English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte cur chuige comhtháite maidir le dul i ngleic le murtall ar Lá Domhanda an Mhurtaill

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Céimeanna suntasacha sa chur chuige comhchoiteann chun dul i ngleic le murtall in Éirinn

Acmhainní tiomnaithe chun galar an mhurtaill a chosc agus a bhainistiú

#AddressingObesityTogether

Inniu an 4 Márta ar Lá Domhanda an Mhurtaill, tá an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus An Bord Taighde Sláinte ag teacht le chéile chun gníomhaíocht chomhbheartaithe a fhógairt maidir le murtall a chosc agus cúram a thabhairt do dhaoine a bhfuil róthrom nó atá murtallach. Sa chur chuige nua, cuimsítear cláir phobalbhunaithe agus idirghabhálacha sláinte i gceantair ina bhfuil díothacht shocheacnamaíoch, chomh maith le hacmhainní feabhsaithe cúraim pobail lena n-áirítear diaitéitigh bhreise a earcú le haghaidh bainistíocht meáchain agus bainistíocht galar ainsealach ar fud na tíre, mar aon leis an bhFógairt de Mhúnla Cúraim uileghabhálach FSS um Bainistiú Rómheáchain agus Murtaill1.

Agus ag cur fáilte roimh fhógairt na mbeart comhordaithe seo maidir le dul i ngleic le murtall, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD:

“Tá rómheáchan agus murtall dúshlánach do dhaoine a bhainistiú agus ar ndóigh aithnímid go léir go bhfuil fíor-thábhacht ag baint le cosc. Garsprioc an-tábhachtach do shláinte na hÉireann is ea fógra an lae inniu. Tá cosc agus bainistiú murtaill aitheanta mar spriocréimse do chur i bhfeidhm leanúnach de Sláintecare agus don FSS ina Phlean Corparáideach nua. Tá sé thar a bheith tábhachtach cur chuige comhordaithe a ghlacadh chun dul i ngleic le murtall agus ba mhaith liom obair an Ghrúpa um Chur i bhFeidhm agus Maoirseacht ar Bheartas Murtaill - OPIOG, atá faoi chathaoirleacht mo Roinne, agus a bhfuil comhghleacaithe agus geallsealbhóirí as gach cearn den rialtas agus as gníomhaireachtaí agus an lucht acadúil páirteach ann.

“Leis na bearta nua seo, feicfimid éifeacht ní amháin ar thorthaí leathana sláinte, ach freisin ar an iliomad riochtaí a mbíonn tionchar diúltach ag murtall orthu, lena n-áirítear diaibéiteas cineál 2, roinnt cineálacha ailse agus COVID-19. Aithnímid gur galar ainsealach, ilfheidhmeach é an murtall chomh maith le bheith ina chúis le galair eile, a bhfuil impleachtaí tromchúiseacha aige do dhaoine aonair, do theaghlaigh, do shochaithe agus do gheilleagair. Beimid i riocht níos fearr anois le dul i ngleic leis an ngalar seo, idir chosc, tacaíochtaí cúraim phobail agus cóireáil."

Lean an tAire Donnelly ar aghaidh

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le FSS as an obair den scoth a rinne sí ar an Múnla Cúraim um Bainistiú Rómheáchan agus Murtaill, ina leagtar amach conas ar chóir a eagrú agus a sholáthar sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí, cúram sláinte do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta a bhfuil fadhbanna rómheáchain agus murtaill acu in Éirinn. Nuair a chuirfear i bhfeidhm é, cinnteofar leis an Múnla Cúraim go nglacfar cur chuige uilechuimsitheach ó cheann go ceann agus go soláthrófar an cúram ceart do dhaoine aonair a bhfuil róthrom agus murtallach ag an am ceart agus san áit cheart, ar aon dul le hathchóiriú cúraim shláinte agus cúraim shóisialta de chuid Sláintecare."

Dúirt an Dr. Donal O'Shea, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta FSS um Mhurtall:

“Tá lúcháir pearsanta orm go bhfuil baint agam le fógairt na mbeart ar Lá Domhanda an Mhurtaill in éineacht le mo chomhghleacaithe san FSS, RCPI, Sláintecare agus ar fud an chórais sláinte inniu. Is toradh na mblianta oibre é seo, obair a rinne go leor daoine - agus le turas an othair i gcroílár ár smaointeoireachta agus ár bpleanála. Tá sé foghlama cheana ó ghalair eile cosúil le galar croí agus ailse scamhóg, nach dtosaíonn tú i ndáiríre an cath foriomlán a bhuachan ach nuair a thosaíonn tú ag cóireáil an ghalair go gníomhach - agus leis sin tugtar fuinneamh do na hiarrachtaí go léir maidir le cosc, brathadóireacht luath agus cóireáil luath.

