Fógraíonn an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach torthaí Shuirbhé Éire Shláintiúil 2024
- Foilsithe: 3 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Mary Horgan, torthaí Shuirbhé Éire Shláintiúil 2024 inniu. Le tacaíocht ón Roinn Sláinte, tugann an suirbhé bliantúil ó Ipsos B&A léargas cothrom le dáta ar shláinte an náisiúin, ag tuairisciú ar go leor iompar stíl mhaireachtála a bhaineann le cúrsaí sláinte.
Ghlac beagnach 7,400 duine os cionn 15 bliana d'aois páirt sa suirbhé, ar raon téamaí lena n-áirítear sláinte ghinearálta, caitheamh tobac, vápáil, ól alcóil, meabhairshláinte, feasacht ar fhéinmharú, úsáid seirbhíse dochtúirí teaghlaigh, cothú, gníomhaíocht choirp agus freagrachtaí cúraim. I mbliana, den chéad uair riamh, rinneadh meastóireacht sa tuarascáil ar thionchar COVID Fada ar an daonra.
I measc na mbuaicphointí tá na gnéithe seo a leanas:
- Tuairiscíonn 81% go bhfuil a sláinte ghinearálta 'go maith' nó 'an-mhaith'
- Measann 86% go bhfuil a gcaighdeán beatha go maith nó an-mhaith, agus tá laghdú tagtha ar líon na ndaoine a thuairiscíonn fadhb mheabhairshláinte dhóchúil
- Tá méadú tagtha ar rátaí d’úsáid seirbhíse dochtúirí teaghlaigh
- Fanann rátaí caitheamh tobac agus vápála cobhsaí den chuid is mó
Cé go bhfuil na treochtaí i Suirbhé 2024 dearfach tríd is tríd, leag sé béim freisin ar réimsí imní lena n-áirítear méadú ar líon na ndaoine a bhíonn ag ól an iomarca, laghdú ar líon na ndaoine a chomhlíonann treoirlínte maidir le gníomhaíocht choirp agus laghdú ar líon na ndaoine a itheann na cúig chuid molta de thorthaí agus glasraí gach lá.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Mary Horgan:
"Tugann na sonraí a bhailímid sa Suirbhé Éire Shláintiúil léargas ríthábhachtach ar staid shláinte agus fholláine an phobail. Is acmhainn ríthábhachtach í a ligeann dúinn monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí, rioscaí a aithint agus freagairt go cuí trí bheartais láidre ionas gur féidir linn tacú le daoine a bheith níos sláintiúla. Ar an iomlán, is ábhar misnigh iad na treochtaí i Suirbhé 2024, go háirithe na huimhreacha a thuairiscíonn dea-shláinte agus dea-chaighdeán maireachtála."
Fuarthas amach i Suirbhé 2024 go gcaitheann 17% den daonra tobac faoi láthair, de réir an 18% a taifeadadh in 2023 ar an iomlán, agus ag leanúint leis an treocht laghdaithe ón 23% a tuairiscíodh in 2015.
Cé go bhfuil na rátaí de dhaoine ag caitheamh tobac fós is airde i measc an aoisghrúpa 25 go 34 ag 20%, tá siad anois go mór faoi bhun an 32% a taifeadadh in 2015. Níl aon athrú ar an sciar den daonra a úsáideann toitíní leictreonacha ó anuraidh ag 8%.
Tá tomhaltas alcóil, le 12 mí anuas, ardaithe ó 70% go 73% ach tá sé fós níos ísle ná an 75% a tuairiscíodh in 2018. Tá méadú tagtha freisin ar líon na ndaoine a ólann an iomarca (ag ól sé ghnáthdheoch nó níos mó ar ghnáthsheisiún óil), ag ardú ó 24% in 2023 go 28%.
Ní thuairiscíonn ach 41% de dhaoine go gcomhlíonann siad na treoirlínte náisiúnta maidir le bheith gníomhach le haghaidh 150 nóiméad sa tseachtain ar a laghad, laghdú ón 46% a taifeadadh in 2019. Níl siúl san áireamh sa ríomh sin, áfach, agus tuairiscíonn níos mó ná 60% de dhaoine go bhfuil siad ag siúl ar feadh 10 nóiméad nó níos mó, cúig lá sa tseachtain ar a laghad.
Léirigh na torthaí freisin ardú ar líon na ndaoine a thuairiscigh go raibh deochanna siúcra-mhilsithe á n-ól acu uair sa tseachtain ar a laghad (32% i mbliana i gcomparáid leis an 29% a taifeadadh in 2019). Bhí laghdú beag ar líon na ndaoine a itheann torthaí agus glasraí gach lá, agus ní itheann ach 28% den daonra na cúig chuid nó níos mó de thorthaí agus glasraí in aghaidh an lae anois, laghdú ó 34% in 2019.
