Fógraíonn an tAire Sláinte go mbunófar Clár Barda Fíorúil Géarmhíochaine nuálach in Ospidéal Ollscoile Luimnigh agus in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann.
- Foilsithe: 4 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Eanáir 2024
- Bainfidh Bardaí Fíorúla úsáid as teicneolaíocht dhigiteach chun cabhrú le dochtúirí agus altraí cóir leighis a chur ar othair ina dtithe féin
Tá sé fógartha go foirmiúil ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, go mbunófar Clár Barda Fíorúil Géarmhíochaine, a gcuirfear tús leis go luath in 2024 in Ospidéal Ollscoile Luimnigh agus in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath.
Agus na Bardaí Fíorúla nua á bhfógairt aige, dúirt an tAire Donnelly:
"Ní mór leathnú ar sheirbhísí fíorúla agus úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach i gcúram sláinte. D'iarr mé ar FSS roghanna a aimsiú chun Bardaí Fíorúla a thabhairt isteach mar creidim go bhfuil acmhainneacht ollmhór aige.Tá an-áthas orm go bhfuil an Clár seo faoi lánseol, le tacaíocht ó chliniceoirí ag gach leibhéal inár seirbhís sláinte. Tacaíonn an scéim seo, atá cumasaithe don teicneolaíocht, le roghanna na n-othar maidir le seirbhísí comhtháite níos fearr agus níos dlúithe, nó go deimhin, atá ina dtithe féin."
Tá an scéim cheannródaíoch “Ospidéal sa bhaile” seo oiriúnach do raon riochtaí sláinte agus úsáidtear í i dtíortha eile d'othair a bhfuil riochtaí ainsealacha orthu, cosúil le galar croí agus Galar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach (GSTA). Cuirfidh an Clár seo ar chumas othair, arbh éigean dóibh fanacht san ospidéal tráth, monatóireacht agus cóir leighis a fháil do roinnt tinnis ina dtithe féin.
Fanann othair a fhaigheann cúram faoi Bharda Fíorúil faoi chúram a ndochtúirí, n-altraí agus ngairmithe cúraim sláinte féin eile. D'fhéadfadh cuairt baile, nó físghlaoch, a bheith i gceist le babhtaí barda. De ghnáth, tugtar giuirléidí leictreonacha d'othair - cufaí brú fola, teirmiméadair, ocsaiméadair - ionas gur féidir le foireann an ospidéil sonraí a bhailiú faoina sláinte i bhfíor-am. Déantar breathnuithe a shaincheapadh de réir riachtanas gach othair le foláirimh agus prótacail curtha i bhfeidhm chun freagairt láithreach agus chuí a chinntiú i gcás go dtagann meath ar riocht an othair.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is prionsabal lárnach den Bharda Fíorúil é daoine a chumasú le bheith ina gcomhpháirtithe gníomhacha i mbainistiú a sláinte agus a bhfolláine agus tá sé thar a bheith tábhachtach chun ár gClár do thiomantas an Rialtais a sheachadadh chun tuilleadh cúraim a thabhairt isteach sa phobal agus níos gaire don bhaile. Cuidíonn sé seo linn ár spleáchas ar an tsamhail chúraim ospidéal-lárnach a laghdú agus ligeann sé do dhaoine fanacht ina gcónaí sa bhaile.
"Táim ag tnúth leis an dul chun cinn den Chlár, chomh maith leis na héifeachtaí agus an leathnú breise ar an tsamhail de Bharda Fíorúil d'Aosaigh a fheiceáil i rith 2024 agus ar aghaidh."
Cuireann an Clár Barda Fíorúil seo le cianfhaireachán atá i bhfeidhm cheana féin agus tá sé mar aidhm aige seirbhísí a chur ar fáil d'othair riospráide agus cairdeolaíochta i ngach suíomh.
Tuartar go sábhálfaidh an Clár seo sa dá shuíomh tosaigh, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus Ospidéal Ollscoile Luimnigh, breis is 8,000 lá leapa in aghaidh na bliana i ngach ceann de na hospidéil ghéarmhíochaine.
Cé go bhfuil maoiniú ag an Aire chun 1,100 (iomlán) leaba ghéarmhíochaine breise a oscailt agus méadú 25 faoin gcéad ar an gcumas cúraim chriticiúil ó chuaigh sé i mbun oifige, dúirt sé go bhfuil níos lú leapacha fós ag an tseirbhís sláinte ná mar a theastaíonn.
Chomh maith le bheith níos fearr do go leor othar, cuireann scéim an Bharda Fhíorúil réitigh phraiticiúla ar fáil do ghanntanais leapacha.
Táthar ag súil go dtiocfaidh tuilleadh Bardaí Fíorúla ar an bhfód in 2024 agus cuirfear coinníollacha breise leis mar chuid den chur i bhfeidhm céimnithe seo. De réir mar a leathnaítear é, beidh an cumas ag an gClár Barda Fíorúil glacadh le hothair oinceolaíochta agus le cúram maolaitheach, chomh maith leo siúd a bhfuil raon leathan riochtaí sláinte eile orthu, agus d'fhéadfadh sé leathnú chun go bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar othair sa bhaile roimh obráid.
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhghleacaithe i mo Roinn féin, chomh maith leis an bPríomhoifigeach Cliniciúil, an Dr. Colm Henry, Stiúrthóir na gClár Straitéiseach Deirdre McNamara, an Príomhoifigeach Faisnéise Cliniciúla, an tOllamh Richard Green, agus leis an bPríomhoifigeach Faisnéise d’Altranas agus Chnáimhseachas Loretto Grogan as a gcuid oibre ar an tionscnamh seo. Fosta, fuair siad tacaíocht ón gCoiste Stiúrtha Náisiúnta Teileashláinte."