Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil gach Céim i dTithe an Oireachtais bainte amach ag reachtaíocht lena bhforáiltear do HRT
- Foilsithe: 5 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil an Bille Árachais Sláinte (Leasú) agus Sláinte (Táirgí Meanapáis a Sholáthar), curtha i gcrích sa Seanad, i ndiaidh dó a rith a chríochnú trí dhá Theach an Oireachtais.
Cuirfear an Bille, ina bhfuil reachtaíocht lena bhforáiltear do HRT (Teiripe Athsholáthair Hormón) atá maoinithe go poiblí, chuig an Uachtarán anois lena shíniú.
Réitíonn rith na reachtaíochta seo an bealach do tháirgí HRT atá maoinithe ag an stát a chur ar fáil ó mhí Eanáir do mhná a bhfuil siomptóim mheanapáis orthu.
Tacaítear leis an tionscnamh trí mhaoiniú €20 milliún mar chuid de Bhuiséad 2025.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Cloch mhíle thábhachtach eile is ea an lá inniu san éabhlóid leanúnach atá tagtha ar chúram sláinte na mban in Éirinn. Le ceithre bliana anuas tá infheistíocht agus feabhas gan fasach tagtha ar sheirbhísí do mhná i ngach céim den saol, lena n-áirítear frithghiniúint saor in aisce a chur i bhfeidhm, clinicí speisialaithe chun meanapás agus inmheatróis a bhainistiú agus IVF a mhaoinítear go poiblí.
"Níor cheart go mbeadh aon duine faoi mhíbhuntáiste airgeadais maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte mar gheall ar a n-inscne, agus trí mhaoiniú a thabhairt do tháirgí HRT atá ordaithe do mhná a bhfuil siomptóim mheanapáis orthu, tá an t-ualach costais á laghdú againn.
"Tá lúcháir orm go bhfuil bunús dlí anois leis an bhforáil seo, mar gheall ar rith an Bhille seo trí dhá Theach an Oireachtais, agus táim ag súil go mór le reachtaíocht a achtú sna seachtainí amach romhainn."