English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go gcuirfear go suntasach le Seirbhísí Sláinte tosaíochta do Mhná: Cúram Meanapáis, Cúram Iarbhreithe & Inmheatróis

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu leithdháil an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, suas le €2.5m do réimsí tosaíochta laistigh den Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan.

Imfhálófar €2.5m ón gCiste um Shláinte Ban (€10) do Chlár Sláinte Náisiúnta na mBan agus na Naíonán i bhFSS chun dlús a chur le seirbhísí a sheachadadh i gceithre réimse ríthábhachtacha in 2022.

  • An Meanapás: Tá an Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-23 tiomanta do 4 clinicí speisialaithe meanapáis a fhorbairt go náisiúnta in 2022. Tacóidh an infheistíocht bhreise seo le dhá Chlinic Speisialaithe Meanapáis atá ann cheana féin. Mar sin, beidh 6 clinic san iomlán ann go náisiúnta do mhná a bhfuil cúram casta ó speisialtóirí de dhíth orthu.
  • Cúram Iarbhreithe: Tá an Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-23 tiomanta do mhúnla nua iomlánaíoch a fhorbairt chun tacú le mná sna seachtainaí tar éis dóibh páiste a shaolú. Tacóidh an infheistíocht seo le dhá Mhol Iarbhreithe ceantarbhunaithe. Mar sin, beidh 4 mol ann san iomlán ar fud na tíre in 2022.
  • Inmheatróis: Sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-23 tugtar gealltanas go dtacófar leis an bhforbairt atá ar siúl ar dhá ionad speisialaithe for-réigiúnach, chun cúram a sholáthar don inmheatróis don chéad uair. Cruthóidh an infheistíocht seo sraith tacaíochta breise nua ag leibhéal an ospidéil, trí acmhainní a mhaoiniú do 6 foireann ildisciplíneach breise a chuirfidh cóir leighis iomlánaíoch don inmheatróis ar fáil laistigh de gach ceann de na líonraí ospidéil.
  • Tacaíocht Spriocdhírithe do Mhná Imeallaithe: Sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-23 cuireadh béim ar thacaíochtaí a mhéadú do mhná imeallaithe agus do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste iolrach. Tacóidh an infheistíocht seo le hacmhainní breise don obair shóisialta leighis a chur i bhfeidhm sna sé líonra máithreachais, rud a chuirfidh feabhas suntasach ar an tacaíocht ríthábhachtach seo ag am ina mbraitheann mná leochaileach.

Is éard atá san imfhálú seo ná an chéad leithdháileadh do 2022 ó Chiste Sláinte na mBan agus beidh infheistíochtaí eile ar fáil i rith na bliana mar fhreagairt ar na hiarratais atá faighte againn ó mhná maidir leis na réimsí is tábhachtaí dóibh agus a thacaíonn leis na tosaíochtaí sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan 2022-23.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá áthas orm bheith ábalta seirbhísí breise do shláinte na mban a fhógairt, seirbhísí a théann níos faide ná an méid a d’fhógraíomar sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan.

“Táimid ag cur, níos tapúla ná mar a bhí pleanáilte, le líon na sainchlinicí Meanapáis go náisiúnta agus soláthrófar 6 clinic ar an iomlán sa bhliain 2022.

“Ina theannta sin, cuirfimid leis an gcúram tánaisteach atá ann do mhná a bhfuil Inmheatróis acu ionas go mbeidh níos mó tacaíochta ar fáil go náisiúnta.

Leis seo, cinnteofar go gcuirfear mná ar aghaidh go cuí chun speictream iomlán na cóiríochta a fháil – ó chúram an dochtúra teaghlaigh go dtí na seirbhísí for-réigiúnacha nua – ag brath ar a gcuid riachtanas.

“Tá sé ráite go soiléir ag mná ó ghrúpaí imeallaithe go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeidh rochtain acu ar chúram sláinte. Soláthróidhmid 6 oibrí sóisialta leighis i réimse na máithreachais chun an idirghabháil luath a éascú agus chun na tacaíochtaí a fheabhsú.

“Nuair a bhí an Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan á fhorbairt, thug na mná le fios go raibh sé tábhachtach feabhar a chur ar na tacaíochtaí iarbhreithe. Bhí an iomarca ban ann a mheas go raibh siad gan tacaíocht, ina n-aonair agus go raibh gach rud ag dul sa mhuileann orthu tar éis dóibh páiste a shaolú. Tá áthas orm go mbeidh 4 mol iarbhreithe againn anois ar bhonn náisiúnta chun tacú le mná i réimsí ar nós beathú cíche, téarnamh ón mbreith agus an dúlagar iarbhreithe.”

Chuir an Dr Cliona Murphy, Ceannasaí Cliniciúil Chlár Sláinte Náisiúnta na mBan agus na Naíonán, fáilte roimh an leithdháileadh seo agus dúirt sí

“Thug an tAire misneach dúinn chun go léirímid uaillmhian san obair ar shláinte na mban. Is cúis sásaimh é go bhfuilimid ag an bpointe, mar thoradh ar an leithdháileadh seo, gur féidir linn dlús a chur leis an gclár oibre uaillmhianaigh atá ar bun againn cheana féin, mar is eol dúinn go maith go mbeidh tionchar mór aige ar mhná fud fad na tíre”.

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir

Tá urlabhraithe ó Chlár Sláinte Náisiúnta na mBan agus na Naíonán ar fáil chun agallamh a dhéanamh ach é sin a iarraidh.

Seoladh Plean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan i Márta 2022, agus is é an chéad phlean gníomhaíochta um Shláinte na mBan a foilsíodh in Éirinn.

Is í an Roinn Sláinte a d’fhorbraigh an Plean Gníomhaíochta i gcomhar le FSS, le Clár Sláinte Náisiúnta na mBan agus na Naíonán, leis an Institiúid Eorpach um Shláinte na mBan, le Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann, agus le Comhairle Náisiúnta na mBan tríd an obair atá ar bun ag an Tascfhórsa um Shláinte na mBan.

Bunaíodh an Ciste um Shláinte na mBan (€10 million) mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan chun tionscnaimh agus infheistíochtaí nua a mhaoiniú sa bhliain 2022.

Ar 27 Eanáir 2016, seoladh an chéad Straitéis Mháithreachais Náisiúnta in Éirinn, Todhchaí Níos Fearr a Chruthú le Chéile, 2016 – 2026. Leagann an Straitéis amach an todhchaí atá i ndán don chúram máithreachais agus nuabheirthe, chun cinnte a dhéanamh de go mbeidh sé sábháilte, caighdeánaithe, ar ardchaighdeán, agus go bhfuil rogha agus taithí níos fearr ar fáil do mhná agus dá dteaghlaigh.