Fógraíonn an tAire Sláinte go mbeidh gach ospís do dhaoine fásta maoinithe ag an stát
- Foilsithe: 20 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 20 Nollaig 2023
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly an t-athainmniú de cheithre sholáthraí deonacha ospíse, Ionad Cúraim Marymount, Ionad Cúraim Áth an Mhuilinn, Ospís na Gaillimhe agus Ospís St. Francis, ó chomhaontuithe leibhéal seirbhíse Alt 39 le FSS go comhaontuithe Alt 38. Tarlóidh athainmniú na gceithre eagraíocht ospíse i mí Feabhra 2024.
Soláthróidh an t-athainmniú samhail chúraim inbhuanaithe do shainseirbhísí cúraim mhaolaithigh do dhaoine fásta in Éirinn agus cinnteoidh sé go soláthrófar na croísheirbhísí seo sa todhchaí. Cuirfidh an Rialtas €18.6m ar fáil chun sin a bhaint amach.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh an t-athainmniú ar siúl i mí Feabhra. Ciallaíonn sé sin go mbeidh gach ospís do dhaoine fásta sa tír seo maoinithe go hiomlán ag an stát anois. Is céim shuntasach í seo i dtreo ár n-aidhme chun rochtain uilíoch ar chúram maolaitheach a sholáthar.
“Tá an-dul chun cinn déanta ó bhunaigh FSS Grúpa Forfheidhmithe Náisiúnta chun an t-aistriú seo a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach ball den ghrúpa forfheidhmithe as a dtiomantas agus a n-obair chrua. Táimid an-bhródúil as ár seirbhísí cúraim mhaolaithigh in Éirinn.
“D'oibrigh earnáil na n-ospísí deonacha go dian dícheallach thar na blianta, i gcomhpháirtíocht le pobail áitiúla, chun an líonra seirbhísí ospíse ar fud na tíre a leathnú. Cuirfidh an t-athainmniú inbhuanaitheacht airgeadais agus foirne ar fáil chun a chinntiú gur féidir leis na soláthraithe sainseirbhísí cúraim mhaolaithigh do dhaoine fásta leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre ríthábhachtach. Neartóidh sé a bpríomhsheirbhísí agus ciallóidh sé, mar shampla, nach mbeidh gá a thuilleadh le tiomsú airgid ag na hospísí chun párolla nó costais oibriúcháin eile cosúil le leictreachas nó téamh a chlúdach.
“Aithním na seirbhísí riachtanacha sainchúraim mhaolaithigh do dhaoine fásta a chuireann na ceithre eagraíocht seo ar fáil agus na buntáistí a bhaineann leis an gcúram a chuireann siad ar fáil do dhaoine a bhfuil tinnis orthu a chiorraíonn a shaol agus dá dteaghlaigh. Molaim go mór an fhoireann sna ceithre eagraíocht seo as na seirbhísí ríthábhachtacha a chuireann siad ar fáil agus as an gcaoi a chinntíonn siad go bhfuil an caighdeán saoil is fearr ag othair atá faoina gcúram."
Nótaí
Faoi láthair, tá tuairim is 70% de chúram othar cónaitheach agus 74% de sheirbhísí sainchúraim mhaolaithigh do dhaoine fásta curtha ar fáil ag ospísí deonacha.
Is iad seo a leanas na ceithre ospís (atá le hathainmniú ó stádas Alt 39 go stádas Alt 38) ná:
- Ospidéal agus Ospís Ollscoile Marymount, Corcaigh
- Ionad Cúraim Áth an Mhuilinn, Luimneach
- Ospís na Gaillimhe agus
- Ospís St Francis, Baile Átha Cliath (Ráth Eanaigh agus Baile Bhlainséir)
Tá tuairim is 1,300 ball foirne fostaithe sna ceithre eagraíocht.
Déantar foráil maidir le maoiniú comhlachtaí neamhreachtúla in Alt 38 den Acht Sláinte 2004. Faoi Alt 38 den Acht Sláinte, féadfaidh FSS socrú a dhéanamh le soláthraí seirbhíse chun seirbhísí sláinte agus sóisialta a sholáthar thar a cheann. Tá eagraíochtaí Alt 38 maoinithe go hiomlán ag an Stát agus is seirbhísigh phoiblí iad a chuid fostaithe.