“Tá tearc-mhaoiniú tugtha go dtí seo ar chóireáil speisialaithe daoine a bhfuil fadhbanna casta murtaill acu. Tá tús á chur le hacmhainní a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt air seo agus chun ár gcumas a mhéadú, lena n-áirítear sainmheasúnú agus máinliacht nuair is gá. Inniu agus na snáitheanna gníomhaíochta á dtabhairt go léir le chéile sa spás murtallach, tugtar cúis dóchais go mbeidh an turas do dhaoine atá ag fulaingt le murtall rud beag níos éasca."

Agus fáilte á cur roimh sheoladh an Mhúnla Cúraim FSS, dúirt Susie Birney ó Chomhghuaillíocht na hÉireann do Dhaoine atá ag fulaingt le Murtall:

“Táimid ar bís na forbairtí seo a fheiceáil a chuirfidh feabhas díreach ar shaol na ndaoine atá ag fulaingt le murtall. Bhí sé tábhachtach go n-éistfí lenár guthanna le linn na tréimhse roimh fhoilsiú na samhla cúraim agus leanfaimid orainn ag obair i dteannta gach duine lena mbaineann chun a ndícheall a dhéanamh na pleananna seo a chur i bhfeidhm. Is é téama Lá Domhanda an Mhurtaill i mbliana “Dul i nGleic le Murtall le Chéile”, tá sé seo an-oiriúnach do cad atá ag tarlú anois anseo in Éirinn.”

Dúirt an tAire Stáit Frank Feighan TD:

“Tá a fhios againn in Éirinn go dtéann rómheáchan agus murtall i bhfeidhm ar fhormhór na ndaoine, go bhfuil 60% d’aosaigh róthrom nó go bhfuil siad murtallach chomh maith le leanbh amháin as gach 5 leanbh ar a laghad. Is ar mhaithe le gach duine atá sé cabhrú leis na leibhéil seo a athrú.

“Bíonn tionchar ag go leor fachtóirí ar mheáchan coirp aonair lena n-áirítear ár ngéineolaíocht, ár n-iompar agus ár dtimpeallacht. Tá an roinn ag obair go dlúth le comhghleacaithe eile san Aontas Eorpach chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le beartas i réimsí ar nós athfhoirmliú bia, lipéadú ar aghaidh an phacáiste, cur chun cinn agus margaíocht bianna cuidiú leis an streachailt.

“Maidir le leanaí agus daoine óga, d’fhéadfadh rómheáchan agus murtall dul i bhfeidhm go mór ar a sláinte choirp, a bhfolláine shóisialta agus mhothúchánach agus ar a bhféinmheas, chomh maith. Ceann de na bronntanais is mó a fhéadfaidh tuismitheoir a thabhairt dá leanbh is ea iad a thosú ar chonair chuig iompraíochtaí stíl mhaireachtála shláintiúil maidir le bia sláintiúil, gníomhaíocht choirp, codladh agus am scáileáin. Trí thionscnaimh ar nós MyChild.ie agus an feachtas START, tugann an FSS tacaíocht do thuismitheoirí iompraíochtaí sláintiúla a thabhairt isteach dá gcuid leanaí. Is é ár gcuspóir trí Éire Sláintiúil an t-athrú iompraíochta seo a spreagadh agus tacú leis agus saoránaigh a mhealladh chun tabhairt faoi, cumhacht a thabhairt do phobail agus do dhaoine aonair saol níos sláintiúla a bheith acu.”

Tá sé ríthábhachtach leanúint leis an mbonn fianaise maidir le murtall a fhorbairt chun tacú leis an gcur chuige chun murtall a chosc agus a chóireáil.

Dar leis an Dr Mairead O Driscoll, Príomhfheidhmeannach ag an mBord Taighde Sláinte:

“Faoi láthair tá an HRB ag bainistiú infheistíochta de €18 milliún i dtaighde a bhaineann le murtall. Idir dul i ngleic le murtall i measc leanaí agus an bearna a laghdú idir an méid atá ar eolas againn faoi aiste bia agus sláinte agus an méid a dhéanaimid, lenár maoiniú gintear fianaise chun beartas agus cleachtas cúram sláinte a threorú, chomh maith le fianaise a chur ar fáil do dhaoine aonair ar féidir leo muinín a bheith acu as chun a sláinte féin a bhainistiú. "

Seoladh an Beartas agus an Plean Gníomhaíochta um Mhurtall (OPAP)2, in 2016 agus clúdaíonn sé an tréimhse suas go dtí 2025. Tá sé mar aidhm aige treochtaí murtaill a aisiompú, deacrachtaí sláinte a chosc agus an t-ualach foriomlán ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar an gcóras sláinte, agus ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar i gcoitinne a laghdú. Athnuafar an Beartas in 2021, ina gcuirfear san áireamh an dul chun cinn atá déanta ó foilsíodh é agus an leibhéal comhordaithe feabhsaithe i measc na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Déanann grúpa tras-earnála (Grúpa Forfheidhmithe agus Maoirseachta ar an mBeartas Murtaill - OPIOG) faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte maoirseacht ar chur i bhfeidhm an bheartais um mhurtall.

