English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte ceapachán chomhaltaí an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 6 Márta 2024

Inniu, d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, agus an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, ceapachán chomhaltaí an Choimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta.

Tá an Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine scothaosta rochtain a fháil ar chúram atá tráthúil, ar ardchaighdeán, duinelárnach agus comhtháite sa suíomh is oiriúnaí agus chun tacú le haosú dearfach ar fud an tsaolré.

Scrúdóidh an Coimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta na seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus na tacaíochtaí do dhaoine scothaosta ar fud leanúntas an chúraim agus déanfaidh sé moltaí maidir lena bhforbairt straitéiseach. Cuireann comhaltaí an Choimisiúin saineolas ar fáil i réimsí na geiriatraice, na géineolaíochta, na heacnamaíochta sláinte, an bheartais agus na bainistíochta sláinte, an chúraim phríomhúil, na heitice sláinte, na dteicneolaíochtaí sláinte, an aosaithe agus an mhíchumais.

Cuirfidh Grúpa Tagartha de pháirtithe leasmhara saineolas agus taithí bheo ar fáil maidir le riachtanais éagsúla agus athraitheacha ár ndaonra atá ag dul in aois, lena n-áirítear an earnáil phobail agus dheonach agus ionadaithe do dhaoine scothaosta.

Ag fógairt cheapachán na gcomhaltaí dó, dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil grúpa saineolaithe aitheanta den sórt sin ceaptha don Choimisiún. Mar cheannairí ina réimsí faoi seach, tabharfaidh siad an-chuid eolais agus taithí don Choimisiún ar fud na speisialtachtaí chomh héagsúil le geiréatraic, geirinteolaíocht, eacnamaíocht sláinte, beartas agus bainistiú sláinte, cúram príomhúil, eitic sláinte, teicneolaíochtaí sláinte, aosú agus míchumas. Cinnteoidh ceapadh ionadaithe na n-earnálacha pobail agus deonacha agus daoine scothaosta go mbeidh obair an Choimisiúin bunaithe ar thaithí saoil daoine ar fud na hÉireann.”

Agus é ag labhairt faoi cheapachán na gcomhaltaí mar chéim shuntasach i dtreo bhunú an Choimisiúin, dúirt an tAire Butler:

“Agus a gcuid saineolais agus taithí leathan acu, cinnteoidh comhaltaí an Choimisiúin go mbeidh moltaí an Choimisiúin bunaithe ar dhea-chleachtas atá ag teacht chun cinn agus ar cheachtanna a foghlaimíodh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Níos tábhachtaí fós, tá muinín agam go n-éireoidh leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa Tagartha go gcloisfear guth na ndaoine scothaosta iad féin. Táim ag tnúth le bunú an Choimisiúin sna seachtainí amach romhainn agus lena dtuarascálacha a fháil in am trátha.”


Nótaí:

Coimisiúin um Chúram do Dhaoine Scothaosta

Faoin gCathaoirleach, an tOllamh Alan Barrett (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta), beidh an Coimisiún comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas:

