English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta foilsiú an Bhille Meabhair-Shláinte, 2024

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2024
  • tagann an Bille Meabhair-Shláinte nua in áit na nAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 – 2022
  • tá 202 alt sa Bhille nua, lena n-áirítear rialáil ar gach Seirbhís Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) sa phobal
  • cuireann an Bille Meabhair-Shláinte creat dlíthiúil nua-aimseartha ar fáil a chosnóidh cearta daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu sna blianta amach romhainn

D'fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, inniu foilsiú an Bhille Meabhair-Shláinte 2024, a bhí ceadaithe ag an Rialtas ar an 24 Iúil.

Tá forbairt an Bhille Meabhair-Shláinte nua, a thiocfaidh in áit na nAchtanna Meabhair-Shláinte 2001 – 2022 atá ann cheana, ina thosaíocht sheanbhunaithe ag an Roinn Sláinte agus tá sé mar chuid de Chlár reatha an Rialtais.

Dúirt an tAire Butler:

“Tá an-áthas orm an píosa reachtaíochta tábhachtach seo a fhoilsiú inniu. Is cloch mhíle thábhachtach é foilsiú an Bhille, agus táim sásta mo ghealltanas a chomhlíonadh chun an Bille a ullmhú do na chéad chéimeanna eile sa phróiseas reachtaíochta. Fágann foilsiú an lae inniu go mbeidh an Bille réidh le cur faoi bhráid an Oireachtais chomh luath agus is féidir nuair a fhilleann an Dáil i mí Mheán Fómhair.

"Tiocfaidh an Bille in áit Acht 2001, lena dtabharfar isteach cur chuige níos nua-aimseartha, duine-lárnach i leith na reachtaíochta meabhairshláinte agus cuirfidh sé creat níos láidre i bhfeidhm ina ndéanfar ár seirbhísí meabhairshláinte a sheachadadh agus a rialáil. Rud atá tábhachtach, tugtar isteach leis an mBille rialáil seirbhísí meabhairshláinte pobail, CAMHS den chéad uair."

Dúirt an tAire Butler freisin:

“Tá go leor bearta tábhachtacha sa Bhille, a mbeidh tionchar tairbheach inláimhsithe acu ar dhaoine a bhaineann úsáid as seirbhísí meabhairshláinte, rud a chuirfidh ar a gcumas ról níos gníomhaí a bheith acu maidir le cinntí a dhéanamh faoina gcúram agus faoina gcóireáil féin.

“Tá an Bille fada agus casta, ina bhfuil 202 alt, agus táim ag súil go mór lena threorú tríd an bpróiseas reachtaíochta agus é a thabhairt chuig Céim an Choiste san Fhómhar."

Bhí an Bille faoi réir comhairliúcháin fhairsing le linn an phróisis dréachtaithe reatha agus sular foilsíodh an Scéim Ghinearálta i mí Iúil 2021, lena n-áirítear comhairliúchán leanúnach leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le Ranna Rialtais agus páirtithe leasmhara eile.


Nótaí:

Déanfar foráil sa Bhille, i measc nithe eile:

  • próiseas nuashonraithe iontrála agus coinneála neamhdheonach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu, lena n-áirítear sraith athbhreithnithe critéar maidir le coinneáil
  • cur chuige ollchóirithe maidir le toiliú le cóireáil do dhaoine a ligtear isteach go neamhdheonach
  • leathnú ar fheidhm rialála den Choimisiúin Meabhair-Shláinte chun gach áit chónaithe agus seirbhís mheabhairshláinte sa phobal a chur san áireamh, lena n-áirítear gach CAMHS sa phobal
  • ailíniú níos dlúithe le prionsabail na nAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022
  • cosaintí níos láidre do dhaoine a bhfuil rochtain acu ar chóireáil othar cónaitheach
  • cuid nua scoite den Bhille a phléann go sonrach le cúram agus cóireáil leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear forálacha chun ligean do dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d'aois toiliú le cóireáil mheabhairshláinte nó diúltú di

Tar éis an phróisis dréachtaithe le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte a thabhairt chun críche, tá 202 alt sa Bhille Meabhair-Shláinte, 2024 anois (suas ó 197 roimh athruithe formáidithe/dréachtaithe a rinneadh le linn an phróisis Dearbhaithe Cáilíochta).