Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil gach céim bainte amach ag an reachtaíocht cheannródaíoch AHR i dTithe an Oireachtais
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Seolfar an Bille anois chuig Uachtarán na hÉireann lena bhreithniú
- Rialaíonn an reachtaíocht Atáirgeadh Daonna Cuidithe agus tugtar aghaidh ar mháthairionadaíocht
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu go bhfuil an Bille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe), 2022 tagtha chun críche sa Seanad, agus é tar éis dul trí dhá Theach an Oireachtais araon.
Cuimseofar sa reachtaíocht chasta agus fhorleathan seo den chéad uair rialachán ar raon leathan cleachtas, lena n-áirítear: deonú gaiméití agus suthanna don atáirgeadh daonna cuidithe (AHR) agus taighde; máthairionadaíocht altrúíoch intíre; tástáil ghéiniteach réamh-ionchlannaithe suthanna; atáirgeadh daonna iarbháis; agus taighde suthanna agus gascheall. Forálfaidh sé freisin d'aon duine a sholáthraíonn cóireáil AHR laistigh den Stát agus gur gá ceadúnas a bheith acu, bronnta ón Údarás Rialála um Atáirgeadh Daonna Cuidithe (AHRRA), comhlacht atá le bunú faoin Acht seo.
Dúirt an tAire Donnelly:
“D'éist mé le daoine, le teaghlaigh, agus le saineolaithe sa réimse seo agus tá a fhios agam go gciallaíonn an reachtaíocht seo an oiread sin do go leor daoine. Is píosa reachtaíochta criticiúil, stairiúil agus ceannródaíoch é seo. Tabharfaidh sé isteach, den chéad uair sa tír seo, creat rialála le haghaidh atáirgeadh daonna cuidithe.
“Is réimse leighis casta, nuálach agus gasta é AHR. Rinneadh go leor plé agus scrúdaithe ar na saincheisteanna a chlúdaítear sa Bille seo, go háirithe le linn Chéim an Choiste Dála agus na Tuarascála, agus go deimhin, ag Comhchoiste Speisialta an Oireachtais um Mháthairionadaíocht Idirnáisiúnta.
“Tacóidh an reachtaíocht seo le daoine ar mian leo leanaí a bheith acu trí AHR. Soiléireoidh sé seasamh dlíthiúil na leanaí sin agus cuirfidh sé creat eiticiúil ar fáil le haghaidh taighde agus teicneolaíochtaí atáirgthe nua.
"Ceann de na gnéithe is tábhachtaí den Bhille is ea cead a thabhairt chun údarás rialála neamhspleách a bhunú d'AHR, an tÚdarás Rialála um Atáirgeadh Daonna Cuidithe. Cuirfidh rialacha, rialacháin agus forálacha nua na reachtaíochta seo soiléireacht agus suaimhneas intinne ar fáil.
"Tá lúcháir orm go bhfuil an chloch mhíle seo bainte amach againn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu leis an gcéim seo – Comhaltaí den Dáil agus de Sheanad Éireann as an méid a chuir siad leis na Díospóireachtaí agus comhghleacaithe in Oifig an Ard-Aighne, sa Roinn Dlí agus Cirt agus sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige as a n-ionchur agus a gcomhoibriú fairsing."
Cuirfear an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois lena shíniú agus achtófar é a luaithe agus is féidir.