  • An Dr Emer Ahern, Comhairleoir, Geiriatraí Tráma agus Ortaipéideach, Ospidéal Ollscoile Chorcaí, agus Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannaire Grúpa, Daoine Scothaosta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Tá an Dr. Ahern ina Uachtarán ar Chumann Geirinteolaíoch na hÉireann faoi láthair.
  • An Dr Jonathan Cylus, Comhalta Sinsearach Taighde, Scoil Eacnamaíochta Londan agus Ceann Mhoil Londan na Faireachlainne Eorpaí um Chórais agus Beartais Sláinte.
  • An Dr Lucinda Dockeray, Stiúrthóir, Cúrsa Cúram do Dhaoine Scothaosta, Coláiste Cleachtóirí Ginearálta na hÉireann.
  • Ita Healy, Cathaoirleach, Líonra Náisiúnta na gComhairlí Daoine Scothaosta agus Cathaoirleach Chomhairle Daoine Scothaosta na Mí.
  • An tOllamh Mary McCarron, Ollamh le hAosú agus Míchumas Intleachtúil, agus Stiúrthóir Lárionad Choláiste na Tríonóide um Aosú agus Míchumas Intleachtúil, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Seirbhíse Náisiúnta um Chuimhne um Míchumas Intleachtúil.
  • Catherine McGuigan, Príomhoifigeach, Aoisbhá Éirinn.
  • Seán Moynihan, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, ALONE.
  • An tOllamh Christopher Nugent, Ceann Scoil na Ríomhaireachta, Ollscoil Uladh.
  • An tOllamh Eamonn O’Shea, Ollamh Pearsanta i Scoil an Ghnó agus na hEacnamaíochta, Stiúrthóir Ionad na hÉireann um Sheaneolaíocht Shóisialta, agus Stiúrthóir an Ionaid um Thaighde Eacnamaíoch agus Sóisialta ar Néaltrú, Ollscoil na Gaillimhe.
  • Cathy Reynolds, Comhalta Boird agus Eispéireas Beo, Cumann Alzheimer na hÉireann.
  • An tOllamh David Smith, Ollamh Comhlach le hEitic Cúraim Sláinte, Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI).

An Clár Rialtais: Tá ár dTodhchaí Chomhroinnte (2020) tiomanta do ‘choimisiún a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar chúram agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta’.

An 3 Deireadh Fómhair 2023, cheadaigh an Rialtas an togra, a thug an tAire Sláinte agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta ar aghaidh chun Coimisiún neamhspleách um Chúram do Dhaoine Scothaosta a bhunú.

An 14 Nollaig 2023, d’fhógair an tAire Sláinte agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta ceapachán an Ollaimh Alan Barrett (Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta) mar Chathaoirleach an Choimisiúin.

Déanfar an Coimisiún, a gheobhaidh tacaíocht ó rúnaíocht ón Roinn Sláinte, a bhunú go foirmiúil go luath.

Cuirfear obair an Choimisiúin chun cinn trí thrí mhodúl leithleacha oibre. Mairfidh an chéad dá mhodúl sé mhí agus mairfidh an modúl deiridh ar feadh 12 mhí. Reáchtálfar na modúil as a chéile, tá an chéad mhodúl le tosú go luath in 2024.

Déanfar iniúchadh i Modúl 1 ar sheirbhísí reatha agus ar fhoghlaim don todhchaí, ag díriú go háirithe ar; seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, samhlacha maireachtála tacaithe do dhaoine scothaosta, agus tionscnamh beartais atá faoi oiliúint laistigh den chóras cúraim shóisialta.

Déanfar iniúchadh i Modúl 2 ar roghanna don todhchaí, ag díriú go háirithe ar na nithe seo a leanas: forbairt straitéiseach an chúraim sláinte agus shóisialta, forbairt straitéiseach an bhonneagair chaipitil, teicneolaíochtaí nua, agus maoiniú agus leithdháileadh acmhainní.

Ullmhófar tuarascáil i ndiaidh Mhodúl 2 le breithniú a dhéanamh ar an Aire Sláinte agus an tAire Stáit le haghaidh Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta ina sonrófar na dúshláin agus na deiseanna a aithníodh, agus ina gcuirfear creat i láthair d’fhorbairt straitéiseach uileghabhálach seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí do dhaoine scothaosta a chuireann cuspóirí straitéiseacha náisiúnta chun cinn.

Ina dhiaidh sin, bunófar grúpa tras-rannach faoi choimirce an Choimisiúin chun a mheas an bhfuil na tacaíochtaí d’aosú dearfach ar fud an tsaolré oiriúnach don fheidhm agus chun plean feidhmithe costáilte a fhorbairt le haghaidh roghanna chun na tacaíochtaí sin a bharrfheabhsú.