English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte comhairliúchán poiblí maidir le leathnú cógaisíochta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2024

Sheol an tAire Sláinte Stephen Donnelly comhairliúchán poiblí inniu chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi leathnú ról na gcógaiseoirí.

Tá tuairimí á lorg maidir le:

  • Leathnú ar ról na gcógaiseoirí
  • Leathnú ar sheirbhísí cógaisíochta a chuirtear ar fáil don phobal
  • Idirghníomhaíocht idir sheirbhísí cógaisíochta leis an tseirbhís cúraim sláinte

Tagann an comhairliúchán seo sna sála ar bhunú Tascfhórsa Saineolaithe an Aire i mí Iúil seo caite chun tacú le leathnú ról na gcógaiseoirí in Éirinn. Tá scrúdú á dhéanamh ag an Tascfhórsa faoi láthair ar an leathnú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar sheirbhísí cógaisíochta faoi Scéim Riochtaí Coitianta. Chuirfeadh sé seo ar chumas cógaiseoirí cógais a fhorordú le haghaidh riochtaí coitianta neamhchasta áirithe.

Trí shuirbhé ar líne, lorgaíonn an comhairliúchán poiblí seo tuairimí lia-chleachtóirí atá cláraithe in Éirinn, gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, eagraíochtaí agus daoine den phobal. Tá sé i gceist ag an Tascfhórsa Cógaisíochta tuiscint níos leithne a fháil ar thuairimí gairmiúla agus poiblí maidir le leathnú ról na gcógaiseoirí atá ag obair i gcógaslann ospidéil, i gcógaslann phobail agus i réimsí breise cosúil le cleachtais dochtúirí teaghlaigh.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an-áthas orm an comhairliúchán poiblí seo a sheoladh inniu, agus ba mhaith liom an oiread daoine agus eagraíochtaí agus is féidir a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann. Ba mhaith liom tuairimí éagsúla a chloisteáil ó ghairmithe cúraim sláinte agus ón bpobal chun bonn eolais a chur faoinár gcur chuige agus muid ag obair chun ról na cógaisíochta in Éirinn a leathnú."

Dúirt Cathaoirleach an Tascfhórsa Saineolaithe, an Dr Pat O'Mahony:

“Ó thús ár n-aistir sa Tascfhórsa, tá dearcadh tábhachtach tugtha ag an bhFochoiste Othar agus Poiblí atá comhdhéanta d'abhcóidí othar agus gairmithe cúraim sláinte dár gcuid oibre. Ba mhaith linn cloisteáil ó pé duine ar a bhfuil suim acu i ról na gcógaiseoirí. Molaim do gach duine an suirbhé seo a dhéanamh agus páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo ionas gur féidir linn réimse leathan tuairimí a bhailiú agus a chur san áireamh.”

Is féidir leat teacht ar an suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí tríd an nasc seo.


Nótaí:

Beidh an suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí ar oscailt ón Déardaoin 16 Bealtaine go dtí an Aoine 28 Meitheamh 2024, a thugann sé seachtaine d'eagraíochtaí agus do dhaoine aonair a dtuairimí a thabhairt.

Is é an nasc chuig an suirbhé Comhairliúcháin Phoiblí ná: https://ec.europa.eu/eusurvey/PharmacyConsultationEnglish

Faoi Scéim Riochtaí Coitianta, bheadh cógaiseoirí in ann roinnt cógas ar oideas amháin a fhorordú agus a sholáthar le haghaidh riochtaí neamhchasta, ar féidir iad a dhiagnóisiú agus a bhainistiú gan idirghabháil ó Dhochtúir / DG. I dtíortha eile, i measc samplaí de na riochtaí coitianta seo tá scornach tinn, ionfhabhtuithe i gconair an fhuail neamhchasta, agus riochtaí coitianta craicinn mar impitíogó.

Ar an 24 Iúil 2023, bhunaigh an tAire Sláinte Tascfhórsa Saineolaithe chun tacú le leathnú ról cógaiseoirí in Éirinn. Tá an Tascfhórsa Cógaisíochta seo comhdhéanta de 13 ball lena n-áirítear baill reatha agus iarbhaill den Údarás Rialála Táirgí Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Cumann Cógaiseoirí na hÉireann, an Roinn Sláinte agus páirtithe leasmhara eile.

Tugann gach ball an saineolas, an dearcadh agus an inniúlacht shonrach chun forléargas iomlánaíoch a sholáthar ar na gníomhartha atá ag teastáil chun an leas is fearr is féidir a bhaint as leathnú na seirbhíse sláinte trí chógaisíocht agus cógaiseoirí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Tascfhórsa Cógaisíochta cliceáil anseo.

Ar an 1 Márta 2024, achtaíodh an chéad mholadh ón Tascfhórsa Cógaisíochta, a cheadaigh an tAire Sláinte. Ciallaíonn an t-athrú seo gur féidir le hoideasóirí oidis a scríobh anois d'othair atá bailí suas le 12 mhí. Agus ó mhí Mheán Fómhair, is féidir le hothair iarraidh ar a gcógaiseoirí oidis a shíneadh ó 6 mhí go 12 mhí ar a mhéad, má tá oideas acu dar dáta an 1 Márta 2024, nó níos déanaí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hathruithe seo cliceáil anseo.

Tá an Comhairliúchán Poiblí seo mar chuid den obair chun moltaí breise a fhorbairt a d'fhéadfadh cur le soláthar seirbhísí sláinte trí chógaisíocht agus cógaiseoirí.