English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte ceapadh an Ollaimh Anne Scott mar Chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha CervicalCheck

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2020

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu go gceapfar an tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, OÉ Gaillimh mar Chathaoirleach nua ar Choiste Stiúrtha CervicalCheck.

Dúirt an tAire Donnelly: “Tá ríméad orm gur ghlac an tOllamh Scott leis an gceapachán seo mar Chathaoirleach neamhspleách ar Choiste Stiúrtha CervicalCheck. Tá neart taithí aici ó róil éagsúla in Éirinn agus thar lear, agus creidim go gcuirfidh sí go mór leis an obair thábhachtach seo. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna ar bunaíodh an Coiste lena mbainistiú ar dtús in 2018, agus mar sin d’iarr mé ar an Ollamh Scott, i gcomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara, machnamh a dhéanamh ar cad iad na príomhthéarmaí tagartha don chéad chéim eile den obair.

“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do bhaill an Choiste ó 2018 as an obair shuntasach atá curtha i gcrích go dtí seo agus an ról ríthábhachtach a bhí acu sa fhreagra beartais ar an iliomad saincheisteanna a tháinig chun cinn maidir leis an gclár CervicalCheck.

“Faoi cheannaireacht an Ollaimh Scott, ba mhaith liom go leanfadh an Coiste ag cur leis an obair thábhachtach chun an clár scagtha CervicalCheck a athbhunú mar phríomhchlár idirnáisiúnta scagthástála ailse, muinín an phobail agus muinín i scagadh a fheabhsú, agus an aidhm dhomhanda maidir le díothú ailse cheirbheacs a chur chun cinn."

Dúirt an tOllamh Anne Scott: “Tá an-áthas orm glacadh le cuireadh an Aire Donnelly agus Cathaoirleacht a dhéanamh ar Choiste Stiúrtha CervicalCheck. Agus muid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de ghníomhaíocht an Choiste Stiúrtha, táim ag tnúth le bheith ag obair i gcomhar le baill an Choiste chun leanúint den chlár oibre tábhachtach seo a chur chun cinn ar mhaithe le sláinte na mban in Éirinn. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag díriú ar na haidhmeanna straitéiseacha fadtéarmacha chun clár scagtha ceirbheacs inbhuanaithe agus éifeachtach a chinntiú a choimeádann muinín an phobail."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Beathaisnéis an Ollaimh Anne Scott

Tá Anne Scott ina hOllamh agus Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh agus ina Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí HEAnet.

Is RGN (altra ginearálta cláraithe) í Anne, tá BA aici i bhFealsúnacht agus Síceolaíocht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus PhD san Fhealsúnacht ó Ollscoil Ghlaschú. Le linn a gairme bhí róil cheannaireachta éagsúla aici in ollscoileanna lena n-áirítear Ceann Scoile, Déan Feidhmiúcháin, Leas-Uachtarán agus Cláraitheoir (DCU 2006-2012) in earnálacha ollscoile na hÉireann agus Shasana.

D’fhóin Anne ar roinnt bord san earnáil phoiblí lena n-áirítear Bord an HRB, Bord FSS (2004-2011), Comhairle Bitheitice na hÉireann, Comhairle na nGobharnóirí, Iontaobhas Fondúireachta NHS na mBan i Learpholl, Bord Stiúrthóirí Comhpháirtithe Sláinte Learpholl, Bord Gobharnóirí Iontaobhas Ospidéal Ollscoile Ríoga Learpholl agus Broadgreen.

I measc na spéiseanna taighde atá ag Anne tá fealsúnacht agus eitic an chúraim sláinte, breithiúnas agus cinnteoireacht i gcleachtas cliniciúil agus i dtaighde seirbhísí sláinte - ag díriú ar an lucht saothair sláinte. Bhí sí ar thús cadhnaíochta ar chlár taighde lucht saothair Altranais RN4Cast arna mhaoiniú ag an AE agus bhí sí ina ball de Thascfhórsa na Roinne Sláinte ar Sholáthar Foirne agus Meascán Scileanna don Altranas ó mhí Iúil 2014.