Fógraíonn an tAire Butler méaduithe breise ar mhaoiniú do mheabhairshláinte agus do dhaoine scothaosta i mBuiséad 2024
- Foilsithe: 12 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler T.D. maoiniú méadaithe do dhaoine scothaosta agus do sheirbhísí meabhairshláinte i mBuiséad 2024.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá breis is €2.6 billiún faighte agam i mbliana chun seirbhísí do dhaoine scothaosta a fheabhsú tuilleadh i mBuiséad 2024. Áirítear leis seo breis is €45 milliún de mhaoiniú breise i dtithe altranais chun seirbhísí a chothabháil agus chun arduithe boilscithe a bhainistiú tríd an Scéim Tacaíochta Tithe Altranais. Tá áthas orm freisin a fhógairt go bhfuil ciste tiomnaithe nua €10 milliún bunaithe chun tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha le bearta rialacháin agus comhlíonta HIQA. Tá obair á dhéanamh ar na mionsonraí seo faoi láthair.
“Tá ról ríthábhachtach ag seirbhísí pobail maidir le cuidiú le daoine scothaosta a choinneáil slán, amach as an ospidéal agus ag maireachtáil ina dtithe agus ina bpobail féin ar feadh tréimhse níos faide. Feicfear €3.7 milliún breise i mBuiséad 2024 in 2024 do Sheirbhísí Lae agus do Bhéilí ar Rothaí ar fud na tíre.
“Leanann sé de bheith ina thosaíocht dom seirbhísí feabhsaithe a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus tá áthas orm a fhógairt go bhfuil íosmhéid 18% de na huaireanta tacaíochta baile nua ar fad imfhálaithe do dhaoine ar a bhfuil néaltrú orthu. Tá leithdháileadh nua de €300,000 faighte agam freisin do chlubanna gníomhaíochta deireadh seachtaine do dhaoine ar a bhfuil néaltrú a thosaíonn go luath, a sholáthraíonn gníomhaíocht shóisialta agus tacaíocht piaraí, chomh maith le hacmhainní ríthábhachtacha do chúramóirí teaghlaigh.”
Ag labhairt dó maidir le tionscnaimh nua eile a fhorbairt chun tacú le daoine scothaosta go náisiúnta sa bhliain amach romhainn, dúirt an tAire Butler:
“Sa Chlár don Rialtas thugamar gealltanas coimisiún a bhunú ar chúram do dhaoine scothaosta. Tá €1.2 milliún faighte agam chun tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo, a chuirfear ar bun go luath an bhliain seo chugainn.”
I measc an mhaoinithe eile a fógraíodh tá méadú €4.6 milliún i soláthar maoiniú cúram idirthréimhseach in 2024 chun a chinntiú go bhfaigheann daoine scothaosta an cúram atá de dhíth orthu agus iad ag fágáil an ospidéil.
Ina theannta sin, i mBuiséad 2024 tá bliain eile den mhaoiniú is airde riamh do mheabhairshláinte 2024.
Dúirt an tAire Butler:
“Feictear méadú ar mhaoiniú do sheirbhísí meabhairshláinte i mBuiséad 2024 ag tabhairt an bhuiséid go beagnach €1.3 billiún: is leibhéal maoinithe is airde riamh é seo agus méadú don cheathrú bliain as a chéile.
“Ceadóidh an maoiniú a fuarthas inniu d’earcaíocht bhreise do CAMHS, rud a chuideoidh le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí, éifeachtúlachtaí a thiomáint agus liostaí feithimh a laghdú. Is é an rud is tábhachtaí ná go ndíreofar poist ar na ceantair ina bhfuil an t-éileamh is mó.
“Tacóidh an fhoireann bhreise do CAMHS le cur i bhfeidhm mholtaí na bpríomhthuarascálacha agus na n-iniúchtaí a chonacthas sa tír seo le dhá bhliain anuas. Déanfar tuilleadh forbartha freisin ar shainseirbhísí meabhairshláinte dírithe ar an óige.”
Ag labhairt dó maidir le haip meabhairshláinte nua a fhorbairt do dhaoine óga, dúirt an tAire Buter:
“Tá a fhios againn go dtugann daoine óga aghaidh ar sheirbhísí ar bhealach difriúil agus gur mó an seans go rachaidh siad i ngleic le tacaíochtaí agus faisnéis dhigiteach nó ar líne. Cabhróidh an aip seo le daoine óga a threorú chuig na seirbhísí a theastaíonn uathu, nuair a bhíonn siad de dhíth orthu.
“I mo ról mar Aire buailim le go leor daoine óga, lena dtuismitheoirí agus lena gcaomhnóirí, agus cloisim faoi na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann agus mé á atreorú chuig an tseirbhís cheart.
“Cuireann Buiséad 2024 maoiniú ar fáil freisin chun meicníocht nua atreoraithe lárnach a fhorbairt agus a sholáthar do sheirbhísí do leanaí – ar a dtugtar cur chuige ‘Gach Doras Ceart’ uaireanta – a bhunófar ar bhonn píolótach laistigh den FSS. Cuirfidh an mheicníocht atreoraithe seo ar chumas an FSS atreoruithe chuig sainseirbhísí a thriaisteáil go cuí, lena n-áirítear CAMHS, lena chinntiú nach mbeidh aon leanbh ar an liosta feithimh mícheart don chúram atá de dhíth orthu agus atá tuillte acu. Is príomhthosaíocht dom an tsamhail seo.”
I measc na dtionscnamh eile a fógraíodh tá feabhsuithe ar sheirbhísí um fhéinmharú a chosc, tríd an tSeirbhís Idirchaidrimh Méala Féinmharaithe a leathnú; agus an tSeirbhís Chomhairleoireachta don Lucht Siúil, a mbeidh clúdach náisiúnta aige den chéad uair
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Fáiltím roimh na deiseanna atá sa Bhuiséad seo, agus táim ag tnúth le bheith ag obair le hoifigigh i mo Roinn agus i FSS chun na tosaíochtaí tábhachtacha polasaí agus seirbhíse a chur chun cinn.”
CRÍOCH