Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil níos mó ná leathmhilliún teanndáileog COVID-19 dhéfhiúsach tugtha anois
- Foilsithe: 21 Samhain 2022
- An t-eolas is déanaí: 24 Samhain 2022
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD inniu go bhfuil níos mó ná 500,000 vacsaín dhéfhiúsach tugtha ó tugadh na vacsaíní seo isteach an 3 Deireadh Fómhair.
San iomlán, tugadh 725,000 dáileog den bhun-vacsaín agus den teanndáileog ón 15 Lúnasa, nuair a leathnaíodh an 2ú clár teanndáileoige go dtí daoine os cionn 50, oibrithe cúram sláinte agus daoine atá leochaileach go cliniciúil.
Tá beagnach trí cheathrú (74%) de na dáileoga á riaradh ag Dochtúirí Teaghlaigh agus ag cógaslanna atá rannpháirteach i gclár an Gheimhridh.
Dúirt an tAire Donnelly: “Inniu tá cloch mhíle shuntasach sroichte againn inár n-iarrachtaí a chinntiú go bhfuilimid ullamh do ráig gheimhridh COVID-19, le os cionn leathmhilliún teanndáileog dhéfhiúsach tugtha.
“Ba chóir go mbeadh Éire an-bhródúil as a clár vacsaínithe agus tá áthas ar leith orm gur éirigh linn soláthairtí de na vacsaíní is déanaí a fháil, arna n-oiriúnú don athraitheach Omicron, trínár rannpháirtíocht i Straitéis Vacsaínithe COVID-19 an AE.
“Táim ag spreagadh gach duine atá incháilithe coinne a dhéanamh chun do theanndáileog a fháil agus do chosaint a uasmhéadú an geimhreadh seo. Is féidir leat socrú a dhéanamh freisin d'instealladh fliú a fháil ag an am céanna.
“Agus ná déan dearmad, níl sé ró-dhéanach do bhunchúrsa vacsaínithe COVID-19 a fháil. Gach seachtain, tá na céadta daoine nach raibh an vacsaín faighte acu roimhe seo ag teacht chun cinn chun a mbundháileoga a fháil, agus fuair 687 eile a mbundháileog an tseachtain seo caite.
“Molaim do gach duine an deis a thapú chun a gcosaint a mhéadú agus cabhrú linn dul i ngleic le COVID-19."
Nótaí don Eagarthóir:
Áirítear le teanndáileoga vacsaíne défhiúsacha oiriúnaithe COVID-19 comhpháirteanna den bhun-tréithchineál víris agus den athraitheach Omicron. Moltar iad go fabhrach anois dóibh siúd go léir atá incháilithe le haghaidh teanndáileog.