English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Donnelly go bhfuil an Conradh nua um Chúram Sláinte Poiblí amháin sínithe ag breis is 1,500 Comhairleoir

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu go bhfuil an conradh nua sínithe ag 1,548 comhairleoir ó seoladh é i mí an Mhárta seo caite.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos mó ná 35% de líon iomlán na gcomhairleoirí atá ag obair ar fud ár seirbhís sláinte ar an gconradh nua anois. Tá na céadta iarratasóir eile á bpróiseáil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).

Tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcomhairleoirí atá fostaithe ar fud ár seirbhís sláinte, agus méadú mór tagtha le ceithre bliana anuas.

Tá 4,235 comhairleoir (coibhéis fostaí lánaimseartha) ag obair sa tseirbhís sláinte poiblí faoi láthair. I gcomparáid leis sin, bhí 3,250 comhairleoir (coibhéis fostaí lánaimseartha) ann i mí na Nollag 2019, rud a léiríonn an fás an-suntasach 30 faoin gcéad ar líon na gcomhairleoirí atá ag obair inár seirbhís sláinte poiblí thar an tréimhse seo.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:

“Tá lúcháir orm an freagra dearfach ar an gConradh Comhairleoirí Poiblí Amháin a fheiceáil. Is céim mhór é tabhairt isteach an chonartha seo maidir le Cúram Sláinte Uilíoch a sholáthar. “Tá lúcháir orm an freagra dearfach ar an gConradh Comhairleoirí Poiblí Amháin. Tá an conradh nua seo ag éascú aistriú ó sholáthar cúraim phríobháideach in ospidéil phoiblí agus ag cinntiú go gcuirtear acmhainní stáit ar fáil de réir riachtanas othair seachas cumas othair íoc as. Tá comparáid idir an conradh agus seirbhísí sláinte eile ar fud an domhain, agus is léir go bhfuil sé tarraingteach d’iarrthóirí ionchasacha.”

Áirítear leis na 1,548 Conradh Poiblí Amháin 306 comhairleoir iontrála nua a tháinig isteach inár seirbhís sláinte agus 1,242 comhairleoir a d’aistrigh óna gconarthaí roimhe seo.

Is iad na trí speisialtachtaí is mó atá ag glacadh an chonartha is mó go dtí seo ná Leigheas Ginearálta, Ainéistéitic agus Máinliacht.

Tá sé mar phríomhchuspóir ag an gConradh Comhairleoirí Poiblí Amháin síneadh a chur leis na huaireanta a bhíonn sainchomhairleoirí, ar cinnteoirí cliniciúla sinsearacha iad, ar dualgas ar fud na seirbhísí sláinte.

Faoin gconradh seo, is féidir iarraidh ar chomhairleoirí oibriú 8am go 10pm Luan go hAoine agus 8am go 6pm Dé Sathairn mar chuid dá bpríomhsheachtain 37 uair an chloig. Conradh poiblí amháin atá sa chonradh, rud a chiallaíonn nach gcuirfidh comhairleoirí cóir leighis ar othair phoiblí ach amháin in ospidéil phoiblí.

Mar thoradh ar láithreacht leathnaithe comhairleora ar dualgas, laghdaítear iontrálacha éigeandála, cinnteoireacht níos gasta agus níos oiriúnaí, tréimhsí fanachta níos giorra, sreabhadh othair níos fearr agus torthaí feabhsaithe d’othair.

Is céim thábhachtach é an Conradh Comhairleoirí Poiblí Amháin i dtreo athchóirithe a thabhairt isteach ar ár seirbhís sláinte a cheadóidh cúram feabhsaithe agus láithreacht níos fearr lasmuigh d’uaireanta oibre agus deireadh seachtaine do chomhairleoirí inár n-ospidéil, rud a chuirfidh le sreabhadh othair. Cuirfidh an conradh seo ar chumas na hÉireann feidhmiú i margadh fostaíochta idirnáisiúnta atá thar a bheith iomaíoch, rud a mheallfaidh daoine nua isteach san FSS.

Áirítear leis an gconradh nua Sláintecare:

  • bunphá €217,325 - €261,051 ar scála sé phointe
  • seachtain 37 uair an chloig ó 8am go 10pm Luan go hAoine agus 8am go 6pm Dé Sathairn
  • luach saothair breise as dualgais ar ghlao-dhualgas agus ragobair de réir mar is infheidhme
  • tacaíochtaí d'oiliúint agus do thaighde oideachais leighis
  • níos mó solúbthachta do chomhairleoirí ar mian leo oibriú a roinnt, oibriú níos lú ná lánaimseartha, uaireanta comhbhrúite a oibriú nó patrúin oibre éagsúla a roghnú