Fógraíonn an tAire Harris seoladh an phróisis earcaíochta le haghaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh chuig Oifig an Chláir Sláintecare
- Foilsithe: 12 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2019
D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, seoladh an phróisis earcaíochta don ról mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oifig an Chláir Sláintecare inniu.
Tagann sé sin sna sála ar an ngealltanas a thug an tAire go dtabharfaí faoi chlár an-suntasach athchóirithe sláinte bunaithe ar an tuarascáil Sláintecare a d’fhoilsigh an Coiste Oireachtais um Chúram Sláinte sa Todhchaí in Éirinn anuraidh.
Cuirfear de dhualgas ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár athchóirithe a stiúradh agus a bhainistiú, agus é/í ag obair i gcomhpháirt le geallsealbhóirí tábhachtacha ar fud an chórais sláinte. Féachfar le linn an phróisis earcaíochta le hiarrthóirí an-sinsearach a mhealladh a bhfuil sártheist orthu maidir le cláir athchóirithe ar scála mór a chur chun feidhme.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Harris, “Cloch mhíle thábhachtach san obair chun Sláintecare a chur chun feidhme is ea seoladh foirmiúil an phróisis earcaíochta seo. Beidh sé ar an athchóiriú is mó riamh san earnáil sláinte, nó sa tseirbhís phoiblí, fiú, agus tá sé ríthábhachtach go gceapfar an duine ceart ag a bhfuil na scileanna cearta agus an taithí cheart chuig an ról.”
Dúirt an tAire freisin, “Is eol dúinne go léir na dúshláin a bhaineann le hathrú a chur chun feidhme inár gcóras sláinte. Gnó casta atá i gcúram sláinte a sholáthar agus, cosúil le tíortha eile, tagann raon éagsúil dúshlán chun cinn in Éirinn le linn dúinn déanamh amhlaidh. Céim ríthábhachtach i dtreo an t-athchóiriú a chur chun feidhme go rathúil is ea Oifig an Chláir Sláintecare a bhunú a mbeidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foireann den scoth aici agus a dtabharfar sách acmhainní di. Maidir leis sin, tá suim €1 mhilliún leithdháilte le haghaidh Oifig an Chláir Sláintecare a bhunú i mbliana.”
Tá roinnt moltaí tábhachtacha ón tuarascáil Sláintecare á gcur chun feidhme cheana féin, agus acmhainní tiomnaithe curtha ar leataobh dóibh. D’fhógair an tAire roinnt gníomhartha tosaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2017, faoi mar a moladh sa tuarascáil Sláintecare. Cuireadh na gníomhartha sin ar aghaidh mar seo a leanas:
Ceapadh Donal de Buitléir chun cathaoirleacht a dhéanamh ar ghrúpa neamhspleách a scrúdóidh an tionchar a bheidh ag an gcleachtadh príobháideach a aistriú amach ó ospidéil phoiblí. Chuir an grúpa tús lena chuid oibre ansin agus sheol sé próiseas comhairliúcháin phoiblí roimh an Nollaig. Táthar ag súil go dtabharfaidh sé tuairisc i ráithe 3 den bhliain.
Cuirfidh an tAire Meabhrán faoi bhráid an Rialtais sna seachtainí atá romhainn, rud ina leagfar amach an Scéim Ghinearálta de Bhille lena dtabharfar Bord Rialaithe isteach d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Cuirfear tús go luath le próiseas comhairliúcháin ar ghrúpaí ospidéal agus eagraíochtaí sláinte pobail a ailíniú lena chéile amach anseo.
Ina theannta sin, ba ar réimsí a sainaithníodh sa tuarascáil Sláintecare a díríodh an chuid is mó den chistiú breise do thionscnaimh nua shláinte i mBuiséad 2018.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, “Tá an Rialtas lántiomanta don chlár oibre athchóirithe seo a chomhlíonadh. Tá dea-dhul chun cinn déanta cheana féin ar an bplean cur chun feidhme Sláintecare a fhorbairt agus táim ag súil leis an bplean sin a chur faoi bhráid an Rialtais lena bhreithniú roimh i bhfad.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí an ról mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Oifig an Chláir Sláintecare a fhógairt Dé hAoine an 12 Eanáir. Mar gheall ar a thábhachtaí atá an ról, tá iarrthóir sármhaith á lorg ag an Roinn Sláinte chun an clár Sláintecare a stiúradh ar mhaithe leis an tseirbhís sláinte in Éirinn a athchóiriú.
Coimisiúnófar cuardach cuimsitheach leathan mar chuid den phróiseas earcaíochta a bheidh faoi stiúir ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Mar thoradh ar an bpróiseas sin, meastar go molfar duine aonair don Roinn Sláinte lena c(h)eapadh roimh mhí Aibreáin 2018.
Beidh Oifig an Chláir Sláintecare lonnaithe sa Roinn Sláinte. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an Oifig Sláintecare tuairisc d’Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte agus beidh sé/sí cuntasach don Aire Sláinte. Beidh sé/sí ina b(h)all de Bhord Ardbhainistíochta na Roinne Sláinte freisin. Tiocfaidh an clár athchóirithe Sláintecare faoi choimirce an Choiste Comh-Aireachta um Shláinte, atá faoi chathaoirleacht ag an Taoiseach.
I mBuiséad 2018, soláthraíodh an cistiú spriocdhírithe seo a leanas do réimsí a sainaithníodh sa tuarascáil Sláintecare:
Leithdháileadh suim €25m ar Chiste nua Cúraim Phríomhúil
Leithdháileadh suim €37m chun leapacha breise cúram baile agus cúraim idirthréimhsigh a chur ar fáil
Leithdháileadh suim €17.5m chun freastal ar laghdú ar tháillí leighis agus cógais
Leithdháileadh cistiú spriocdhírithe €75m chun liostaí feithimh a laghdú
Leithdháileadh suim €1m ar Oifig an Chláir Sláintecare