Fógraíonn an tAire Sláinte ceadú an Rialtais do Chonradh Comhairleoirí Sláintecare nua
- Foilsithe: 7 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Nollaig 2022
I mbeart suntasach, cheadaigh an Rialtas togra ón Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD inniu le haghaidh conradh nua comhairleoirí ospidéil poiblí amháin.
Tagann sé sna sála ar chur i gcrích caibidlíochtaí ar an gconradh nua tar éis cainteanna fairsinge idir an Roinn Sláinte (DoH), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ceardchumann Dhochtúirí na hÉireann (IMO) agus Comhlachas Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann (IHCA).
Chuir Cathaoirleach an Phróisis, an tUasal Tom Mallon, JC in iúl don Aire níos luaithe an tseachtain seo go raibh an dara babhta caibidlíochta, a thosaigh mí Lúnasa seo caite, tagtha chun críche.
Cheadaigh an Rialtas an conradh nua inniu, agus déanfaidh na comhlachtaí ionadaíocha na tograí a mheas trína bpróisis faoi seach.
Dúirt an tAire Stephen Donnelly:
“Beidh tabhairt isteach an chonartha nua seo ina bheart suntasach maidir le Cúram Sláinte Uilíoch a sholáthar. Bhí áthas orm a bheith in ann a chur in iúl do mo chomhghleacaithe rialtais go raibh deireadh tagtha leis na caibidlíochtaí idir mo Roinn, FSS, IMO agus an IHCA.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil lenár gCathaoirleach, Tom Mallon, as a thiomantas le linn an phróisis seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le hoifigigh i mo Roinn féin agus le FSS a d'oibrigh gan stad gan staonadh ar na saincheisteanna seo ar feadh níos mó ná bliain amháin.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an IMO agus leis an IHCA as a dtiomantas don phróiseas seo agus tá moladh mór ag dul dóibh as ucht teacht ar chonradh cothrom, forásach a chuireann leasanna na n-othar chun tosaigh. Creidim gur chuireamar a leithéid de chonradh ar fáil tríd an bpróiseas atá díreach curtha i gcrích.
“Coimeádfaidh cur i bhfeidhm an chonartha nua seo móiminteam an athchóirithe agus an fheabhsúcháin ar ár seirbhísí sláinte.
“Tá níos mó infheistithe ag an Rialtas seo inár seirbhísí sláinte ná aon rialtas a tháinig roimhe seo. Tá an buiséad sláinte níos airde ná riamh ag breis is €23 billiún. Cuireadh os cionn 900 leaba ghéarmhíochaine bhreise ar fáil ón 1 Eanáir 2020, agus mhéadaíomar ár líon leapacha cúraim chriticiúil faoi 26%.
“Tá breis agus 16,200 ball foirne earcaithe againn le dhá bhliain anuas; 4,600 altra agus cnáimhseach, 2,650 gairmí sláinte agus cúraim shóisialta, agus breis is 1,750 dochtúir agus fiaclóir. Is é seo an leibhéal is airde earcaíochta i stair ár seirbhíse sláinte, agus tá sé i gceist againn leanúint ar aghaidh ag earcú chomh tapa agus is féidir linn.
“Ina ainneoin sin, bhí ár gcóimheas idir comhairleoirí agus daonra in Éirinn i bhfad ró-íseal go stairiúil. Tá 3,800 comhairleoir fostaithe againn sa chóras poiblí anois, sin méadú 1,300 le 10 mbliana anuas. Ba mhaith linn leanúint ar aghaidh lenár n-uimhreacha comhairleoirí a thógáil chun seirbhís ar chaighdeán níos fearr a sholáthar d'othair, agus chun cothromaíocht oibre agus saoil na gcomhairleoirí a fheabhsú.
