English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte agus an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an conradh nua Sláintecare do lianna comhairleacha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2021

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Paschal Donohoe TD, an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, conradh nua Sláintecare do lianna comhairleacha inniu (an 18 Nollaig).

Ón dara ráithe den bhliain 2020 i leith, is chuig an gconradh nua Sláintecare do lianna comhairleacha a cheapfar gach lia comhairleach. Ceanglas de chuid an chonartha is ea nach ndíríonn lianna comhairleacha atá á bhfostú ag an Stát ach ar obair phoiblí amháin.

Ní cheadófar cleachtadh príobháideach faoin gconradh nua seo, agus is cuid dhílis den athchóiriú seo é an t-athrú sin.

Chun an t-athrú sin a léiriú, tairgfear an conradh nua Sláintecare ag leibhéil mhéadaithe phá suas go dtí €222,460, a mhéadófar tuilleadh go €252,150 faoi mhí Iúil 2022.

Ní bheidh feidhm ag na socruithe conartha nua seo ach amháin maidir le hiontrálaithe nua. Tairgfear an deis do lianna comhairleacha atá ann cheana aistriú chuig an gconradh beartaithe nua. Beidh an rogha acu freisin fanacht ar a gconradh reatha.

Dúirt an tAire Harris:

“Cor cinniúnach d’othair in Éirinn atá anseo. Is é an toradh a bheidh ar an aistriú chuig cúram ospidéil poiblí aonsraithe ná go mbainfimid leas as seirbhís sláinte níos cothroime, as seirbhís ospidéil níos inbhuanaithe agus níos éifeachtúla agus as agaí feithimh níos giorra.

“Beidh am ag teastáil chun déanamh amhlaidh. Mar sin féin, táimid tiomanta do 1,885 lia chomhairleacha a earcú ar chonarthaí poiblí amháin idir seo agus an bhliain 2030. Mar thoradh air sin, soláthrófar luach níos fearr ar airgead agus éascófar an fhís atá leagtha amach sa chlár Sláintecare. Fágfaidh sé sin go mbeidh 1,000 lia comhairleach sa bhreis ann faoin mbliain 2030.”

Dúirt an tAire Donohoe:

“Is deis í don ghlúin seo an tslí a soláthraítear cúram ospidéil in Éirinn a athchóiriú.

“Athchóiriú ollmhór is ea ceangal a chur ar lianna comhairleacha díriú ar obair phoiblí amháin agus is léiriú ar an athrú sin iad na rátaí méadaithe pá atá á bhfógairt. I dTuarascáil de Buitléir ar an gcleachtadh príobháideach a bhaint d’ospidéil phoiblí, rud a bhfuil na bearta seo bunaithe air, léirítear gurb an-fhabhrach i gcomparáid le tíortha eile atá na rátaí pá atáimid ag cur i bhfeidhm sa chonradh nua Sláintecare. Tá súil agam go dtacóidh na heagraíochtaí ionadaíocha do lianna comhairleacha ospidéil leis an athchóiriú seo le leas an phobail toisc go bhfuil sé ina chuid dhílis d’fhís an chláir Sláintecare a bhaint amach.

“Ní bheifear in ann an leas is mó is féidir a bhaint as athruithe sa tslí a ndéanaimid cúram sláinte poiblí a bhainistiú agus a sholáthar má bhíonn cinnteoirí sinsearacha cúram sláinte ag obair agus ag díriú ar ghníomhaíochtaí gnó phríobháidigh. Sin é an fáth a bhfuil an t-athchóiriú seo tábhachtach. Mar thoradh ar an athchóiriú seo agus ar an earcaíocht bhreise a chisteoidh an Rialtas sna blianta atá le teacht, cabhrófar le feabhsuithe inbhraite a sholáthar d’othair a bhíonn ag brath ar an gcóras sláinte poiblí.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Harris:

“Táim ag súil le dul i ndáil chomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir le cur i bhfeidhm an chonartha Sláintecare go luath sa Bhliain Nua de réir mar a thógaimid na chéad chéimeanna eile san aistear i dtreo cúram ospidéil poiblí aonsraithe a sholáthar.”

CRÍOCH