú le folláine an phobail.
Is réimsí den Chlár um an Ionchuimsiú Sóisialta agus an nGníomhachtú Pobail (SICAP) iad na 19 bpobal sláintiúil agus d’oibrigh an Roinn Sláinte in éineacht le hAonad Faisnéise Sláinte FSS lena saineolas i bhforbairt Health Atlas Ireland agus na pobail á roghnú acu. Clúdaítear 14 údarás áitiúil leis na 19 pobal ar meascán de cheantair uirbeacha agus tuaithe iad.
Is iad seo a leanas na 19 bpobal a roghnaíodh:
- Baile Átha Luain agus an Muileann gCearr (An Iarmhí)
- Baile Átha Í (Cill Dara)
- Baile Munna (Baile Átha Cliath)
- Bré (Cill Mhantáin)
- Baile agus Contae an Chabháin (An Cabhán)
- Gort na Silíní (Baile Átha Cliath)
- Cluain Dolcáin (Baile Átha Cliath)
- Cluain Meala (Tiobraid Árann)
- Inis Córthaidh & Baile Loch Garman (Loch Garman)
- Fionnghlas agus an Chabrach (Baile Átha Cliath)
- An Ghaeltacht (Dún na nGall)
- Inis Eoghain (Dún na nGall)
- An Chill Mhór agus Coill an Phrióra (Baile Átha Cliath)
- Cathair Luimnigh (Luimneach)
- Baile an Longfoirt (An Longfort)
- Cathair Chorcaí Thuaidh (Corcaigh)
- Tamhlacht (Baile Átha Cliath)
- Cathair Phort Láirge (Port Láirge)
- Maigh Eo Thiar (Maigh Eo)
Maoiniú
Tá buiséad de €13 milliún in aghaidh na bliana ag an gClár. Tá sé seo á úsáid chun seirbhísí sláinte agus folláine a sholáthar trí fhoirne pobalbhunaithe atá fostaithe ag FSS, agus trí Chuideachtaí Forbartha Áitiúla agus Ionaid Acmhainní Teaghlaigh (FRCanna). Chomh maith leis na tacaíochtaí sláinte seo, tá Comhaontuithe Leibhéal Seirbhíse curtha i bhfeidhm ag an Roinn Sláinte (DOH) le gach ceann de na 14 Údarás Áitiúil ina bhfuil na pobail lonnaithe chun Oifigeach Forbartha Áitiúla a fhostú, le Síol-Mhaoiniú chun tionscnaimh a chur i bhfeidhm a thabharfaidh aghaidh ar roinnt de chinntithigh shóisialta na sláinte.
Chun an Clár a bhunú, leithdháileadh Ciste Feabhsúcháin aonuaire €250,000 ar gach ceann de na 19 limistéar SHC, trí na hÚdaráis Áitiúla, chun tacú le feabhsúcháin ar an timpeallacht thógtha. Shainaithin Údaráis Áitiúla tionscadail a d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith acu ar shláinte agus ar fholláine daoine sa phobal agus luach breise a chur ar fáil ó thaobh chinntithigh sóisialta na sláinte.
Leithdháileadh an Ciste Síol-Mhaoinithe breise de €75,000 ar gach limistéar SHC in 2022, trí na hÚdaráis Áitiúla, chun tacú le hobair an Oifigigh Forbartha Áitiúla agus chun tionscadail a mhaoiniú is tionscadail arna sainaithint ag an bpobal a thacóidh le sláinte agus folláine. Déanann an tOifigeach Forbartha Áitiúla maoirsiú ar chaiteachas an Chiste Feabhsúcháin agus an Chiste Síol-Mhaoinithe araon.