English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Hildegarde Naughton maoiniú breise do thionscnamh Rianta Siúlóide an CLG Éire Shláintiúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton agus Uachtarán an CLG (Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael) Larry McCarthy maoiniú breise de €800,000 inniu ó Éire Shláintiúil do thionscnamh Rianta Siúlóide an CLG.

Tá sé tar éis leithdháileadh níos luaithe de €815,000, a chuir ar chumas 54 club CLG, Camógaíochta agus LGFA (Cumann Peile na mBan) i 26 contae inrochtaineacht na n-áiseanna reatha siúlóide pobail ar thailte CLG a fheabhsú.

Mheall an scéim mhaoinithe suim mhór, agus chuir breis agus 300 club iarratais isteach. Bronnadh maoiniú idir €10,000 agus €25,000 ar na clubanna a fuair an scór is airde sa phróiseas roghnúcháin iomaíoch i mí Aibreáin. Tá €800,000 breise á leithdháileadh anois ar roinnt clubanna nach bhfuair maoiniú ón bpróiseas iarratais bunaidh.

Dúirt an tAire Naughton:

“I mí Aibreáin, bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar Órán CLG Club i Ros Comáin a bhí i measc na 54 club a fuair maoiniú chun rianta siúlóide a uasghrádú agus a fhorbairt.

“Thug díograis agus tiomantas gach duine a bhí páirteach i gcruthú áiseanna cuimsitheacha dóchas iontach do phobail ar fud na hÉireann. Bhí fonn mór orm tacú le leathnú na hoibre iontach seo agus mar sin tá lúcháir orm cuairt a thabhairt ar Chlub CLG na hEanach Dubh inniu agus €800,000 breise á fhógairt ar fud na tíre.

“Beidh clubanna ar nós an Eanach Dubh in ann a rianta siúlóide a dhéanamh níos cuimsithí anois, ag cur gníomhaíocht choirp chun cinn agus ag cur le sláinte agus folláine iomlán an phobail.

“Is comhpháirtí an-bhródúil í Éire Shláintiúil de Thionscadal Club Sláintiúla CLG shaol na hÉireann agus léiríonn an tionscnamh Rianta Siúlóide éiteas Éire Shláintiúil trí thacú le clubanna moil shláintiúla a chruthú.

“Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís don CLG as an obair shuntasach atá i gceist leis an bpróiseas seo agus guím gach rath ar na clubanna ina gcuid oibre.”

Ar cheann de phríomhghnéithe an tionscadail tá spreagadh a thabhairt do chlubanna a n-áiseanna a chur ar fáil do bhaill nach n-imríonn siad. Tá soláthar rianta siúlóide thar a bheith tábhachtach i gceantair thuaithe áit a bhféadfadh teorainn a chur le bealaí siúil sábháilte, soilsithe go maith.

Ghlac breis agus 1,000 club páirt i bhfeachtas Éire Soilse Suas i mbliana agus d’oscail clubanna a gcuid rianta don phobal agus chláraigh beagnach 30,000 duine agus chuir siad an clár siúlóide 6 seachtaine i gcrích.

Duirt Uachtarán an CLG Larry McCarthy:

“Ar son an Chumainn, fáiltím ó chroí roimh an maoiniú breise seo d’áiseanna siúlóide atá lonnaithe ar thailte chlub CLG. Tugann sé aitheantas breise don rannchuidiú luachmhar a dhéanann ár gclubanna agus ár n-oibrithe deonacha i leith sláinte agus folláine a bpobail. Agus Éire Soilse Suas ar tí caitheamh isteach arís i mí Eanáir, tá an fógra tráthúil, agus bainfidh na clubanna faighteora úsáid mhór as an maoiniú.”


Nótaí

Féach aguisín 1 (ceangailte) le haghaidh liosta iomlán na n-iarratasóirí rathúla.

Clubs in receipt of Phase 2 Healthy Ireland GAA Walking Tracks funding
Amharc amharc

Seoladh an togra Clubanna Sláintiúla mar chomhpháirtíocht idir Éire Shláintiúil agus an CLG sa bhliain 2013. Is é aidhm an tionscadail deiseanna a aithint i gclubanna chun sláinte agus folláine a chur chun cinn i measc na mball agus an phobail i gcoitinne.

Tacaíonn an Rannán Pobail agus Sláinte sa CLG, Coistí Sláinte agus Folláine Cúige agus Contae leis an togra ar bhonn náisiúnta, agus tacaíonn Oifigigh Chlub Sláintiúla leis ar bhonn an chlub. Cuireann na clubanna raon leathan idirghabhálacha sláinte agus folláine ar fáil go háitiúil lena n-áirítear Cothú, Gníomhaíocht Choirp agus Meabhairshláinte. Tá breis agus 50% de Chlubanna Sláintiúla imithe saor ó thobac le trí bliana anuas, ag tacú le clár oibre Éire Saor ó Thobac.

Le maoiniú Éire Shláintiúil do rianta siúlóide CLG fuair 54 club suimeanna de €10,000, €15,000 nó €25,000 an ceann. Faoin dara babhta maoinithe a fógraíodh inniu, gheobhaidh na clubanna €10,000, €15,000 nó €25,000 an ceann arís.

Gheobhaidh 52 club breise san iomlán maoiniú sa dara babhta seo de thionscnamh Rianta Siúlóide CLG.