Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta maoiniú nua don Chlár um Shábháilteacht á Lorg Éireann
- Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Leithdháileadh €250,000 i maoiniú athfhillteach ar Shábháilteacht á Lorg Éireann, le leithdháileadh ar 7 n-eagraíocht
- Maoiniú leithdháilte faoi €10 milliún breise le haghaidh seirbhísí meabhairshláinte
D'fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler T.D., maoiniú nua do Shábháilteacht á Lorg Éireann. Fuair an clár seo cistiú píolótach roimhe seo trí Chiste Sláinte na mBan, agus cinntíonn an fógra maidir le maoiniú buan inniu gur féidir leis an gclár seo leanúint dá chuid oibre ar bhonn athfhillteach.
Tá leithdháileadh an lae inniu mar chuid de shraith tacaíochtaí arna maoiniú faoin leithdháileadh cistiúcháin breise €10 milliún don mheabhairshláinte a d'fhógair an tAire Butler i mí Eanáir.
Is lámhleabhar é an Clár um Shábháilteach a Lorg a aithnítear go hidirnáisiúnta chun sábháilteacht a bhunú i saol na mban a bhfuil dé-fháthmheasa acu.
Tá Sábháilteacht á Lorg Éireann ag cur an lár um Shábháilteach a Lorg Éireann i bhfeidhm do mhná in Éirinn a raibh dé-fháthmheasa déanta acu ar dheacrachtaí meabhairshláinte agus andúil, chomh maith le foréigean baile agus gnéasach inscnebhunaithe agus saincheisteanna gaolmhara.
Dúirt an tAire Butler:
"Tá an-áthas orm maoiniú nua a chur ar fáil don chlár den scoth seo, a thacaíonn le mná i gcásanna an-deacair. Tá stair fhada tráma ag formhór na mban a bhíonn ag plé le Sábháilteacht á Lorg Éireann. Tá stair theaghlaigh agus phearsanta ag go leor acu maidir le andúil, deacrachtaí sláinte meabhrach agus i gcásanna áirithe d'fhulaing siad mí-úsáid fhisiciúil agus ghnéasach. Leis an gcistiú nua sin, beifear in ann leanúint den obair ríthábhachtach seo.”
Faoi stiúir Chlár Cliniciúil Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) um Dhé-Fháthmheasa, is éard atá i Sábháilteacht á Lorg Éireann seacht dtionscadal pobail arb é is sainchúram dóibh oibriú le mná a bhfuil dédhiagnóis acu. Tá taithí saoil lárnach i ndearadh an chláir phiarthreoraithe seo atá dírithe ar théarnamh.
Sa mheastóireacht a rinneadh le déanaí ar Shábháilteacht á Lorg Éireann, tuairiscíodh go ndeachaigh an clár seo i ngleic le 317 mbean sa chéad naoi mí, ag seachadadh 245 ghrúpa agus 145 sheisiún aonair. Mhéadaigh sé go tapa, le méadú 78% ar líon na seisiún a seachadadh thar sé mhí.
Lean an tAire Butler ar aghaidh:
"Bhí sé mar phríomhthosaíocht agam a chinntiú go leanfaí d'infheistíocht a dhéanamh i gCláir Chliniciúla Náisiúnta, lena n-áirítear Dé-Fháthmheasa. Cuireann Sábháilteacht á Lorg Éireann Ireland tacaíochtaí thar a bheith luachmhar ar fáil do mhná a bhfuil dé-fháthmheasa acu chun cabhrú leo sábháilteacht a bhunú ina saol agus iad a ullmhú don téarnamh.
“Tá sé chomh tábhachtach sin go mbeadh taithí saoil mar bhonn eolais d’obair ár seirbhísí meabhairshláinte. Tá taithí bheo lárnach maidir le Sábháilteacht a Lorg a dhearadh, a chur i bhfeidhm agus a mheas. Léiríonn sé sin gur féidir le clár piarthreoraithe atá dírithe ar théarnamh agus a chuireann taithí saoil san áireamh fíordhifríocht a dhéanamh do dhaoine leochaileacha inár sochaí.”
Dúirt Barbara Condon, POF Ruhama:
“Fáiltíonn Sábháilteacht á Lorg Éireann (SSI) go mór roimh fhógra an Aire Butler maidir le maoiniú athfhillteach don chlár an-tábhachtach seo. Is comhpháirtíocht é seo idir FSS agus seacht gcomhpháirtí pobail (Red Door, Saol, Ruhama, Star Bhaile Formaid, Sophia, Líonra Ban Ros Comáin agus Star Baile Munna). Is dea-scéala é sin agus rachaidh sé go mór chun tairbhe do chuid de na mná is leochailí agus is folaithe sa tsochaí.
"Is cur chuige fianaisebhunaithe maidir le scileanna déileála é SSI chun tacú le mná a d’fhulaing tráma agus andúil agus béim á leagan ar Fhoréigean Teaghlaigh, Gnéasach Inscnebhunaithe. Sa chéad chéim phíolótach 18 mí, thacaigh an clár le breis agus 400 bean i mBaile Átha Cliath, i Ros Comáin agus i Lú. Gné lárnach de rath an chláir is ea rannpháirtíocht agus fostaíocht piaroibrithe a bhfuil taithí saoil acu agus a chuireann go mór leis an méid atá i gceist le sábháilteacht a lorg. Táimid ag tnúth le leathnú agus fás amach anseo an chláir fhianaisebhunaithe seo go réigiúnach agus go náisiúnta.’
Nótaí:
Is é ‘dé-fháthmheasa’ an téarma a úsáidtear nuair a bhíonn dhá riocht leighis i láthair ag an am céanna. I gcomhthéacs an fhaisnéisithe seo mar a bhaineann sé le síciatracht, ciallaíonn dé-fháthmheasa go mbíonn fadhb mí-úsáide substaintí agus saincheist sláinte meabhrach mar dhúlagar nó neamhord imní ag duine. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an dá cheann de na roghanna cóireála.
Seoladh an tSamhail Chúraim le haghaidh Dé-Fháthmheasa an 23 Bealtaine 2023.
Chuir an Roinn Sláinte, trí Chiste Sláinte na mBan, maoiniú ar fáil do Shábháilteacht á Lorg Éireann mar threoirthionscadal in 2022 agus 2023.
Is é fócas an chláir seo oibriú le mná a bhfuil dé-fháthmheasa acu chun iad a mhúineadh, trí ranganna sícea-oideachasúla, conas sábháilteacht a lorg go rathúil ina ndomhan. Féachann sé le húsáid substaintí, féin-díobháil, agus forbairt caidreamh contúirteach a laghdú.
Tugann Sábháilteacht á Lorg Éireann aghaidh ar bhearna shainaitheanta, go háirithe do mhná a d'fhulaing tráma suntasach san óige agus san aosacht a dtéann saincheisteanna meabhairshláinte agus saincheisteanna mí-úsáide substaintí i bhfeidhm orthu.
Baineann sé úsáid as comhtháthú cineálacha cur chuige cognaíocha, iompraíochta, idirphearsanta agus bainistithe cásanna.