Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD, go ndéanfar forbairt ar an gcéad Straitéis Náisiúnta Daonra um Thaighde agus Measúnachta maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte
- Foilsithe: 22 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2023
- Fógraítear an chéad Straitéis Náisiúnta Daonra um Thaighde agus Measúnachta maidir le maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte i gcomhar leis an mBord Taighde Sláinte (BTS)
- Tacaíonn an Straitéis Nua le cur i bhfeidhm An Fhís a Roinnt – polasaí meabhairshláinte do chách 2020-2030 agus beidh sé i bhfeidhm sa bhliain 2023
- Fógraíonn an BTS freisin inniu go gcuirfear maoiniú ar fáil do 5 tionscadal taighde meabhairshláinte atá ailínithe leis An Fhís a Roinnt
Fógraíonn an tAire Stáit a bhfuil freagracht aici don Mheabhairshláinte agus do Dhaoine Aosta, Mary Butler TD, go ndéanfar forbairt ar an gcéad Straitéis Náisiúnta Daonra um Thaighde agus Measúnachta maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte agus go gcuirfear maoiniú ar fáil do 5 tionscadal taighde meabhairshláinte. Tacóidh an fhorbairt atá á déanamh ar an Straitéis Taighde agus Measúnachta le punann taighde agus gníomhaíochtaí measúnachta atá ag dul i méid. Rachaidh sé i ngleic le moltaí polasaí gearrthéarmach chomh maith le riachtanais fhadtéarmacha agus riachtanais a thagann chun cinn.
Tá an Straitéis nua seo á soláthar ag an mBord Taighde Sláinte faoin bpolasaí náisiúnta meabhairshláinte An Fhís a Roinnt – Polasaí Meabhairshláinte do Chách 2020-2030. Go ginearálta, tá sé mar aidhm ag An Fhís a Roinnt seirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte a fheabhsú ón mheabhairshláinte a chur chun cinn, fadhbanna a sheachaint, agus seirbhísí luath-idirghabhála agus géarchúraim a chur chun cinn.
Dúirt an tAire Butler:
“Is fógra an-tábhachtach é an fógra seo inniu mar is í seo an chéad uair in Éirinn a bheidh Straitéis Náisiúnta um Thaighde agus Measúnachta Daonra maidir le maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte ann, atá ailínithe go díreach leis an bpolasaí meabhairshláinte. Tá an Straitéis seo riachtanach chun a chinntiú go soláthróimid seirbhísí meabhairshláinte ar chaighdeán idirnáisiúnta. Tá sí tábhachtach freisin chun a chinntiú go mbunófar aon athchóiriú a dhéanfar, ar an bhfianaise agus ar an taighde is mó atá suas chun dáta. Ar deireadh, beidh mar thoradh air seo ná go mbeidh eispéarais agus torthaí níos fearr ann d’othair.”
- Fógraítear freisin go gcuirfear maoiniú ar fáil do 5 tionscadal taighde a scrúdóidh:
- An mheabhairshláinte le linn an aistrithe ón óige go dtí an luath-aosacht
- Úsaid an channabais i measc daoine óga
- Síceapaiteolaíocht agus neamhoird mheabhracha i measc leanaí agus daoine óga a bhfuil pairilis cheirbreach acu
- An umhlaíocht chultúrtha a neartú sna seirbhísí meabhairshláinte
- An obair a dhéanann cúramóirí aostaagus an tionchar atá ag an obair sin ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na gcúramóirí.
Tá pleananna an Bhoird Taighde Sláinte (BTS) beagnach i gcrích maidir le Sainghrúpa Comhairleach a bhunú chun forbairt a dhéanamh ar Straitéis Náisiúnta Daonra um Thaighde agus Measúnachta maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte, mar aon le Plean chun í a chur i bhfeidhm. Cuimseoidh an Grúpa páirtithe leasmhara ón Roinn Sláinte, ón BTS, ó eagraíochtaí agus ó institiúidí ábhartha. Cuirfidh siad tús leis an obair seo go luath sa bhliain 2023. Mar chuid de, beidh an Sainghrúpa Comhairleach ailínithe leis na tosaíochtaí taighde agus measúnachta atá leagtha amach sa tuarascáil An Fhís a Roinnt, agus oibreoidh sé i gcomhar leis an gCoiste Náisiúnta um Chur i bhFeidhm agus Monatóireachta a bhaineann leis an tuarascáil sin.
Dúirt an tAire Butler freisin:
“De bharr na forbartha atá á déanamh ar an Straitéis seo, tá ar ár gcumas anois clár taighde a leagan amach agus punann de thionscadail taighde a thógáil i ngach ceann de na seirbhísí meabhairshláinte. Cinnteoidh sé seo go soláthrófar seirbhísí ardchaighdeáin agus go gcuirfear chun cinn idirghabhálacha spriocdhírithe a fhreastalóidh ar na riachtanais atá ann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an BTS as an gceannaireacht láidir atá léirithe acu.”
Táthar ag tacú leis an bhforbairt seo ar bhonn ilbhliantúil tríd an Roinn Sláinte. Go dtí seo, tugadh €1.8m don taighde agus don mheasúnacht sna blianta 2022 agus 2023. Tar éis próiseas piarmheaúnaithe iomaíoch in 2022, tá an Bord Taighde Sláinte ag tacú le 5 tionscadal taighde atá ailínithe leis An Fhís a Roinnt, agus beidh tuilleadh airgid á dheonú in 2023.
