English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Butler faomhadh de €35.34 milliún chun Aonad Altranais Pobail a sheachadadh sa Chlochán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Lúnasa 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Thug an tAire Stáit don Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Aosta, Mary Butler TD, cuairt inniu ar áiseanna FSS éagsúla i dTuaisceart Chonamara agus d'aithin sí an dul chun cinn suntasach déanta i bhforbairt ar Aonad Altranais Pobail (AAP) FSS nua sa Clochán, Co. na Gaillimhe. Tá sé i gceist go mbeidh Aonad Altranais Pobail FSS nua ar suíomh Naomh Áine a dhéanfaidh malgamú ar na seirbhísí cónaithe a chuirtear ar fáil faoi láthair in Ospidéal an Chlocháin agus AAP Naomh Áine.

Éascóidh an foirgneamh nua soláthrú a dhéanamh ar chúram fadtéarmach (ar fáil faoi láthair ó AAP Naomh Áine) chomh maith le téarnamh agus cúram íoschéimneach (ar fáil faoi láthair ó Ospidéal an Chlocháin) ar aon suíomh amháin in áis úrscothach.

San AAP nua sa Chlochán, beidh 40 leaba ar fad le 20 leaba fadchónaithe, 10 leaba dírithe ar néaltrú agus 10 leaba gearrchónaithe don fhaoiseamh agus don chúram íoschéimneach go léir san áireamh.

Chuir an tAire Butler fáilte roimh an dul chun cinn ar sheachadadh an AAP, dúirt sí:

"Táim an-sásta an dul chun cinn a fheiceáil ar an bhforbairt ar an Aonad Altranais Pobail seo, atá a fhios agam go bhfáilteoidh an pobal áitiúil go mór.

Ar fud na tíre, tá ról tábhachtach ag ár Aonaid Altranais Pobail i dtaobh cúram fadtéarmach a sholáthar. Tá sé riachtanach go leanfar leis an infheistíocht phoiblí sa bhonneagar seo ar leibhéal a thacaíonn le cúram den chaighde an is airde. Tugadh faomhadh de €35.34m do Chúram Sláinte Phobail, Iarthar, i gClár

Caipitil 2023 an FSS don fhorbairt tábhachtach seo. De réir an FSS, tá foireann deartha aimsithe agus tá dearadh i mbéal forbartha acu le sprioc cead pleanála a fháil faoi Mhí Dheireadh Fómhair. "


Nótaí

Luat sa bhliain 2016, chuir an FSS tús le Clár na n-Aonaid Altranais Pobail chun 90 aonad altranais pobail a athsholáthrú agus a fheabhsú. Tá an AAP nua sa Chlochán san áireamh sa chlár.