Fógraíonn an tAire Sláinte glao ar léirithe spéise le haghaidh ballraíochta don Choiste Comhairleach um Othair Ailse.
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, glao inniu ar léirithe spéise le haghaidh ballraíochta don Choiste Comhairleach um Othair Ailse.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Othair Ailse in 2019, le hionchur a thabhairt maidir le forbairt clár d'othair a bhfuil ailse orthu.
Go príomha beidh an Coiste comhdhéanta díobh siúd a bhfuil taithí dhíreach acu ar chóireáil ailse mar othair nó mar thacadóirí d'othair ailse nó dóibh siúd a thacaíonn le hothair ailse mar chuid dá gcuid oibre.
Agus an glao ar léiriú spéise á sheoladh aige, dúirt an tAire Donnelly:
"Cuidíonn ionchur ón gCoiste Comhairleach um Othair Ailse le ceapadh beartais agus le pleanáil lena chinntiú go leanann ár seirbhísí ailse ag freastal ar riachtanais na ndaoine a mhaireann le hailse agus lasmuigh de sin, ar an gcaighdeán is airde is féidir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill an Choiste as a dtiomantas agus as an méid a rinne siad go dtí seo. Tá sé seo fíorluachmhar maidir le hionchur díreach, éifeachtach othar ailse a chur ar fáil i bhforbairt clár agus seirbhísí."
Dúirt ball den choiste Mary Holden:
"Forbraítear na seirbhísí ailse is fearr nuair a éistear le guth na n-othar a bhfuil diagnóis ailse orthu. Sin an aidhm atá ag Coiste Comhairleach um Othair Ailse – na guthanna sin a chloisteáil, éisteacht leis na teachtaireachtaí, agus iad a chur san áireamh. Mar Chomhalta Coiste le dhá bhliain anuas, táimid tiomanta obair leis an Roinn Sláinte chun a bheith mar ionadaí do gach duine ar fud na hÉireann a bhfuil a saolta buailte ag ailse acu."
Mairfidh an tréimhse iarratais go dtí an 25 Samhain 2024.
Nótaí:
Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026.
Is iad seo a leanas na ceithre sprioc uileghabhálach na Straitéise Náisiúnta Ailse:
- an t-ualach ailse a laghdú
- an cúram is fearr is féidir a chur ar fáil
- rannpháirtíocht othar agus cáilíocht na beatha a uasmhéadú
- athrú a chumasú agus a chinntiú
Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Othair Ailse in 2019, de réir Mholadh 39 den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2026, a deir:
“Bunóidh an Roinn Sláinte Coiste Comhairleach um Othair Ailse chun ionchur a sholáthar i bhforbairt clár d’othair a bhfuil ailse orthu."
Léireoidh ballraíocht an choiste seo nádúr éagsúil na n-othar ailse a mhaireann leis na héifeachtaí d’ailse agus cinnteoidh sé go ndéanfar ionadaíocht ar riachtanais na n-othar atá ina gcónaí i gceantair níos iargúlta.
Tá 15 ball ar an gCoiste, chomh maith le Cathaoirleach (An Roinn Sláinte). Freastalaíonn ionadaí ón gClár Náisiúnta um Rialú Ailse ar chruinnithe an Choiste. D'eascair na folúntais atá le líonadh ó láimhdeachas beartaithe sa bhallraíocht.
Déanfaidh grúpa ar a mbeidh ionadaithe ó Chumann Ailse na hÉireann, Clár Náisiúnta um Rialú Ailse FSS, an Roinn Sláinte agus ball d’Fhóram na nOthar Ailse an próiseas roghnúcháin