Fógraíonn an tAire Butler agus an tAire Collins €3.2 milliún do Chlár Nua Altranais Geirinteolaíochta Iarchéime
- Foilsithe: 25 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cuirfidh Clár nua tacaíocht Stáit ar fáil do bhreis agus 440 altra cláraithe i dtithe altranais príobháideacha chun Dioplóma Iarchéime in Altranas Geirinteolaíochta a bhaint amnach
- Beidh an Clár á bhainistiú ag Leading Healthcare Providers (LHP) Skillnet thar ceann na Roinne Sláinte
D'fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler agus an tAire Scileanna agus Breisoideachais, Niall Collins maoiniú €3.2 milliún chun tacú le haltraí cláraithe i dtithe altranais príobháideacha le Dioplóma Iarchéime in Altranas Geirinteolaíochta a bhaint amach.
Forbraíodh an clár maoinithe nua seo mar fhreagairt ar mholtaí i dtuarascáil den Phainéal Saineolaithe Tithe Altranais COVID-19.
- Cuirfear an leithdháileadh maoinithe ar fáil thar dhá bhliain agus cuirfear áiteanna maoinithe ar fáil sna blianta acadúla 2024/2025 agus 2025/2026.
- Tabharfar cuireadh do gach teach altranais príobháideach iarratas a dhéanamh ar shocrúchán do Cháilíocht Altranais Geirinteolaíochta QQI Leibhéal 9 le linn na tréimhse seo.
- Cuireadh maoiniú d'oiliúint den chineál céanna ar fáil d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in 2022, a cheadaigh d'altra amháin i ngach teach altranais deonach agus de chuid an FSS an cháilíocht a bhaint amach.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá an Rialtas tiomanta i gcónaí do gach gné de sheirbhísí a fhorbairt do dhaoine aosta. Tosaíocht lárnach is ea rochtain ar oideachas a fheabhsú a chuirfidh le caighdeán an chúraim a chuirtear ar fáil do chónaitheoirí i dtithe altranais.
“Tacóidh cáilíocht iarchéime in altranas geirinteolaíochta tuilleadh leis an saineolas altranais atá ar fáil i dtithe altranais príobháideacha. Gheobhaidh altraí a ghlacann páirt sna cláir seo saineolas breise ar altranas geirinteolaíochta, rud a éascóidh freagairt thráthúil ar riachtanais athraitheacha sa réimse speisialaithe seo. Tacóidh sé freisin le forbairt ghairmiúil agus dul chun cinn gairme, rud a chabhróidh le feabhas a chur ar earcaíocht agus coinneáil san earnáil.
“Foráiltear leis an gclár seo do mhéadú féideartha de bhreis agus 550 altra cláraithe a bhfuil Cáilíocht Altranais Geirinteolaíochta acu ó 2021. Chríochnaigh os cionn 110 Altra Cláraithe san FSS agus san earnáil dheonach an oiliúint seo in 2022 agus maoineofar os cionn 440 altra cláraithe i dtithe altranais príobháideacha chun an cháilíocht sin a bhaint amach as seo go ceann dhá bhliain.
“Tá an-áthas ar an Roinn Sláinte a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le Skillnet Ireland agus LHP Skillnet agus mholfainn do gach teach altranais an deis seo a thapú."
Is iad na Leading Healthcare Providers (LHP) Skillnet a bhainisteoidh an Clár thar ceann na Roinne Sláinte.
Dúirt an tAire Collins:
"Is iontach an rud é Skillnet Ireland agus an Roinn Sláinte a fheiceáil ag obair le chéile chun tacú le haltraí cláraithe atá ag obair le daoine aosta inár dtithe altranais príobháideacha. Tacóidh an clár seo le breis agus 440 altra i dtithe altranais príobháideacha scilbhisiú a bhaint amach agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna maidir le cúram a thabhairt do dhaoine aosta i dtithe altranais."
Nótaí
Na Chéad Chéimeanna Eile
- Eiseofar glao chuig Institiúidí Ardoideachais (HEIs) an tseachtain seo trí ríomhthairiscintí.
- Beidh LHP Skillnet ag óstáil cúpla seimineár gréasáin eolais do thithe altranais, do ghrúpaí ionadaíocha agus beidh siad i láthair ag comhdhálacha Alliance agus Céile Care i mí Feabhra agus i mí an Mhárta. Is féidir sonraí na n-imeachtaí sin a fháil ag www.lhpskillnet.ie.
- Foilseofar agus scaipfear sonraí iomlána na n-institiúidí ardoideachais rannpháirteacha go léir chuig gach teach altranais incháilithe faoi lár mhí Aibreáin le sonraí iomlána faoi gach cúrsa.
- Osclófar iarratais roimh dheireadh mhí Aibreáin.
- Do gach fiosrúchán, seol ríomhphost chuig helen@lhpskillnet.ie nó glaoigh ar (01) 218 7698.
Leading Healthcare Providers (LHP) Skillnet
- Is eagraíocht neamhbhrabúis í Leading Healthcare Providers (LHP) Skillnet atá á cómhaoiniú ag Skillnet Ireland agus a ballchuideachtaí a chuireann maoiniú agus oiliúint ar fáil do thithe altranais príobháideacha
- Bunaithe in Eanáir 2008, is eagraíocht neamhbhrabúis í LHP Skillnet, faoi theorainn ráthaíochta, a bhí cómhaoinithe ag Skillnet Ireland agus ballchuideachtaí. Is as an earnáil phríobháideach cúraim sláinte iad na ballchuideachtaí, le tithe altranais, soláthraithe cúram baile, ospidéil agus gnólachtaí cúraim phríomhúil ina measc.
Skillnet Ireland
- Is é Skillnet Ireland an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha tallainne de chuid Rialtas na hÉireann, atá freagrach as iomaíochas, táirgiúlacht agus nuálaíocht ghnólachtaí na hÉireann a chur chun cinn trí fhorbairt tallainne faoi stiúir fiontair. Téann Skillnet Ireland i gcomhpháirtíocht le 57 comhlacht tionscail, ag tacú le breis agus 24,700 gnó agus níos mó ná 92,400 oiliúnaí gach bliain, trína 70 Líonra Gnó Skillnet ar fud fhormhór na n-earnálacha agus na réigiún go léir in Éirinn.
- Tá Skillnet Ireland maoinithe ag an gCiste Náisiúnta Oiliúna tríd an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.