Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil Criosanna Rochtana Sábháilte i bhfeidhm anois
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, go bhfuil an tAcht Sláinte (Seirbhísí Foirceanta Toirchis) (Criosanna Rochtana Sábháilte), 2024 tagtha i bhfeidhm anois.
Ón lá inniu ar aghaidh, tá Criosanna Rochtana Sábháilte i bhfeidhm laistigh de 100 méadar ón mbealach isteach nó amach chuig áitreabh ina soláthraíonn dochtúir ginearálta, cnáimhseoir nó gínéiceolaí seirbhísí. Áirítear leis seo clinicí cleachtóirí ginearálta agus clinicí pleanála teaghlaigh chomh maith le hospidéil ghéarmhíochaine.
Cinntíonn an dlí gur féidir le daoine a bhaineann úsáid as seirbhísí foirceanta toirchis é sin a dhéanamh go sábháilte agus le dínit, gan eagla roimh thionchar nó imeaglú.
Laistigh de Chriosanna Rochtana Sábháilte, is cion coiriúil anois é iompar áirithe, a bhfuil sé mar aidhm aige bac a chur ar rochtain nó tionchar a imirt ar chinntí maidir leis na seirbhísí sin. D'fhéadfadh fíneálacha agus/nó príosúnacht a ghearradh ar aon duine a ionchúisítear as na cionta seo agus a fhaightear ciontach as.
Tá ceanglas sa reachtaíocht maidir le "rabhadh Gardaí" mar réamhtheachtaí maidir le cion a dhéanamh. Cinnteoidh sé seo go gcuirfear in iúl do dhaoine atá i mbaol seo a shárú, go bhfuil siad ag gabháil d'iompar toirmiscthe agus gur cion a bheidh ann leanúint ar aghaidh leis an iompar sin.
Cinntíonn an ghné seo go mbíonn deis ag daoine a n-iompar a shrianú agus de thoradh air sin, smachtbhanna coiriúla a sheachaint.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Táim ag deimhniú go bhfuil an reachtaíocht thar a bheith tábhachtach seo tagtha i bhfeidhm inniu. Ina chroílár tá an gá atá le tacaíocht agus cosaint a thabhairt do dhaoine ar gá dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí foirceanta toirchis.
"Tá cosaint dhlíthiúil anois ag othair a dteastaíonn na seirbhísí seo uathu ó thionchar, imeaglú agus brú gan iarraidh, laistigh de chrios 100 méadar ó áitribh chúraim sláinte ábhartha. Tráth a bhfuil comhbhá agus breithniú de dhíth orthu, cinntíonn an dlí seo príobháideachas agus slándáil dóibh.
"B'fhada an próiseas chun an pointe seo a shroicheadh, le rannpháirtíocht fhorleathan le réimse páirtithe leasmhara. Tá an-áthas orm go bhfuil an chloch mhíle seo bainte amach againn maidir le cosaintí a chur ar fáil do dhaoine, mar atá tuillte, ag am nuair is mó a theastaíonn sé uathu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhfuil baint acu leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm go dtí an pointe seo."
Nótaí:
Agus tús curtha leis an Acht Sláinte (Seirbhísí Foirceanta Toirchis) (Criosanna Rochtana Sábháilte), 2024 anois, comhlíonann sé tiomantas seanbhunaithe rialtais chun a chinntiú gur féidir le daoine, a dteastaíonn foirceannadh toirchis (TOP) uathu, rochtain a fháil ar sheirbhísí go sábháilte, le dínit agus go príobháideach.
Leagtar síos sa reachtaíocht freisin díolúintí sonracha maidir leis na nithe seo a leanas:
- Agóid dhleathach eile laistigh de 100 méadar ó Thithe an Oireachtais;
- Iompar a bheadh dleathach murach sin, a tharlaíonn laistigh d'áit phoiblí (foirgneamh) adhartha, agus
- Aon ní a dhéanann soláthraí cúraim sláinte ábhartha nó aon duine atá fostaithe ag soláthraí cúraim sláinte ábhartha nó atá ag gníomhú thar a cheann le linn seirbhísí cúraim sláinte a sholáthar.
Féadfar pionóis a eascraíonn as cionta faoin mBille a ionchúiseamh go hachomair, agus fíneálacha agus/nó téarmaí príosúnachta suas le sé mhí a bheith san áireamh iontu. Cuireadh pionóis ar fáil ar bhonn athraitheach nuair a d'fhéadfadh pionóis níos déine a bheith i bhfeidhm i gcás go dtarlaíonn athchionta.