English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil tús curtha le cóireáil AHR atá maoinithe go poiblí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 26 Meán Fómhair 2023

Tá sé fógartha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly ón lá inniu, tá othair á gcur ar aghaidh anois trí Mhoil Torthúlachta Réigiúnacha le haghaidh cóireála AHR (atáirgeadh daonna cuidithe) atá maoinithe go poiblí.

Beidh othair incháilithe i dteideal timthriall iomlán amháin de chóireáil IVF (toirchiú in-vitro) nó ICSI (instealladh speirme inchíteaplasmach), a chuirtear ar fáil i gclinic phríobháideach atá faofa ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) dá rogha féin. Do chohóirt áirithe othar, is féidir suas le trí eipeasóid de IUI (inseamhnú ionútarach) a chur ar fáil.

Comhlíonann an tosach feidhme gealltanas an Chláir don Rialtas múnla cúraim arna mhaoiniú go poiblí a sholáthar do chóireáil torthúlachta.

Tá sé tacaithe ag infheistíocht shuntasach de €31 milliún i mBuiséad 2022 agus os cionn €69 milliún i mBuiséad 2023 mar mhaoiniú do sheirbhísí sláinte na mban, lena n-áirítear i ndáil leis an ngréasán de shé Mhol Torthúlachta Réigiúnacha.

Tá othair a atreoraíonn a ndochtúir ginearálta chuig na Moil seo, nach féidir a gcuid fadhbanna torthúlachta a bhainistiú ag leibhéal íseal idirghabhála, á gcur ar aghaidh anois le haghaidh cóireála AHR i gclinicí príobháideacha.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is céim an-tábhachtach é inniu ar ár dturas chuig cóireáil AHR atá maoinithe go poiblí agus is forbairt mhór é i soláthar seirbhísí sláinte na mban sa stát seo.

“Tuigim na dúshláin atá roimh dhaoine ar mian leo teaghlach a bhunú ach nach bhfuil in ann é sin a dhéanamh gan cúnamh cliniciúil.

“Níor cheart go mbeadh costas ina bhac ar rochtain ar idirghabháil chliniciúil, agus mar sin táim thar a bheith sásta go dtabharfaidh cóireáil AHR atá maoinithe go poiblí deis do na mílte duine a ndóchas a bheith ina dtuismitheoirí a chomhlíonadh.”

Is beart eatramhach é cóireáil AHR atá maoinithe go poiblí agus a chuirtear ar fáil go príobháideach feadh an chosáin go dtí cuspóir deiridh an Rialtais, ar seirbhís iomlán torthúlachta í a chuirtear ar fáil go poiblí. Maidir leis seo, tá an chéad Ionad Náisiúnta AHR poiblí le oscailt an bhliain seo chugainn.

Fógraíodh sonraí iomlána na gcritéar rochtana le haghaidh cóireáil AHR atá maoinithe go poiblí i mí Iúil agus tá siad ar fáil anseo.

Tá tús á chur le soláthar seirbhísí ar bhonn struchtúrtha agus céimnithe agus ní áirítear ann faoi láthair cóireálacha a bhaineann le gaiméití deonaithe (speirm agus uibheacha) a úsáid le haghaidh lánúineacha heitrighnéasacha nó comhghnéis nó othair shingil baineanna.

Cuirfear an chóireáil seo ar fáil chomh luath agus is féidir nuair a bheidh aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna rialála agus cliniciúla sa Bhille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe atá le teacht.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá dul chun cinn mór déanta againn in Éirinn in achar an-ghearr ó thaobh seirbhísí torthúlachta a mhaoinítear go poiblí, agus táim tiomanta tógáil ar an dul chun cinn seo chun seirbhís chothromasach lánmhaoinithe a sholáthar a thacaíonn le riachtanais chúram sláinte daoine a bhfuil deacrachtaí acu teaghlach a chruthú.

“Tá obair ar siúl ar an mBille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe a fheabhsóidh rochtain ar chóireálacha AHR agus a leabóidh cleachtas cliniciúil sábháilte agus cuí.

“Táimid ag obair chomh maith i dtreo garsprioc shuntasach eile an bhliain seo chugainn nuair a seoladh an chéad Lárionad Náisiúnta AHR poiblí.”


Nótaí don eagarthóir:

Molann FSS do dhaoine a bhfuil fadhbanna torthúlachta acu dul i láthair a ndochtúir ginearálta mar an chéad chéim. Má tá cóireáil bhreise ag teastáil, féadfar iad a atreorú chuig a Mol Torthúlachta Réigiúnach áitiúil, a sholáthraíonn raon cóireálacha agus idirghabhálacha d’fhir agus do mhná araon.

Tá na moil torthúlachta lonnaithe ag:

  • An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin, Baile Átha Cliath
  • Ospidéal na hOllscoile Gaillimh
  • Ospidéal Máithreachais na hOllscoile Corcaigh
  • Ospidéal Ginearálta an Aonaigh mar chuid d’Ospidéal Máithreachais Ollscoil Luimnigh.

Is féidir le hothair incháilithe a aithnítear a bheith oiriúnach do chóireáil AHR rogha a dhéanamh go gcuirfí cóireáil orthu i gceann d’ocht gclinic atá ceadaithe ag FSS:

  • Beacon Care Fertility: Baile Átha Cliath. Clinicí satailíte i Luimneach agus i Lú
  • First IVF: Cill Dara. Clinicí satailíte i gCorcaigh, Gaillimh agus Ciarraí
  • Merrion Fertility Clinic: Baile Átha Cliath
  • ReproMed Dublin: Baile Átha Cliath. Clinic satailíte i Lú
  • ReproMed Galway: Gaillimh
  • Sims IVF: Corcaigh & Baile Atha Cliath. Clinicí satailíte i gCeatharlach, i Luimneach agus i Lú
  • Thérapie Fertility: Baile Átha Cliath. Clinicí satailíte i Luimneach agus i Lú
  • Waterstone Clinic: Corcaigh. Clinicí satailíte i gCill Dara agus i bPort Láirge

Ní dhéantar tástáil acmhainne ar AHR atá maoinithe go poiblí, agus ní bheidh ort sonraí a sholáthar faoi d’ioncam chun leas a bhaint as an tseirbhís.

Tá tuilleadh sonraí ar sheirbhísí torthúlachta poiblí, lena n-áirítear faisnéis faoin tionscnamh cóireála nua AHR atá maoinithe go poiblí, ar fáil ar shuíomh gréasáin cóireála torthúlachta an FSS.