English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donnelly ceapachán an Ollaimh Breda Smyth mar Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2022

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD go bhfuil an tOllamh Breda Smyth le ceapadh mar Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte. Rinneadh an ceapachán tar éis comórtais oscailte a reáchtáladh trí phróiseas an Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC).

Tá an tOllamh Smyth ina Phríomhoifigeach Leighis eatramhach sa Roinn ó mhí Iúil na bliana seo. Tá taithí leathan chliniciúil aici agus tá speisialtóireacht déanta aici i sláinte phoiblí le 16 bliana anuas agus bhí sí ina hOllamh le Míochaine Sláinte Poiblí in OÉ Gaillimh agus ina Comhairleoir le Sláinte Phoiblí in FSS an Iarthair.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá áthas orm roghnú an Ollaimh Breda Smyth a fhógairt lena ceapadh mar Phríomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte. Beidh taithí shuntasach an Ollaimh Smyth, a sárchumas ceannaireachta agus a scileanna fairsinge sláinte poiblí ina shócmhainn luachmhar don Roinn agus tá áthas orm tógáil ar an obair iontach atá déanta ag Breda agus í ina Príomhoifigeach Leighis eatramhach le cúpla mí anuas.

“Chuir an phaindéim béim athnuaite ar thábhacht na sláinte poiblí inár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus táim ag súil go mór le bheith ag obair le Breda agus muid ag tógáil ar an obair thábhachtach seo agus leanúint orainn ag éascú rochtain mhéadaithe ar an tseirbhís sláinte, agus ar cháilíocht na seirbhíse sin."

Dúirt an tOllamh Smyth:

“Is lá an-bhródúil é seo dom féin agus do mo theaghlach. Tá áthas orm glacadh leis an ról seo agus táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte, agus ar fud ár seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta chun sláinte phoiblí agus sláinte agus folláine dhaonra na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint.

“Tá príomhról ag an bPríomhoifigeach Leighis maidir le tionscnaimh thras-rialtais amhail Éire Shláintiúil agus Sláintecare a chur i bhfeidhm agus táim ar bís faoin dúshlán atá romhainn. Tá fonn orm mo théarma mar Phríomhoifigeach Leighis a úsáid chun tacú le rannpháirtíocht níos mó le grúpaí imeallaithe sa tsochaí agus aghaidh a thabhairt ar éagothroime sa tsláinte trí thacú le hobair na Roinne chun inacmhainneacht agus cáilíocht ár seirbhíse sláinte a fheabhsú."


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

An tOllamh Breda Smyth MD, MPH, FFPHMI

Rinne an tOllamh Smyth a bunchéim sa Mhíochaine (MB, BCh, BAO) i gColáiste na hOllscoile, Gaiillimh. Lean sí dá cuid oiliúna i gColáiste Ríoga na Lianna in Éirinn ansin, rinne sí Máistreacht sa tSláinte Phoiblí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dochtúireacht Mhíochaine in OÉ Gaillimh agus comhaltacht iardhochtúireachta in UCLA. Bronnadh an tOllamh Smyth mar Bhall de Dhámh na Míochaine Sláinte Poiblí in Éirinn in 2005, agus, in 2013, rinneadh Comhalta de Dhámh na Míochaine Sláinte Poiblí in Éirinn de.

Tá an tOllamh Smyth ina Phríomhoifigeach Leighis eatramhach sa Roinn Sláinte ó mhí Iúil na bliana seo agus bhí sí ina hOllamh Pearsanta le Míochaine Sláinte Poiblí in OÉ Gaillimh agus ina Comhairleoir le Sláinte Poiblí in FSS an Iarthair. Tá taithí fhairsing aici ar chláir náisiúnta a threorú thar na ceithre réimse den tSláinte Phoiblí: Cosaint Sláinte, Sláinte agus Faisnéis na Seirbhíse Sláinte, Feabhsú na Seirbhíse Sláinte agus Feabhsú Sláinte.

Le linn na paindéime mar Stiúrthóir Sláinte Poiblí FSS an Iarthair, threoraigh an tOllamh Smyth an Roinn Sláinte Poiblí FSS an Iarthair chomh maith lena rannchuidiú náisiúnta suntasach mar bhall den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), an Sainghrúpa Comhairleach Mearthástála agus mar dhuine de bhunaitheoirí Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíoch na hÉireann (IEMAG) COVID -19. Rinne sí a cuid taighde mar Phríomhthaighdeoir ar an staidéar ilsuímh UniCoV a fhiosraíonn córais réamhrabhaidh do SARS Co-V -2 lena n-áirítear teicneolaíochtaí mearthástála in earnáil an ardoideachais agus an bhreisoideachais.

Roimh an bpaindéim bhí sí ina hÚinéir Freagrach Sinsearach ar chlár Athchóirithe Sláinte Poiblí FSS Crowe Horwath in 2019. Choincheap sí agus ba í an Ceannaire Náisiúnta í ar an tionscadal ‘Pleanáil don tSláinte' ó bunaíodh é in 2015. Rinneadh an obair seo a chomhtháthú mar chuid de phróiseas na Meastachán ar an mBuiséad Sláinte. Ba í an tOllamh Smyth an Ceannaire Náisiúnta ar an Tionscadal um Aosú Sláintiúil agus Dearfach agus d'fhorbair sí agus d'fhoilsigh sí an ‘Aosú Sláintiúil agus Dearfach do Chách; Straitéis Taighde 2015 -2019' i gcomhar leis an Roinn Sláinte in 2019. Bhí sí ina Ceannaire Náisiúnta ar Chosc Stróc sa Chlár Cliniciúil Stróc 2010-2014 freisin agus bhí sí i gceannas ar an scagadh faille píolótach le haghaidh fibriliú aitriach. Tá suim aici i gcónaí maidir le stróc a chosc trína cuid taighde mar PI Náisiúnta ar staidéar AFFECT EU a bhfuil maoiniú AE aige.

Tá an-chuid taighde déanta ag an Ollamh Smyth freisin, lena n-áirítear Dochtúireacht Mhíochaine ar ‘Éagothroime Básmhaireachta in Éirinn 2000-2006' idir 2007 agus 2009, ar bronnadh Bonn Cré-umha Zachary Johnson uirthi ina leith. Bronnadh Comhaltacht Iardhochtúireachta uirthi freisin in Ollscoil California, Los Angeles ó 1998 – 2001.

Tagann an tOllamh Smyth isteach sa Roinn ar iasacht trí bliana óna post le FSS, ar na téarmaí agus coinníollacha a fógraíodh don ról.