Fógraíonn an tAire Sláinte go gcuirfear deireadh le táillí poiblí d'othair chónaithe i leith leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le héifeacht ón lá inniu, go bhfuil deireadh curtha le táillí d'othair chónaithe phoiblí i leith leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois i ngach ospidéal poiblí.
Cuireann an tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh.2) 2022 deireadh leis an ngéartháille €80 in aghaidh an lae d'othair chónaithe phoiblí (lena n-áirítear táillí cás lae) i leith leanaí faoi 16 bliana d'aois i ngach ospidéal poiblí. Tar éis achtú na reachtaíochta roimh bhriseadh an tsamhraidh, shínigh an tAire Sláinte an tOrdú um Thosach Feidhme lena ndéantar foráil maidir le táillí a bhaint ón lá inniu.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá rochtain níos fearr, mar aon le hinacmhainneacht agus cáilíocht fheabhsaithe i measc na bpríomhthosaíochtaí atá agam i gcúram sláinte. Dá bhrí sin, tá áthas orm a fhógairt nach ngearrfar aon táille as seo amach ar leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois agus rochtain á fáil acu ar chúram cónaitheach poiblí mar othar inár n-ospidéil phoiblí. Tá an t-athrú suntasach seo ar sholáthar cúram sláinte in Éirinn dírithe ar ualach airgeadais na dtuismitheoirí nó na gcaomhnóirí a laghdú agus a leanbh á thabhairt chuig an ospidéal le haghaidh cúram othar cónaitheach.
“I gcomhthéacs na ndúshlán reatha a bhaineann le costas maireachtála, is gealltanas tábhachtach eile é seo ón Rialtas i dtreo inacmhainneachta, mar go bhfágfaidh sé go mbeidh ár n-ospidéil phoiblí saor do leanaí nuair a bheidh rochtain ar chóireáil mar othar poiblí ag teastáil uathu. Tógann an tionscnamh seo ar thabhairt isteach frithghiniúna saor in aisce do mhná 17 -25 a sheol mé an tseachtain seo caite.
“Is é an sprioc fhoriomlán atá agam mar Aire Sláinte ná a chinntiú go bhfuil cúram inrochtana agus inacmhainne agus nach bhfuil an costas sin ina ghné shuntasach nuair a theastaíonn rochtain ar chóireáil agus ar chúram sláinte ó dhaoine."
Nótaí don Eagarthóir
Deireadh a chur le Táillí Poiblí d'Othair Chónaithe i leith Leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois
Síníodh an tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh. 2) 2022 ina dhlí an 18 Iúil 2022. Faoi láthair tá othair phoiblí (lena n-áirítear leanaí) faoi réir táille reachtúil €80 in aghaidh na hoíche, suas le 10 n-oíche (€800) ar a mhéad i dtréimhse 12 mhí. Tá díolúine ó na táillí seo ag sealbhóirí cárta leighis agus ag aicmí áirithe daoine eile. Bhí gá le leasuithe reachtacha ar an Acht Sláinte 1970 chun deireadh a chur leis an táille phoiblí do leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois. Cuireadh maoiniú ar fáil i mBuiséad 2022 do bhearta chun an t-ualach airgeadais a bhaineann le táillí reachtúla ospidéil a thabhaítear do leanaí a fhaigheann rochtain ar chúram in ospidéal poiblí a mhaolú.