English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Naughton maoiniú sa bhreis do Thacaíocht do Theaghlaigh faoin straitéis náisiúnta frithdhrugaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Lúnasa 2023
  • An t-eolas is déanaí: 8 Lúnasa 2023

D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Hildegarde Naughton, leithdháileadh de bhreis is €240,000 d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun tacaíocht do theaghlaigh a mhaoiniú faoin straitéis náisiúnta frithdhrugaí, Dochar a Laghdú, Ag Tacú le hAisghabháil.

Tá an leithdháileadh seo ar bharr €4 mhilliún faighte sa Bhuiséad 2023 chun seirbhísí andúile pobail agus cónaithe a leathnú.

Tacóidh an maoiniú le tionscnaíocht a chuireann feabhas ar rochtain agus soláthar na seirbhísí sa phobal, a chomhlíonann tosaíocht stráitéiseachta a d'aithin an t-Athbhreithniú Meántréimhseach ar an straitéis náisiúnta frithdhrugaí.

Agus an maoiniú á fógairt, dúirt an tAire Naughton:

"Ní bhíonn tionchar ag úsáid na ndrugaí ar an úsáideoir sa teaghlach amháin, is féidir tionchar suntasach a bheith ag an úsáid ar dhaoine muinteartha chomh maith, páistí ach go háirithe. Táim thar a bheith feasach go dtugann teaghlaigh tacaíocht luachmhar do dhuine muinteartha buailte ag substaint atá biseach ag teacht orthu. Aithním chomh maith go mbíonn riachtanais dá gcuid féin ag teaghlaigh ag an am dúshlánach seo. Tá sé tábhachtach go leanaimid ag tabhairt tacaíochta d'idirghabháilithe ar nós an modh cúig-chéim a thacaíonn le teaghlaigh go sainiúil astu féin, ní amháin mar phríomthacadóir do chóireáil an duine muinteartha. "

Dúirt Joseph Doyle, Ceannas Náisiúnta, Ionchuimsiú Sóisialta, FSS:

"Is príomhchuspóir é de Phlean Seirbhíse Náisiúnta an FSS chun leanúint ar aghaidh le tacaíocht a thabhairt do dhaoine ag fáil sheirbhísí cóireála drugaí le páistí, tuismitheoirí agus a dteaghlaigh san áireamh, i bpáirtíocht le TUSLA, seirbhísí pobail agus deonacha.

"Tugaimid tacaíocht do thionscnaíocht sainiúil maidir le tacaíocht a sholáthar do theaghlaigh ar bhonn fianaise-bhunaithe, ar nós an Modh Idirghabhála 5-Chéim. Fad is atá páirtíocht bheo le TUSLA, seirbhísí pobail agus deonacha ann, tá an FSS tiomnaithe i leith an ráiteas stráitéiseach Dochar i bhFolach

Tá an FSS chun an maoiniú a leithdháileadh chun:

  • Réimse tacaíochtaí do dhaoine muinteartha faoi thionchar an andúile a fhorbairt agus a leathnú, le fócas ar leith ar rochtain fíorúil agus tacaíochtaí tríd an bhForas RISE.
  • Leanúint ar aghaidh le comhordú a dhéanamh ar thraenáil agus tacaíocht ar fáil do chleachtóirí chun an Modh Idirghabhála 5-Chéim a sholáthar trí Thraenáil C&F.
  • Mapáil de sheirbhísí tacaíochta do theaghlaigh a éascú ar bhonn náisiúnta chun ceantair thosaíochta a aithint agus an soláthar seirbhísí a uasmhéadú agus a neartú.

Nótaí

Tacaíocht do Theaghlaigh faoin Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí (SNF)

Leagtar polasaí an Rialtais maidir le húsáid drúgaí agus alcóil amach don tréimshe idir 2017 agus 2025 sa Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Dochar a Laghdú, Ag Tacú le hAisghabháil. Tugann an stráitéis cur chuige comhtháite do shláinte poiblí maidir le húsáid drugaí agus alcóil, ag díriú ar dhochar a laghdú do dhaoine aonair, teaghlaigh agus pobail, chomh maith le hathshlánú agus aisghabháil a chur chun cinn.

Aithníonn an stráitéis an tábhacht a bhaineann le húsáideoirí seirbhísí agus a dteaghlaigh maidir le hionchur a bheith acu ar sheirbhísí éifeachtachta a

phleanáil, a dhearadh agus a sholáthar. Is príomhchuspóir é seo de pholasaí maidir le drugaí.

Tá sé mar aidhm ag Sprioc 4 de Dhochar a Laghdú agus Tacú le hAisghabháil, ná chun rannpháirtíocht de dhaoine aonair, teaghlaigh agus pobail a thacú. Aithníonn an Stráitéis dhá phríomhchuspóir ar leith maidir leis an sprioc seo:

  • Chun athléimneacht na bpobal a neartú agus tógáil ar inniúlacht maidir le freagairt (Cuspóir 4.1).
  • Chun rannpháirtíocht a éascú i measc úsáideoirí seirbhísí agus a dteaghlaigh (Cuspóir 4.2).

D'aithin an t-Athbhreithniú Meántréimhseach sé thosaíocht straitéiseacha le haghaidh na blianta atá fágtha den stráitéis go dtí 2025. Bunaíodh Grúpa Feidhmiú Stráitéiseach 2 (GFS 2) chun feabhas a chur ar rochtain agus soláthar na seirbhísí maidir le drugaí agus alcól sa phobail, de réir samhail shláinte Sláintecare atá bunaithe ar an daonra, de 'Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart'.