Fógraíonn an tAire Seirbhísí nua d’Othair Sheachtracha an Rotunda le bheith lonnaithe san Earl Building, Cleary’s Quarter
- Foilsithe: 17 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 22 Samhain 2023
Inniu, thug an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, cuairt ar an suíomh de na seirbhísí d’othair sheachtracha agus siúlacha nua ar fáil ó Ospidéal an Rotunda, a bheidh lonnaithe san Earl Building, atá mar chuid de Clery's Quarter, suíomh athchóirithe le déanaí.
Nuair atá an suíomh nua coimisiúnaithe, is é an príomhshuíomh a bheidh ann do chlinicí a sholáthraíonn réimse seirbhísí d’othair sheachtracha do bhreis agus 100,000 othar. San áireamh sna seirbhísí seo, tá Othair Sheachtracha Mháithreachais, Othair Sheachtracha Phéidiatracha, Gnáthaimh Cholpascópachta, Sláinte Mheabhrach Imbhreithe, Obair Shóisialta agus Diaitéitic.
Mar thoradh ar an athlonnú beifear in ann na seirbhísí d’othair sheachtracha seo a sholáthar i dtimpeallacht fairsing agus comhaimseartha. I gcomhar leis sin, cabhróidh sé leis an Rotunda chun spás a dhéanamh saor ar an gcampas i gCearnóg Parnell chun forbairt de sciathán cúraim chriticiúil a chur chun cinn. Tá an Rotunda agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag forbairt tograí don sciathán nua seo a sholáthródh aonad dianchúraim do naoínán nuabheirthe, aonad sainchúraim naíonán, agus cumas méadaithe breithe agus obrádlainne.
Ag tabhairt cuairt ar an suíomh inniu, dúirt an tAire Donnelly:
"Cuirim fáilte roimh an FSS ag ceannach an Earl Building nua chun tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhísí d'othair sheachtracha an Rotunda. Is tosaíocht i gClár an Rialtais é Sláinte na mBan a chur chun cinn agus príomhthosaíocht atá ann dom féin mar Aire. Tá caighdeán an chúraim a chuirtear ar fáil sa Rotunda ar an gcaighdeán is airde agus éascóidh an foirgneamh nua seo, nuair choimisiúnófar é sa bhliain 2024, an cúram céanna a sholáthar in áiseanna atá níos oiriúnaí do chóras sláinte sa 21ú haois.
"Tá an Rotunda ar an ospidéal máithreachais is sine ag feidhmiú ar bhonn leanúnach ar domhan agus tá sé ar cheann de na cinn is gnóthaí san Eorap. Trí sheirbhísí oiriúnacha a bhogadh ó champas Chearnóg Parnell, táimid ag déanamh spás le haghaidh infheistíocht sa bhreis ar an suíomh sin chun tacaíocht a thabhairt cúram den chéad scoth a sholáthar. "
Tá dul chun cinn suntasach déanta ar an Earl Building nua, agus meastar go ndéanfar feistiú agus aistriú roimh dheireadh 2024.
Nótaí
Cúlra
Tá Ospidéal an Rotunda ar an ospidéal máithreachais is sine, ag feidhmiú ar bhonn leanúnach ar domhan, bunaithe sa bhliain 1745 agus tá sé ag feidhmiú ó na foirgnimh ina bhfuil sé ar Chearnóg Parnell ón mbliain 1757.
Saolaítear thart ar leanbh amháin as gach seisear in Éirinn in Ospidéal an Rotunda.
Mar thoradh ar bhrú atá ag méadú agus ar aois na háiseanna sa suíomh ar Chearnóg Parnell, shochraigh an Rotunda iarracht a dhéanamh seirbhísí ar leith a bhogadh ón bpríomhchampas.
D'aithin an FSS an Earl Building, atá mar chuid den fhorbairt nua, Clery's Quarter, mar réiteach do sheirbhísí an Rotunda agus rinneadh an cinneadh an suíomh a cheannach. Tá an Earl Building:
- Tógtha le déanaí agus 6-stór in airde;
- Ag cabhrú le spriocanna a bhaint amach don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, le Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) B1 ón tógáil, agus RFF A3 agus neodracht carbóin indéanta le feistiú.
Meastar go mbeidh thart ar €40-45 milliún i gceist leis an infheistíocht measta in iomlán, leis an bhfoirgneamh a cheannach agus a fheistiú san áireamh.
Meastar go gcuirfear é i gcrích agus go ndéanfar an t-aistriú roimh dheireadh 2024.
Nuair atá an suíomh nua ag Clery's Quarter coimisiúnaithe, is é an príomhshuíomh a bheidh ann do chlinicí a sholáthraíonn réimse seirbhísí do bhreis agus 100,000 othar seachtrach agus cás lae in aghaidh na bliana.
San áireamh sna seirbhísí seo, beidh Othair Sheachtracha Mháithreachais, Othair Sheachtracha Phéidiatracha, gnáthaimh Cholpascópachta, Sláinte Mheabhrach Imbhreithe, Obair Shóisialta agus Diaitéitic.
Tá an Rotunda agus an FSS ag forbairt beartais maidir le foirgnimh nua a fhorbairt ag an Rotunda. Trí na seirbhísí d'othair sheachtracha seo a bhogadh, beidh cuid mhór den champas thiar saor, a chabhróidh leis an bhforbairt de sciathán nua san Rotunda do chúram criticiúil.
I measc na tograí nua á fhorbairt, tá aonad dianchúraim do naoínán nuabheirthe nua, aonad sainchúraim naíonán, agus cumas méadaithe breithe agus obrádlainne.
Forbairtí maidir le Seirbhísí Máithreachais agus Gínéiceolaíochta
Tá dul chun cinn ar siúl i dtaobh forbairtí éagsúla maidir le seirbhísí máithreachais agus gínéiceolaíochta san Rotunda, éascaithe ag maoiniú agus earcaíocht le blianta beaga anuas:
- Earcú de 17.3 (coibhéis na n-uaireanta lánaimseartha) ball foirne sa bhreis do sheirbhísí máithreachais, maoinithe tríd an Straitéis Náisiúnta Máithreachais i mBuiséad 2021 agus 2022.
- Tá seirbhís géanómaíoch imbhreithe á bhunú ag an Rotunda. Déanfaidh na seirbhísí cliniciúla meastóireacht, diagnóis, bainistíocht agus cóireáil aimhrialtachtaí roimh bhreith. Tá postanna ar nós Lia Comhairleach sa Ghéineolaíocht Cliniciúil, Sainchomhairleoir Géinitice agus foireann tacaíochta á maoiniú chun an seirbhís a bhunú sa Rotunda.
- Bunaíodh clinic gínéiceolaíochta siúlach an Rotunda sa bhliain 2020 mar chuid de rolladh amach na Samhla Chúraim Gínéiceolaíochta Siúlach.
- D'oscail Sainchlinic Meanapáis an Rotunda i Mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá sé shainchlinic meanapáis ann anois, ceann amháin i ngach gréasáin máithreachais.
- Déanann an Rotunda feidhmiú ar mhol seirbhís d'inmheatróis.
- Déanann an Rotunda feidhmiú ar Mhol Réigiúnach Torthúlachta mar chuid de rolladh amach na Múnla Cúraim um Thorthúlacht.