Fógraíonn an tAire Donnelly nuashonrú don Straitéis Leithdháilte Vacsaíní
- Foilsithe: 23 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Feabhra 2021
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD nuashonrú inniu do Straitéis Leithdháilte Vacsaíní COVID-19 na hÉireann.
Cheadaigh an Rialtas an Straitéis Shealadach Leithdháilte Vacsaíní an 8 Nollaig anuraidh. Tugadh ar aird ag an am go gcoinneofaí an Straitéis faoi athbhreithniú agus go ndéanfaí í a leasú mar thoradh ar athruithe ar an bhfianaise atá ann cheana agus/nó ar an staid eipidéimeolaíoch.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá ár gClár Vacsaínithe COVID-19 bunaithe ar chothroime agus cinntíonn sé go dtugtar tosaíocht ó thaobh vacsaíní de dóibh siúd is mó atá i mbaol drochthoradh ón ngalar má bhíonn soláthairtí teoranta. Sin é an fáth gur díríodh orthu siúd atá ina gcónaí i dtithe altranais agus ar dhaoine aosta sa phobal.
"Mhol an Coiste Chomhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC), i gcomhar le mo Roinn, athbhreithniú a dhéanamh ar an Straitéis Leithdháilte Vacsaíní. Thacaigh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) leis na moltaí agus inniu cheadaigh an Rialtas iad.
"Tá príomhaidhm Straitéis Leithdháilte Vacsaíní COVID-19 na hÉireann fós mar an gcéanna. Táimid ag leanúint ar aghaidh ag vacsaíniú na ndaoine sin arb iad is dóichí a mbeidh drochthionchar ag an ngalar orthu, mar thoradh ar COVID-19. Tá na hathruithe atá á ndéanamh againn bunaithe ar an gcomhairle chliniciúil agus leighis is déanaí go mbeadh na torthaí is measa acu siúd ata á mbogadh suas an liosta againn dá bhfaighidís an galar."
Agus an Straitéis tosaigh Leithdháilte Vacsaíní á gcur i dtoll a chéile, liostaigh an NIAC roinnt riochtaí a bhaineann le riosca méadaithe galair agus báis.
San idirlinn, tá fianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil a chumasaíonn anailís níos mionsonraithe ar bhunriochtaí sláinte a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go mbeadh dianghalar nó bás mar thoradh ar an víreas.
Tá NIAC in ann anois na riochtaí sláinte sin a shainaithint níos cuimsithí agus idirdhealú a dhéanamh idir iad siúd a chuireann duine i mbaol an-ard nó ard má tholgann siad an víreas.
Leanfar le monatóireacht agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar riochtaí sláinte agus ar mhéid an bhaoil a bhaineann leo.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá dlús a chur le vacsaíniú na ndaoine sin a bhfuil riochtaí áirithe acu cheana ag teacht leis an gcomhairle a thugann an ECDC do Bhallstáit.
"Seasann sé freisin leis na prionsabail maidir le díobháil a laghdú agus cothroime atá mar bhonn agus taca le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann trí iarracht a dhéanamh an t-ualach díréireach atá os comhair na ndaoine sin a bhfuil bunriochtaí sláinte acu a laghdú i dtéarmaí droch-thorthaí ó COVID-19.
"Leanann an NIAC ag déanamh monatóireachta ar shonraí maidir leis an ngalar seo agus go deimhin ar shonraí atá ag teacht chun cinn maidir le héifeachtacht vacsaíní ar bhonn atrátha."
Nótaí
- tá na hathruithe atá beartaithe ar an Straitéis Leithdháilte Vacsaínithe comhsheasmhach le haidhm fhoriomlán an chláir vacsaínithe, is é sin galracht agus básmhaireacht a laghdú, agus ar an gcaoi sin an córas cúram sláinte a chosaint
- is iad Cohórt 4 na daoine sin atá idir 16-69 bliain d’aois agus a bhfuil riocht sláinte acu a chuireann i mbaol an-ard iad agus tabharfar an vacsaín dóibh siúd díreach i ndiaidh daoine ≥70 bliain d’aois atá ina gcónaí sa phobal
- i gcohórt 5 beidh daoine idir 65 agus 69 bliain d'aois a gcuireann a mbunriocht sláinte iad i mbaol ard ón ngalar
- cuimseoidh cohórt 6 daoine atá 65-69 bliana d’aois. Gheobhaidh siad an vacsaín in éineacht le hoibrithe cúram sláinte nach dtugann a n-aghaidh ar othair. Áireofar oibrithe bunriachtanacha don chlár vacsaíne sa chohórt seo freisin
- i gcohórt 7 beidh daoine idir 16-64 bliain d’aois a gcuireann a mbunriocht sláinte iad i mbaol ard ón ngalar
- mhol NIAC freisin cé gur féidir aon cheann de na trí vacsaíní atá údaraithe faoi láthair a thabhairt do dhaoine fásta 16-69 bliain d’aois, ba cheart vacsaíní mRNA a thabhairt dóibh siúd atá 16-69 bliana d’aois atá i mbaol an-ard nó ardr a bhfuil bunriochtaí sláinte áirithe acu a d’fhéadfadh teorainn a chur lena bhfreagairt imdhíonachta ar an vacsaín
- níor cheart go mbeadh moill níos mó ná 3 seachtaine chun vacsaín a fháil mar thoradh ar roghnú vacsaín mRNA, mar d’fhéadfadh go gcaillfí aon bhuntáiste a bhaineann le vacsaín éifeachtúlachta níos airde a úsáid