English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go mbainfear na Stáit go léir ó liosta na Stát ainmnithe le haghaidh Coraintín Éigeantach in Óstán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go mbainfear na Stáit go léir atá fágtha ó liosta na Stát ainmnithe chun críocha Coraintín Éigeantach in Óstán (MHQ) le héifeacht ón lá inniu, Dé Sathairn an 25 Meán Fómhair 2021. Tá an cinneadh seo bunaithe ar an gcomhairle is déanaí a fuarthas ón bPríomhoifigeach Leighis.

Tá laghdú tagtha ar an gcóras MHQ de réir a chéile le cúpla mí anuas de réir mar a cúlghaireadh ainmniú líon mór Stát. Bhí na cúlghairmeacha seo ag teacht le cur chuige athbhreithnithe an Rialtais i leith taistil idirnáisiúnta, an rath a bhí ar rolladh amach vacsaíní na hÉireann agus éabhlóid na paindéime go hidirnáisiúnta.

D'ainneoin an córas MHQ a bheith laghdaithe, ní mór do thaistealaithe cloí go fóill leis na rialacháin taistil ábhartha mar atá leagtha amach sna Rialacháin um Thaisteal chun an Stáit (IR 135 de 2021), lena n-áirítear an ceanglas tástáil PCR réamh-taistil a bheith acu mura bhfuil seilbh acu ar cruthúnas ar vacsaíniú nó téarnaimh, agus na ceanglais a bhaineann le coraintín baile. Ceanglaítear ar Thaistealaithe Foirm Aimsithe Paisinéirí a chomhlánú sula dtagann siad go hÉirinn.

Chuaigh tAcht Sláinte (Leasú) 2021 a bhealach tríd an Oireachtas an 1 Márta 2021 agus shínigh an tUachtarán é ina dhlí Dé hAoine an 7 Márta. Thug sé seo éifeacht do chinneadh an Rialtais córas coraintín éigeantach in óstán a bhunú mar bheart sláinte poiblí riachtanach eile chun an daonra a chosaint ar COVID-19. Cuireadh tús le MHQ an 26 Márta, 2021. Ón am sin, tá MHQ curtha i gcríoch ag os cionn 10,000 duine.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tugadh an córas Coraintín Éigeantach in Óstán isteach mar bheart eisceachtúil sláinte poiblí ag am a raibh leaganacha de Covid-19 ag teacht isteach sa tír a raibh sé de chumas acu ár seirbhís sláinte a phlúchadh agus, go háirithe, an bonn a bhaint de chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

“Bhí an lóistíocht a bhain le cur i bhfeidhm an chórais seo casta. Bhí oifigigh i mo Roinn féin i gceannas ar an mbeartas le tacaíocht agus ionchur suntasach ó oifigigh ar fud roinnt Ranna agus comhlachtaí Stáit. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a d’oibrigh go dícheallach lena chinntiú go n-oibreodh an córas i gceart agus a chuir leibhéal cuí cúraim ar fáil dóibh siúd a chríochnaigh a dtréimhse coraintín.

“Ag buaic oibríochta an chórais ainmníodh thart ar 60 stát agus shroich an líon is mó daoine i MHQ 1,008 an 9 Bealtaine 2021. Bhí ról lárnach ag oibriú rathúil MHQ maidir leis an daonra a chosaint, smacht a choinneáil ar an ngalar agus srianta ar ár ngeilleagar agus ár sochaí a mhaolú go sábháilte.

“Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an mbreis agus 10,000 duine a chríochnaigh a dtréimhse coraintín i saoráid ainmnithe agus leis na mílte eile a chríochnaigh coraintín baile d’fhonn iad féin agus a ngaolta a chosaint ó COVID -19."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Córas Coraintín Éigeantach in Óstán na hÉireann in Uimhreacha

  • Chuaigh 10,294 duine isteach i MHQ
  • Bhí 8 n-óstán in úsáid ag an mbuaic
  • Fuair 593 cónaitheoir toradh deimhneach COVID-19
  • Bhí 664 tástáil a rinneadh ar chónaitheoirí deimhneach. (Mar gheall ar fhad na cuairte, d'fhéadfadh duine tástáil dheimhneach a fháil níos mó ná uair amháin.)
  • As na 664 tástáil dheimhneach, bhain 42 acu le Daoine as Stát neamh-ainmnithe, agus bhain 622 acu le Daoine as Stát ainmnithe.
  • Líon iomlán na nAchomharc: 3,426. Astu sin, Deonaíodh 526 (15.35%).