Fógraíonn an tAire Donnelly méadú €250,000 ar mhaoiniú Stáit do sheirbhísí Barretstown do leanaí
- Foilsithe: 12 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2024
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go n-ardóidh maoiniú an Rialtais do Barretstown ó €150,000 go dtí €400,000 sa bhliain. Is é Barretstown an soláthraí is mó in Éirinn de champaí teiripeacha agus cláir do leanaí atá buailte ag an ailse agus ag tinnis thromchúiseacha eile. Cuirtear gach clár ar fáil saor in aisce do leanaí agus dá dteaghlaigh.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá an-áthas orm a fhógairt inniu go bhfuil méadú chuig €400,000 in aghaidh na bliana tagtha ar mhaoiniú an Rialtais don charthanacht Barretstown.
“Tá na seirbhísí agus na tacaíochtaí a chuireann Barretstown ar fáil ag teacht le cuspóirí na Straitéise Náisiúnta Ailse chun freastal ar fholláine shíceasóisialta daoine óga a bhfuil tionchar ag ailse orthu.
“An bhliain seo amháin, cuirfidh Barretstown seirbhísí ar fáil do suas le 22,000 páiste agus teaghlach atá go dona tinn trína chláir chónaithe agus for-rochtana."
Bunaithe in 1994, ag an aisteoir Hollywood agus daonchara Paul Newman, Tá Barretstown ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana, cloch mhíle shuntasach don eagraíocht atá lonnaithe i gCill Dara go dtí seo, a thacaigh le níos mó ná 120,000 campálaí.
Cuidíonn fairsinge na gclár teiripeach atá formhuinithe i dtaobh leighis de agus a chuireann Barretstown ar fáil do leanaí atá go dona tinn agus dá dteaghlaigh ar fud na hÉireann leo muinín, neamhspleáchas, féinmheas a atógáil agus folláine mhothúchánach a fheabhsú.
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Barretstown, Dee Ahearn:
"Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go Barretstown inniu agus an scéala a fháil faoi mhéadú ar ár maoiniú bliantúil ón Rialtas. Is aitheantas tábhachtach é an maoiniú méadaithe seo ón Rialtas ar na seirbhísí ríthábhachtacha a chuireann Barretstown ar fáil agus beidh ról tábhachtach aige chun cabhrú linn freastal ar an éileamh méadaitheach ar ár gcláir."