Fógraíonn an tAire Sláinte bunú an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis
- Foilsithe: 17 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu, bunú an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis na Roinne Sláinte. Tá an chéad chruinniú den tascfhórsa ar siúl inniu, Dé Céadaoin 17 Eanáir.
Tá infheistíocht nach bhfacthas a leithéid riamh feicthe ag an tSeirbhís Sláinte le trí bliana anuas, le breis agus 1070 leaba ospidéil ghéarchúraim oscailte, agus 25,000 ball foirne breise fostaithe ó 2020 i leith. Sin méadú 20%, rud a chiallaíonn do gach 5 duine a oibríonn sa tseirbhís sláinte in 2020, tá 6 againn anois.
Áirítear leis an méadú seo 7,510 altra agus cnáimhseach breise; 3,881 gairmí sláinte agus cúraim shóisialta sa bhreis; agus 2,859 dochtúir agus fiaclóir breise. Tá fás comhsheasmhach feicthe againn sa fhórsa saothair gach bliain ó 2020, le fás is mó riamh. Bhí an fás sa lucht saothair in 2023 ar an leibhéal is airde fiú ó bunaíodh an FSS.
Dúirt an tAire Stephen Donnelly, TD;
“Ó 2016 tá an buiséad do Shláinte méadaithe ó €11.8 billiún go dtí an €22.5 billiún a fógraíodh sa bhuiséad do 2024.
“Le linn an ama sin, chonaiceamar leibhéil earcaíochta is airde riamh agus tháinig ardú beagnach 40% ar líon na gcoibhéisí lánaimseartha (CLAanna) ó 91,559 go 145,052.
“Cé gur éirigh linn gníomhaíocht a mhéadú inár n-ospidéil, tá costas níos airde ag baint leis seo.
“Chonaiceamar éagsúlacht idir acmhainní agus gníomhaíochtaí.
“Tá méadú níos mó ná 80% tagtha ar an gcaiteachas ar ghníomhaíocht ghéarchúraim le seacht mbliana anuas, ó €4.4bn in 2016 go €8.1bn in 2023, agus is ionann caiteachas géarchúraim agus breis agus trian dár gcaiteachas iomlán anois.
“Tá méadú €3.2 billiún tagtha ar chostas párolla na seirbhísí sláinte’ sa tréimhse chéanna.
“Ní raibh líon na n-othar ar cuireadh cóireáil orthu ar aon dul leis an méadú mór seo ar acmhainní, áfach, ag ardú 10-20% thar an tréimhse chéanna. Tháinig fás 36% ar fhórsa saothair an ospidéil sa tréimhse chéanna.”
Tá an méadú is mó riamh le feiceáil ar an éileamh ar sheirbhísí sláinte, agus daonra atá ag fás go tapa agus ag dul in aois in Éirinn. Tá ardú 22% tagtha ar líon na ndaoine os cionn 65 bliain d’aois ó 2016.
Sa bhliain go Meitheamh chonaic an FSS breis agus 3.5 milliún duine i gclinicí d’othair sheachtracha, rinne siad 1.16 milliún gnáthamh cásanna lae, bhí 634,476 eachtra de chúram othar cónaitheach agus 1.68 milliún othar i ranna éigeandála agus in aonaid gortaithe.
Chomh maith le cóireáil a chur ar níos mó daoine feicimid torthaí feabhsaithe dóibh siúd a ndéanaimid cóireáil orthu – mar shampla, líon na nÉireannach atá ag maireachtáil tar éis ailse, méadú níos mó ná leath le deich mbliana anuas de réir mar a leanann rátaí marthanais ag feabhsú.
Bhí an ráta breisithe ar na liostaí feithimh in 2023 thart ar 12% (c. 188k) níos airde ná in 2022 agus os cionn 23% (c. 322k) níos airde ná in 2019.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD;
“Cé go bhfuil i bhfad níos mó othar á chóireáil ag an tseirbhís sláinte, tá an t-éileamh ag fás i gcónaí.
“Chun freastal ar an éileamh atá ag síormhéadú ar sheirbhísí sláinte táimid ag athrú agus ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag athrú conas a sholáthraímid na seirbhísí sin.
“De réir mar a mhéadaíonn éilimh shláinte ár ndaonra, beidh orainn bealaí nuálaíocha agus inbhuanaithe a fhorbairt chun freastal ar an éileamh seo.
“Ní mór dúinn breathnú níos doimhne ar an gcaoi a bhfuil ár seirbhísí cúram sláinte á struchtúrú againn chun a chinntiú go n-úsáidtear acmhainní go héifeachtach, agus go n-uasmhéadaítear táirgiúlacht na seirbhíse sláinte. Ionas gur féidir linn an oiread daoine agus is féidir linn a chóireáil.”
Beidh sé mar aidhm ag an Tascfhórsa Táirgiúlachta agus Coigiltis coigilteas a bhaint amach agus táirgiúlacht a uasmhéadú ar fud na seirbhísí sláinte.
Is iad na réimsí seo a leanas na réimsí spéise:
- Úsáid a bhaint as teicneolaíocht nua chun rochtain a sholáthar d’ospidéil ar uirlisí bainistíochta sonraí agus léirshamhlaithe ceannródaíocha chun aschuir sláinte a fheabhsú.
- Bealaí oibre nua - próisis oibríochtúla a chuíchóiriú, chun táirgiúlacht a thiomáint ar fud na hearnála sláinte.
- Soláthar
- Costas cúram sláinte amach anseo, a bhreithneoidh i measc rudaí eile, an tionchar a bheidh ag déimeagrafaic agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar sheirbhísí cúram sláinte na todhchaí.
Feabhsóidh an Tascfhórsa tionscadail leanúnacha i réimsí mar, laghdú ar bhuiséad leigheasanna na seirbhísí sláinte, laghdú ar chostais chomhairleoireachta gníomhaireachta agus bhainistíochta agus rolladh amach luathaithe an chórais comhtháite bainistíochta airgeadais an FSS.
Mar atá leagtha amach sna Téarmaí Tagartha, beidh oifigigh shinsearacha ón R/Sláinte, ó FSS agus ó na seirbhísí sláinte níos leithne páirteach sa Tascfhórsa. Beidh an Tascfhórsa faoi chomhchathaoirleacht an Príomhfheidhmeannach FSS agus Ard-Rúnaí na R/Sláinte, a bheidh freagrach as tuairisciú rialta don Aire Sláinte ar dhul chun cinn.
I ndeireadh na dála, is é aidhm an Tascfhórsa maoiniú reatha a uasmhéadú agus an oiread seirbhísí agus is féidir a sholáthar d’othair, agus ag an am céanna freastal ar riachtanais dhaonra atá ag dul i méid agus atá ag dul in aois.
Ba mhaith leis an Aire buíochas a ghabháil leo siúd go léir a bhí tiomanta do bheith mar chuid den tionscadal seo. Beidh obair an Tascfhórsa rannchuidiú ríthábhachtach le forbairt seirbhíse sláinte inbhuanaithe agus éifeachtach a mbeidh tionchar dearfach aige ar fheidhmíocht agus ar tháirgiúlacht na hearnála sláinte.