Fógraíonn an tAire Sláinte glao ar Bhall Guth Poiblí den Choiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála
- Foilsithe: 13 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2021
Tá áthas ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly, TD, a fhógairt go bhfuil léirithe spéise á lorg anois le haghaidh ballraíochta den Choiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) i ról ionadaí Guth Poiblí.
Déanann an Coiste neamhspleách seo moltaí don Aire maidir le cláir scagthástála daonra-bhunaithe nua nó athruithe ar chláir atá againn cheana féin in Éirinn.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm an glao ar léirithe spéise do bhallraíocht san NSAC mar bhall den Ghuth Poiblí a fhógairt. Tá an Coiste agus mé féin tiomanta do leathnú sábháilte scagthástáil daonra-bhunaithe in Éirinn, ar aon dul leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Tá sé an-tábhachtach mar sin go mbeadh baint iomlán ag an bpobal le ceapadh beartais sa réimse seo. Mar bhall den Ghuth Poiblí den Choiste, beidh deis ag an duine a roghnófar don ról seo cur le díospóireachtaí agus cinntí an Choiste agus é/í ag déanamh ionadaíochta ar an bpobal agus a chinntiú go ndéantar machnamh orthu i ngach cinneadh a dhéantar.
“Má tá suim agat sa phost seo, molaim go láidir duit iarratas a dhéanamh. Tá guth an phobail chomh tábhachtach d’fhorbairt an bheartais scagthástála atá uilechuimsitheach agus a bhreithníonn na torthaí is fearr is féidir do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn."
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an tOllamh Niall O'Higgins:
“Tugann fianaise áititheach ó gach cearn den domhan le fios gur féidir le scagthástáil sláinte galair a chosc, rátaí leigheas a fheabhsú, breoiteacht thromchúiseach a laghdú agus bás anaibí, agus caighdeán maireachtála níos fearr a chothú. Tá guth an phobail ríthábhachtach d’fhorbairt na scagthástála. Le go n-éireoidh leis teastaíonn níos mó ná tacaíocht phoiblí agus dea-thoil ón gclár scagthástála. Bainfear an luach is mó amach nuair a bheidh an pobal gafa go hiomlán agus go gníomhach lena fhorbairt agus lena chur i bhfeidhm.
“Sheolamar ár gcéad Ghlao Bliantúil ar aighneachtaí le déanaí do chláir scagthástála nua daonra-bhunaithe agus athruithe ar chláir atá ann cheana agus is féidir le duine ar bith a mholadh a chur isteach. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nGlao Bliantúil a fháil ag [external-link https://www.gov.ie/en/publication/4a997-annual-call-for-submissions/?referrer=http://www.gov.ie/screeningcall/ | gov.ie/screeningcall ].
"In éineacht leis an léiriú spéise don dara ball de Ghuth an Phobail leagtar amach tiomantas an NSAC go mbeadh an pobal páirteach sa phróiseas chun beartas náisiúnta a fhorbairt ar scagthástáil dhaonra-bhunaithe."
Tá an post á fhógairt faoi láthair ar StateBoards leis an dáta deiridh d’iarratais an 14 Eanáir 2022. Tugtar spreagadh d'iarratasóirí ionchasacha an leabhrán faisnéise a léamh go cúramach sula gcuirtear iarratas isteach.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Cé hiad an NSAC
Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a thugann comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte ar gach togra nua do chláir agus athbhreithnithe scagthástála daonra-bhunaithe ar chláir atá ann cheana. Téigh chuig Item was unpublished or removed le haghaidh tuilleadh faisnéise. Tá Tuarascáil Bhliantúil NSAC 2020 ar fáil ar an láithreán gréasáin freisin.
Sheol NSAC a chéad Ghlao Bliantúil ar aighneachtaí le déanaí do chláir scagthástála nua daonra-bhunaithe agus athruithe ar chláir atá ann cheana agus is féidir le duine ar bith a mholadh a chur isteach. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nGlao Bliantúil a fháil ag Item was unpublished or removed.
Réimsí saineolais reatha ar an gCoiste
- Sláinte Phoiblí
- Eitic
- Guth Poiblí (1 bhall reatha agus 1 fholúntas)
- Eacnamaíocht Sláinte
- Eipidéimeolaíocht
- Dlí-Liachta
- Eolaí Sóisialta
- Cleachtas Ginearálta
- Péidiatraice agus Sláinte Leanaí
- Cnáimhseachas
- Ailse
- Géineolaíocht
- Seirbhísí Saotharlainne
- Altranas agus Cnáimhseachas
- Iriseoireacht
- Íomháú Diagnóiseach
- Paiteolaíocht (folúntas)
- Síceolaíocht