Fógraíonn an tAire Sláinte €530,000 chun tacú le Plean na hÉireann um Dhíothú Ailse Ceirbheacs
- Foilsithe: 10 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair Jennifer Carroll MacNeill TD., an tAire Sláinte, maoiniú €530,000 inniu chun deireadh a chur le hailse cheirbheacs. Tacóidh an maoiniú ó Chiste Sláinte na mBan le seachadadh Phlean na hÉireann um Dhíothú Ailse Ceirbheacs, a bhfuil sé mar aidhm aige galar neamhchoitianta a dhéanamh d'ailse cheirbheacs in Éirinn faoi 2040.
Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha ar domhan a thug gealltanas do thionscnamh na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) deireadh a chur le hailse cheirbheacs. Bainfear é seo amach trí spriocanna WHO maidir le rátaí vacsaínithe in aghaidh an Phapalómaivíris Daonna (HPV),scagthástáil ceirbheacs agus cóireáil luath a fháil.
Leagtar na chéad chéimeanna eile amach chun na spriocanna seo a bhaint amach sa Phlean Gníomhaíochta um Dhíothú Ailse Ceirbheacs 2025-2030 a foilsíodh le déanaí. Ina measc seo tá béim ar rátaí vacsaínithe agus scagthástála a mhéadú i gceantair nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill
"Is cúram sláinte cothrom é cúram sláinte ar ardchaighdeán, agus níor cheart go bhfágfadh ár n-iarrachtaí deireadh a chur le hailse cheirbheacs aon duine ina dhiaidh. Tá áthas orm go gcuirfidh an maoiniú atá á fhógairt agam inniu béim ar leith ar riachtanais daoine, nach ndéanann teagmháil lenár seirbhísí sláinte de ghnáth, a shásamh agus freagairt dóibh. Más féidir linn tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le vacsaíniú agus scagadh, is féidir linn tacú ar bhealach níos éifeachtaí le daoine teagmháil a dhéanamh le córas sláinte atá coisctheach agus éifeachtach.
“An tseachtain seo caite, chuir mé béim ar roinnt tionscnamh atá ag Ciste Sláinte na mBan, a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na mban trí chosc, idirghabháil luath, agus cóireáil spriocdhírithe. Níl aon rud níos claochlaithí nó níos tábhachtaí ná ár gcumas fáil réidh le hailse. In Éirinn, gach bliain diagnóisítear ailse cheirbheacs ar 250 bean agus faigheann thart ar 82 bean bás dá bharr.
"Taobh thiar de na figiúirí seo tá fíor-eispéiris na mban agus a dteaghlaigh atá scriosta ag tinneas, tinneas atá inchoiscthe den chuid is mó. Ní mór dúinn leanúint orainn ag obair le chéile chun rátaí vacsaínithe HPV agus rátaí scagthástála a mhéadú, go háirithe I measc grúpaí imeallaithe, chun dul níos gaire do thodhchaí saor ó ailse cheirbheacs."
Tacóidh an infheistíocht a fógraíodh inniu le cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí a bhaineann le gach ceann de na trí sprioc chomhuaineach maidir le vacsaíniú, scagadh agus cóireáil luath. I measc na dtionscnamh tá:
- Clár píolótach chun rátaí vacsaínithe HPV a fheabhsú i measc grúpaí nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, lena n-áirítear mná den Lucht Siúil, den Phobal Romach agus d'imircigh.
- Taighde ar ghlacadh le vacsaíniú HPV i scoileanna, chun riachtanais faisnéise a thuiscint agus chun acmhainní spriocdhírithe faisnéise a chruthú.
- Scrúdú a dhéanamh ar idirghabhálacha sonracha cosúil le roghanna féinsamplála HPV a thabhairt isteach don chlár scagthástála ceirbheacs chun feabhas a chur ar an nglacadh i measc grúpaí nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu
- Post comhaltachta gínéiceolaíochta a mhaoiniú chun a chinntiú go bhfuil sainscileanna oiriúnacha ar fáil don líon beag ban a mbeidh cóireáil ag teastáil uathu.
Dúirt Stiúrthóir Sláinte Poiblí, na Seirbhíse Náisiúnta Scagthástála agus Ceannasaí na Comhpháirtíochta um Dhíothú Ailse Ceirbheacs, an Dr Caroline Mason Mohan:
"Tá maoiniú ó Chiste Sláinte na mBan ag cabhrú linn ár bhfís a bhaint amach chun ailse cheirbheacs a dhéanamh neamhchoitianta i ngach pobal in Éirinn. Is é cothromas an tosaíocht uileghabhálach inár bplean gníomhaíochta, chun an fhís seo a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí pobail agus cumarsáid faoi thionchar an phobail a fhorbairt chun grúpaí imeallaithe, nach bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu, a shroichint.
"Is príomhthacaíocht é Ciste Sláinte na mBan inár gcuid oibre, chun pobail a chumasú iad féin a stiúradh go háitiúil, spriocanna domhanda a bhaint amach agus taithí na mban ar chúram sláinte a fheabhsú.
"Nascann pobail daoine le seirbhísí sláinte poiblí duinelárnach. Cothaíonn siad muinín. Tá siad nuálaíoch. Is féidir leo na gníomhartha cuí a mhúnlú agus a chur in oiriúint i gcomhréir lena sainriachtanais féin."
Nótaí:
Ní chiallaíonn deireadh a chur le hailse cheirbheacs cásanna a bheith ag a náid; tá sé mar aidhm againn Item was unpublished or removed
Bainfear amach deireadh a chur le hailse cheirbheacs trí chomhiarracht a dhéanamh ar sheirbhísí vacsaínithe, scagthástála ceirbheacs agus cóireála Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhpháirtíocht le pobail.
Tá trí sprioc dhomhanda leagtha síos ag an WHO do gach tír faoi 2030 chun an domhan a chur i dtreo deireadh a chur le hailse cheirbheacs. Léiríonn ár sonraí bonnlíne an chaoi a bhfuilimid ag dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin, tar éis dhá cheann de na spriocanna a bheith sáraithe cheana féin:
- Clúdach vacsaínithe HPV 84% i measc cailíní incháilithe (sprioc dhomhanda: 90%)
- Clúdach scagthástála ceirbheacs 73% do mhná incháilithe gach 5 bliana (sprioc dhomhanda: 70% scagtha roimh aois 35 agus 45)
- Cóir leighis curtha ar 97% de dhaoine mar gheall ar ghalar ionrach laistigh de bhliain amháin (sprioc dhomhanda: 90%)
Tá Éire in áit láidir chun gach sprioc dhomhanda a shárú, agus tá spriocanna náisiúnta leagtha síos againn anois chun cothromas a bhaint amach i measc gach grúpa daonra faoi 2030:
- 90% de chailíní vacsaínithe go hiomlán i gcoinne HPV faoi aois 15
- Clúdach scagthástála ceirbheacs HPV ag 80% do mhná atá incháilithe gach 5 bliana
- Cuireadh cóir leighis ar 97% de mhná a bhfuil ailse cheirbheacs orthu agus a raibh réamh-ailse orthu laistigh de bhliain amháin