Dúirt an Dr Mairéad O’Driscoll, Príomhfheidhmeannach an Bhoird Taighde Sláinte:
“Is saineolaithe iad baill an Bhoird Taighde Sláinte maidir le cláir taighde straitéiseach a fhorbairt chun feabhas a chur ar chúrsaí sláinte agus cúraim. Tá áthas orainn an saineolas sin a thabhairt isteach go dtí réimse na meabhairshláinte, mar aithnímid an t-ualach a chuireann sé orthu siúd a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu, agus ar a ndaoine muinteartha.
An bhliain seo chugainn, oibreoimid leis an Roinn Sláinte agus le páirtithe leasmhara eile chun an chéad Straitéis Náisiúnta um Thaighde agus Measúnachta Daonra maidir le Meabhairshláinte agus Seirbhísí Meabhairshláinte a fhorbairt. Beidh an Straitéis sin ailínithe leis An Fhís a Roinnt. Is iad daoine a bheidh i gcroílár na straitéise, agus beidh sé mar aidhm aici feabhas a chur ar an gcaoi a chuirtear chun cinn an cúram agus an luath-idirghabháil mar aon leis an comhordú agus leanúnachas sa chúram; áireofar freisin an t-ionchuimsiú sóisialta i measc polasaí meabhairshláinte eile.”
Is iad seo a leanas na 5 tionscadal taighde:
1. An Mheabhairshláinte agus an Fholláine le linn an Aistrithe ón Óige go dtí an Luath-Aosacht
Príomhthaighdeoir: An Dr Anne Nolan, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
Beidh an fhianaise a nochtfar sa tionscadal seo tráthúil, go háirithe i gcomhthéacs na dtionscnamh a bhaineann leis An Fhís a Roinnt, ar nós an bhéim níos láidre a chuirtear anois ar an bhfolláine sna scoileanna, agus an fócas idirnáisiúnta nua atá á chur ar mheabhairshláinte tar éis na paindéime Covid-19.
2. Scrúdú ar na fachtóirí riosca agus ar na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid an channabais i measc daoine óga, ag baint úsáide as sonraí bunaithe ar dhaonra: an staidéar "CANNARISK"
Príomhthaighdeoir: An tOllamh Mary Cannon, Coláiste Ríoga na Máinlia in Éirinn
Úsáidfear torthaí an tionscadail seo mar bhunús do pholasaí agus do chláir choistheacha i measc daoine óga.
3. Eolas inghníomhaithe a chomhtháirgeadh chun an umhlaíocht chultúrtha a neartú i seirbhísí meabhairshláinte na hÉireann
Príomhthaighdeoir: An Dr Rebecca Murphy, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Cuirfidh an staidéar seo eolas nua ar fáil i dtrí chéim:
1. Tuiscint a fháil ar an mbealach a thugtar aire faoi láthair do ghrúpaí as mhionlaigh eitneacha faoi na seirbhísí meabhairshláinte atá ann in Éirinn
2. Conas an umhlaíocht chultúrtha sna seirbhísí meabhairshláinte a chur i bhfeidhm agus iad a thástáil
3. Treoir a chur i bhfeidhm chun tacú le seirbhísí meabhairshláinte, a úsáidfear chun an umhlaíocht chultúrtha a úsáid agus a thástáil.
4. An Costas a chomhaireamh: An cion oibre a dhéanann cúramóirí aosta in Éirinn agus an tionchar atá aige sin ar mheabhairshláinte agus ar fholláine na gcúramóirí
Príomhthaighdeoir: An Dr Christine McGarrigle, Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath (á maoiniú i gcomhar le Cúramóirí Teaghlaigh na hÉireann)
Úsáidfear an t-eolas ón staidéar seo chun na seirbhísí agus na cláir a neartú, atá ann chun tacú le cúramóirí aosta. Ina theannta sin, cuirfear eolas ar fáil chun cláir oiliúna agus tacaíochta do chúamóirí a fhorbairt.
5. Scrúdú ar leitheadúlacht agus ar eispéireas na síceapaiteolaíochta agus na neamhord meabhrach i measc leanaí agus daoine óga a bhfuil PC orthu
Príomhthaighdeoir: An Dr Jennifer Ryan, Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn (á maoiniú leis an gClinic Lárnach Íocshláinteach
Cuirfidh an tionscadal seo sonraí ar fáil a thugann údar le seirbhísí agus le tacaíochtaí, chun feabhas a chur ar mheabhairshláinte daoine a bhfuil PC orthu.
NÓTA DON EAGARTHÓIR
An Fhís an Roinnt – Polasaí Meabhairshláinte do Chách 2020 – 2030; is é seo polasaí meabhairshláinte na hÉireann, atá ag obair chun feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí meabhairhsláinte, ón meabhairhsláinte dhearfach a chur chun cinn go dtí seirbhísí speisialaithe meabhairshláinte a sholáthar.
Laistigh de seo, tá an Bord Taighde Sláinte freagrach as Gníomh 93: ‘Straitéis Náisiúnta Daonra um Thaighde agus Measúnacht maidir le Meabhairshláinte agus le Seirbhísí Meabhairshláinte a fhorbairt. Maoinófar punann taighde agus gníomhaíochta measúnachta de réir na dtosaíochtaí a aithneofar sa straitéis taighde’.
Sa bhliain 2022, maoinaíodh 5 tionscadal faoin tiomantas seo ar chostas iomlán €1.76 milliún.