Ag labhairt di faoi na torthaí sin, dúirt an tOllamh Horgan:
"Athdhearbhaíonn na léargais seo an gá atá le reachtaíocht láidir a thacaíonn le daoine cloí le hiompar stíl mhaireachtála níos sláintiúla.
"Tá dul chun cinn maith déanta againn le blianta beaga anuas, le bearta shuntasacha lena n-áirítear an Bille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac & Táirgí Ionanálaithe Nicitín), agus an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 a bhfuil sé mar aidhm acu dochar a bhaineann le halcól agus nicitín a laghdú.
"Leagann na táscairí maidir le haiste bia béim ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht bia níos sláintiúla a chruthú, gné atá mar aidhm ag feachtas nua Safefood. Tacaíonn an roinn freisin le roinnt tionscnamh atá deartha chun gníomhaíocht choirp mhéadaithe a spreagadh do dhaoine de gach aois agus cumas. Leagfar amach ár gcéad chéimeanna eile sa réimse seo sa Chreat Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp nua atá le teacht."
Taifeadadh i Suirbhé 2024 feabhsuithe beaga ar an meánscór dearfach um innéacs fuinnimh agus beogachta meabhairshláinte (EVI), agus laghdú beag ar líon na ndaoine a thuairiscigh fadhb dhóchúil mheabhairshláinte (laghdaithe go 12% ón 15% a taifeadadh ag buaic na paindéime in 2021).
I mbliana, den chéad uair, áiríodh sa suirbhé modúl ar thionchar COVID-19 agus COVID Fada, a shainmhínítear mar shiomptóim COVID-19 a leanann ar aghaidh ar feadh ceithre seachtaine nó níos faide ó thus an ionfhabhtaithe. Thuairiscigh 7% de na freagróirí go raibh siomptóim COVID Fada orthu ag am éigin, agus fuair 3% diagnóis COVID Fada óna ndochtúir.
Tá líon na ndaoine atá ina gcúramóirí ag ardú i gcónaí, méadú ó 9% in 2015 agus 12% in 2023 go 14% in 2024. Is mó seans go mbeidh tinneas nó fadhb sláinte ag cúramóirí le fada an lá, ag 44% i gcomparáid le 36% díobh siúd nach cúramóirí iad.
Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a thug cuairt ar dhochtúir teaghlaigh gach bliain ó 2021 i leith. Tá líon na gcuairteanna ag an leibhéal is airde anois ó tuairiscíodh den chéad uair iad in 2015. Tuairiscíonn 79% gur thug siad cuairt ar dhochtúir teaghlaigh laistigh de 12 mí anuas, le 4.4 chuairt ar an meán tugtha in aghaidh an duine.
Dúirt an tOllamh Horgan:
"Is ábhar misnigh dom an feabhas leanúnach de réir a chéile a fheiceáil, atá tagtha ar thomhais mheabhairshláinte ó cuireadh srianta paindéime i bhfeidhm in 2021. Leithdháileadh maoiniú beagnach €1.5 billiún ar sheirbhísí meabhairshláinte do 2025, rud a chabhraíonn le béim a chur ar mheabhairshláinte leanaí agus óige chomh maith le tionscnaimh meabhairshláinte agus luath-idirghabhála a chur chun cinn.
"Leanann ár seirbhís sláinte ag freagairt do na dúshláin iomadúla a bhaineann leis an bpaindéim, le cur i bhfeidhm den tSamhail Eatramhach Cúraim do COVID Fada, chomh maith le sé chlinic iar-ghéarmhíochaine, ospidéal-bhunaithe.
"Tá cuairteanna chuig an dochtúir teaghlaigh ag an leibhéal is airde anois ó 2015, rud a léiríonn éileamh méadaithe ar sheirbhísí sláinte ó dhaonra atá ag fás agus ag dul in aois. Leathnaíodh incháilitheacht do Chártaí Cuairte DG, agus tá méadú ag teacht ar líon na ndochtúirí teaghlaigh, chomh maith le háiteanna oiliúna dóibh. Tá na tionscnaimh seo agus tionscnaimh eile ag cabhrú le rochtain ar chúram sláinte inacmhainne ar ardchaighdeán a mhéadú agus a fheabhsú, i gcomhréir le fís Sláintecare."
Nótaí
Craoladh torthaí an tsuirbhé Éire Shláintiúil 2024 ar chainéal YouTube na Roinne Sláinte.
Tá suirbhé iomlán Éire Shláintiúil 2024 agus an achoimre de ar fáil ag Item was unpublished or removed
Is é seo an naoú sraith torthaí ón Suirbhé Éire Shláintiúil agus cuireann sé leis na sonraí a bailíodh sna suirbhéanna roimhe seo a foilsíodh ó 2015 - 2023.
Maidir le Suirbhé 2024, cuireadh agallamh ar shampla ionadaíoch de 7,398 duine, 15 bliana d'aois agus níos sine agus a bhfuil cónaí orthu in Éirinn idir Deireadh Fómhair 2023 agus Aibreán 2024.