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí:

An Múnla Cúraim:

  • leagtar amach ann conas ar chóir an cúram sláinte do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta atá ag fulaingt le rómheáchan agus murtall in Éirinn, a eagrú anois agus sa todhchaí, agus conas ar chóir acmhainní a chur ar fáil dó.
  • tugtar cur síos ar an tseirbhís a theastaíonn, cé ba cheart í a sholáthar agus cá háit ar cheart an tseirbhís a sholáthar ar fud an chórais chúraim shláinte.
  • glactar cur chuige sláinte daonra maidir le murtall a bhainistiú, ag aithint na cúiseanna is leithne le murtall cosúil le géineolaíocht, an comhshaol agus stádas socheacnamaíoch.

Nuair a chuirfear i bhfeidhm an Múnla Cúraim, cinnteofar an méid seo a leanas:

  • go nglactar le cur chuige uilechuimsitheach ó cheann go ceann, lena sainítear an bealach a fhorbraítear seirbhísí sláinte le himeacht ama;
  • go soláthrófar an cúram ceart do dhaoine aonair a bhfuil fadhbanna rómheáchain agus murtaill acu ag an am ceart agus san áit cheart, ar aon dul le hathchóiriú cúraim shláinte agus cúraim shóisialta de chuid Sláintecare.
  • dírítear ar thorthaí othar trí mhonatóireacht agus luacháil a dhéanamh ar sheachadadh seirbhíse, le tacaíocht ó oiliúint ardchaighdeáin d’fhoireann cúram sláinte.

Tá 2A Meáchan Sláintiúil d’Éirinn: An Beartas agus Plean Gníomhaíochta um Mhurtall 2016-2025 ar fáil [external-link https://www.gov.ie/en/publication/c778a9-a-healthy-weight-for-ireland-obesity-policy-and-action-plan-2016-202 / | anseo ]

Cuireann an HRB fáilte roimh iarratais ar thionscadail ina gcuimsítear taighde aistritheach, taighde cliniciúil, taighde seirbhísí sláinte agus eolaíochtaí sláinte daonra. Tá tuilleadh sonraí maidir le deiseanna cistiúcháin, tionscadail atá ann faoi láthair mar aon leis an Straitéis HRB nua 2021-2025 Taighde Sláinte - Tionchar a Chruthú ar fáil ar www.hrb.ie.www.hrb.ie.

MyChild.ie

Ar mychild.ie de chuid an FSS agus sna leabhair My Child atá saor in aisce, gheobhaidh tuismitheoirí agus daoine atá ag súil le páiste, na freagraí a theastaíonn uathu ó dhochtúirí, altraí sláinte poiblí, cnáimhseacha, diaitéitigh agus ó go leor saineolaithe eile. Tá sé ann chun cabhrú le gach céim ón toircheas agus tríd an gcéad chúpla bliain de shaol do linbh. Téigh chuig www.mychild.ie/nutrition chun comhairle a fháil ar: bianna, sneaiceanna agus deochanna a fhéadtar tabhairt do leanaí agus na méideanna oiriúnacha, forlíonta vitimín D a thabhairt i rith míonna an gheimhridh, ithe cáiréiseach, ailléirgí bia, fás agus forbairt shláintiúil.

An Feachtas START

Is minic a chuireann an saol laethúil isteach ar thabhairt faoi athruithe sláintiúla. Ní chaithfear a bheith foirfe. Is éard atá i gceist ná tosú le hathrú, cloí leis agus bua beag laethúil a fháil. Fanfaidh na dea-nósanna a fhoghlaimíonn ár leanaí sa bhaile leo ar feadh a saoil. D’fhéadfadh athruithe móra a dhéanamh ar réim bia agus ar shúgradh do pháiste difríochtaí móra a dhéanamh ina shláinte sa todhchaí. Má bhíonn tú i mbun gníomhaíochta rialta agus ag ithe bia sláintiúil, is dóichí freisin go mbeidh do leanbh freisin. Déantar an feachtas START a fhorbairt agus a sheachadadh trí chomhpháirtíocht le safefood, FSS agus Éire Sláintiúil. Leis an feachtas START, tugtar comhairle ar shneaiceanna agus sóláistí sláintiúla, súgradh gníomhach agus pleanáil roghchlár. Tugtar rogha oidis freisin - féach www.makeastart.ie