Fógraíonn an tAire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta scéim nua €10 milliún chun tacú le sábháilteacht chónaitheoirí i dtithe altranais
- Foilsithe: 22 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Faoin Scéim nua seo, beidh suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha ábhartha chun cloí le Rialacháin HIQA
Tá scéim nua €10 milliún fógartha ag an Aire le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht dóiteáin i dtithe altranais deonacha agus príobháideacha.
Cuirfidh An Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) maoiniú ar fáil d'oibreacha struchtúracha a dhéantar i gcomhréir leis na caighdeáin a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) faoi Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus Rialachán 28 (Réamhchúraimí dóiteáin). Cuirfear tús leis an Scéim ar 1 Eanáir 2024.
Dúirt an tAire Butler:
“Cabhróidh an scéim nua €10 milliún seo le feabhsúcháin sábháilteachta do chónaitheoirí a bhaint amach chun go mbeidh tithe altranais in ann cloí le rialacháin HIQA. Tuigim gur féidir leis na hoibreacha riachtanacha seo chun cloí le rialacháin HIQA a bheith costasach do thithe altranais, go háirithe do thithe altranais níos lú, deonacha agus níos sine, agus is é aidhm na scéime seo ná cuid den bhrú airgeadais seo a laghdú.
“Beidh suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha cuí faoin scéim seo. D'fhéadfadh tithe altranais cúiteamh a lorg go cúlghabhálach freisin ar oibreacha atá clúdaithe faoin scéim seo, fad is go ndearnadh iad ón 1 Eanáir 2020.
“I gcónaí, dírím ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. De réir mar a théann ár ndaonra in aois, tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine aosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonfaimid na caighdeáin is fearr is féidir chun tacú le daoine aosta i saoráidí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh."
Is é an 15 Samhain 2024 an spriocdháta d'iarratais ar an scéim seo.
Nótaí
An Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI)
Tá an scéim seo dírithe ar thacaíocht a thabhairt chun feabhsuithe ar shábháilteacht chónaitheoirí a bhaint amach, trí mhaoiniú do chur i bhfeidhm pleananna comhlíonta i gcomhréir leis na caighdeáin a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) faoi Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus Rialachán 28 (Réamhchúraimí dóiteáin) de I.R. Uimh. 367/2013 - An tAcht Sláinte, 2007 (Cúram agus Tacaíocht do Chónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine (Leanaí agus Daoine Fásta) faoi Mhíchumas), 2013.
Is scéim dheimhnithe í an scéim seo atá oscailte do gach teach altranais deonach agus príobháideach atá cláraithe le HIQA agus leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) ón 1 Eanáir 2024.
Is é an 1 Eanáir 2024 dáta seolta na scéime seo, agus is é an 15 Samhain 2024 an spriocdháta d'iarratais.
D'fhéadfadh tithe altranais a rinne oibreacha struchtúrtha a clúdaíodh faoin scéim seo roimhe seo costas na n-oibreacha seo a lorg dá ndéanfaí iad ón 1 Eanáir 2020 go tús na scéime seo (1 Eanáir 2024).
Beidh íocaíochtaí na dtithe altranais a bhfuil a n-iarratais faofa acu, próiseáilte agus eisithe ar bhonn ráithiúil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Faoin Scéim dheimhnithe seo, beidh éilimh próiseáilte ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) agus beidh gach íocaíocht ó chiste na scéime á dáileadh amach ag FSS. Ní mór gach éileamh a dhéanamh ar gach saoráid tí altranais ar leith.
Beidh na hoibreacha go léir a éilítear agus a dhéanfar faoin scéim seo faoi réir iniúchta agus ní mór do chonraitheoir cláraithe é a dhéanamh.
Ba cheart gach obair atá maoinithe tríd an scéim seo a úsáid chun oibreacha a mhaoiniú de réir an phlean comhlíonta atá leagtha amach do HIQA mar chuid dá bpróiseas cigireachta.
Is ionann leithdháileadh maoinithe Bhuiséad 2024 don Scéim seo agus €10 milliún.
Is é €25,000 an t-uasmhéid iomlán is féidir le teach altranais aonair a éileamh faoin scéim seo.