English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Daoine Scothaosta €10 milliún de thacaíochtaí breise do thithe altranais príobháideacha agus deonacha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Cuideoidh €10 milliún den Scéim um Uasghrádú d’Áitribh Chónaithe na dTithe Altranais (RPU) nua le tithe altranais a n-áitribh a fheabhsú agus a uasghrádú agus chun cabhrú le comhlíonadh na rialachán.
  • Tá an Scéim RPU oscailte anois d'iarratais – spriocdháta 14 Samhain 2025.
  • Tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha atá incháilithe faoin scéim.
  • Is féidir éilimh a dhéanamh le haghaidh oibreacha incháilithe a rinneadh idir an 1 Eanáir 2024 agus an 14 Samhain 2025.

D'oscail an tAire Stáit do Dhaoine Scothaosta agus Thithíocht, Kieran O'Donnell T.D., an Scéim um Uasghrádú d’Áitribh Chónaithe na dTithe Altranais (RPU) d’iarratais. Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha le feabhas a chur ar áitreabh na dtithe altranais chun freastal ar riachtanais na gcónaitheoirí.

Beidh suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe d’oibreacha struchtúrtha chun comhlíonadh a fheabhsú le Rialachán 17 de SI Uimh 415/2013, Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Tacaíocht do Chónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta) Rialacháin 2013 (leasaithe).

Is féidir le tithe altranais costais a éileamh le haghaidh oibreacha a rinneadh an bhliain seo idir an 1 Eanáir agus 14 Samhain 2025, chomh maith le haghaidh oibreacha a rinneadh roimhe seo le linn 2024, idir an 1 Eanáir 2024 agus an 31 Nollaig 2024 a chomhlíonann critéir na scéime.

Dúirt an tAire O’Donnell:

"Tar éis gur éirigh go maith leis an Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais anuraidh, tá áthas orm a fhógairt gur fuarthas maoiniú i mBuiséad 2025 don Scéim um Uasghrádú d’Áitribh Chónaithe na dTithe Altranais €10 milliún nua seo, agus impím ar gach teach altranais atá incháilithe iarratas a dhéanamh.

"Tá sé mar aidhm ag an scéim tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha chun feabhas a chur ar a n-áitreabh tithe altranais agus chun comhlíonadh na rialachán a chinntiú.

"Tuigim go mbíonn oibreacha, a dhéantar chun comhlíonadh a chinntiú, costasach do thithe altranais, go háirithe do thithe altranais níos lú, deonacha agus níos sine. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo cuid den bhrú airgeadais seo a mhaolú agus suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais cáilitheach le haghaidh oibreacha incháilithe.

“I gcónaí, cuirim béim ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine scothaosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fadtéarmach na caighdeáin is fearr is féidir.”

Tá sonraí na scéime, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin FSS agus an NTPF .


Nótaí:

  • Déanann an Roinn Sláinte maoirsiú ar an scéim agus tugann sí tuairisc don Aire O’Donnell faoi oibriú na scéime.
  • Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an scéim a riaradh agus déanann an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an próiseas iarratais a riar agus tacaíocht agus comhairle a sholáthar don FSS.
  • Déantar íocaíochtaí gach ráithe.
  • Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh, an 14 Samhain 2025.