“Cinnteoidh an conradh nua seo go gcuirfear cúram ar fáil nuair is mó a theastaíonn sé ó othair. Ciallaíonn cinnteoireacht ó chomhairleoirí ar an láthair go laghdaítear iontrálacha éigeandála, tréimhsí fanachta níos giorra agus pleananna cúraim níos iomláine maidir le scaoileadh as an ospidéal. Ní bheidh méadú ar uaireanta oibre comhairleoirí mar thoradh ar an gconradh nua seo ach ina ionad sin díreoidh sé ar a chinntiú go mbeidh na cinnteoirí sinsearacha seo i láthair agus ag cur cúram othar ar fáil nuair a bheidh an t-éileamh is airde ann. Cuirfidh sé seo ar chumas na seirbhíse sláinte sreabhadh éifeachtach tráthúil othar lasmuigh d'uaireanta oibre a chothabhái agus ag an deireadh seachtaine, feabhas a chur ar láithreacht shinsearach cinnteoirí ar an láthair agus amanna feithimh a laghdú trí acmhainn a uasmhéadú inár n-ospidéil. Ceadóidh an conradh nua seo aistriú ó sholáthar cúraim phríobháidigh in ospidéil phoiblí agus cinnteoidh sé go gcuirfear acmhainní stáit ar fáil de réir riachtanais seachas cumas íocaíocht a dhéanamh."
Cheadaigh an Rialtas 1,000 comhairleoir breise a earcú tar éis tabhairt isteach Chonradh Sláintecare.
Áireofar i gconradh nua Sláintecare:
- Bunphá €209,915 - €252,150 ar scála sé phointe.
- Seachtain 37 uair an chloig le 8.00am go 10.00pm Luan go hAoine agus 8.00am go 6.00pm Dé Sathairn.
- Leanfaidh comhairleoirí ag fáil luach saothair breise as glao-dhualgais agus ragobair de réir mar is cuí.
- Conradh an-solúbtha a chuireann ar chumas comhairleoirí éagsúlacht de phatrúin oibre éagsúla a roghnú lena n-áirítear níos lú ná lánaimseartha; comhroinnt oibre; uaireanta comhbhrúite; beidh amanna solúbtha tosaigh agus críochnaithe ar fáil chomh fada agus is féidir.
- Tacú le comhairleoirí a bheith rannpháirteach in oiliúint agus i dtaighde oideachais leighis agus béim níos mó ar thaighde agus oideachas a chumasú ag teacht le dlínsí eile.
- Beidh saorchead ag comhairleoirí, tar éis dóibh a dtiomantas dá gconradh poiblí a chomhlíonadh, dul i mbun cleachtais phríobháidigh lasmuigh den láithreán, ar an mbealach céanna agus a cheadaítear san NHS.
- Tosaíocht ag an Rialtas is ea níos mó cúram sláinte poiblí arna sholáthar ag comhairleoirí a chur ar fáil. Tá fócas an chonartha seo ar obair phoiblí in ospidéil phoiblí ríthábhachtach chun cabhrú linn bogadh chuig córas ina gcuirtear cóir leighis ar gach othar in ospidéil phoiblí de réir a riachtanas.
Dúirt an tAire Donnelly:
“D'aithin mé an gá le poist chomhairleoirí a dhéanamh tarraingteach chun an oiread agus is féidir a líonadh ar bhonn buan. Beidh tabhairt isteach an chonartha nua seo do chomhairleoirí ina chéim shuntasach chun cinn, creidim, chun tacú le cúram comhairleach a sholáthar agus dá réir sin feabhas a chur ar chúram othar.
“Tá comparáid an-fhabhrach ag an gconradh le seirbhísí sláinte eile ar fud an domhain agus táim cinnte go mbeidh sé tarraingteach d'iarrthóirí ionchasacha, agus go gcuirfidh sé ar chumas seirbhísí sláinte poiblí cúram a sholáthar nuair a thagann riachtanais sláinte othar chun cinn.
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt arís don tiomantas a léirigh mo Roinn, FSS, an IMO, an IHCA agus Cathaoirleach Neamhspleách an phróisis, Tom Mallon, don athchóiriú criticiúil sláinte poiblí seo a chuir ar ár gcumas an próiseas seo a thabhairt chun críche. Táim ag tnúth go dtacóidh na comhlachtaí comhairleacha leis na tograí seo in am trátha."