English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte go n-úsáidfear vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe mar theanndáileoga i gClár Vacsaíní COVID-19 na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ghlac an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, le moltaí nua maidir le vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe a úsáid i gclár vacsaínithe teanndáileog COVID-19 na hÉireann.

Rinne an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) na moltaí don Phríomhoifigeach Leighis eatramhach (iCMO) an tOllamh Breda Smyth a thacaigh leis na moltaí seo.

Tá vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe údaraithe ag NIAC dóibh siúd go léir atá 12 bhliain d'aois agus níos sine atá i dteideal teanndáileog. Áirítear le teanndáileoga vacsaíne défhiúsacha oiriúnaithe COVID-19 comhpháirteanna den bhun-tréithchineál víris agus den leagan Omicron.

Leantar ar aghaidh ag tairiscint na chéad teanndáileoga do gach duine atá 12 bliana d’aois agus níos sine agus do pháistí idir 5 agus 11 bliana d’aois a bhfuil córas imdhíonachta lag acu nach bhfuil ceann faighte acu go fóill.

Tá an dara teanndáileog á tairiscint do dhaoine:

  • Idir 50 agus 64 bliain d’aois
  • 12 nó níos sine le riocht a chuireann i mbaol mór breoiteachta iad ó COVID-19 - mar shampla, diaibéiteas, plúchadh nó galar croí
  • Atá ag iompar clainne (ó 16 seachtaine)
  • Oibrithe Cúraim Sláinte
  • 12 nó níos sine ag maireachtáil i saoráid cúraim fhadtéarmach

Mura raibh an dara teanndáileog agat cheana féin, is féidir leat ceann a fháil fós má tá tú:

  • 65 nó níos sine
  • 12 nó níos sine le córas imdhíonachta lag

Má tá tú sna grúpaí seo agus má bhí an dara teanndáileog agat níos mó ná 4 mhí ó shin, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar www.hse.ie, trí theagmháil a dhéanamh le HSELive nó trí labhairt le Dochtúirí Teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is céim nua thábhachtach í forbairt na vacsaíní seo inár gcur chuige chun dul i ngleic le COVID-19 agus beidh ról suntasach acu i bhFeachtas Vacsaínithe an Fhómhair/an Gheimhridh in Éirinn.

“Tá rochtain faighte ag oifigigh i mo Roinn ar vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe trí rannpháirtíocht (i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach agus Ballstáit eile), i Straitéis Vacsaínithe COVID-19 an AE. Tá dáileoga de vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe seachadta chuig Éirinn cheana féin a bhuíochas d'fhorálacha na gComhaontuithe Ceannaigh arna gcaibidliú ag an gCoimisiún mar chuid de Straitéis COVID an AE."

Dúirt an tOllamh Smyth:

“Leanann nuálaíochtaí san eolaíocht ag cur bonn eolais faoinár mbainistíocht ar COVID-19 agus cinnteoidh an moladh a rinne NIAC go dtabharfar cosaint leanúnach dóibh siúd is leochailí ó ionfhabhtú SARS-CoV-2.

“Is é an vacsaín is fearr duitse an ceann a thairgtear duit ag an am a thairgtear duit é, agus ba mhaith liom a chur in iúl do dhaoine go bhfuil gach vacsaín COVID-19, gach vacsaín mRNA atá ann cheana agus gach vacsaín dhéfhiúsach oiriúnaithe, thar a bheith éifeachtach agus go dtugann siad cosaint mhaith ar na tionchair is measa de COVID-19. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaidh duine ar bith nach bhfuil aon vacsaín COVID-19 faighte aige nó aici amhlaidh a luaithe is féidir agus go ndéanfaidh duine ar bith a moltar teanndáileog dó nó di socruithe chun an teanndáileog sin a fháil."

Cuimseoidh FSS teanndáileog de vacsaíní défhiúsacha oiriúnaithe sa Chlár Vacsaínithe ó thús mhí Dheireadh Fómhair. Tá sé beartaithe ag FSS freisin tús a chur lena chlár vacsaíní fliú ag an am seo. Ó Dheireadh Fómhair, is féidir le duine ar bith atá incháilithe le haghaidh vacsaín fliú agus teanndáileog COVID-19 araon iad a fháil ag an am céanna ó dhochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha, fad is atá sé ceithre mhí ar a laghad ón vacsaín nó ionfhabhtú COVID-19 is déanaí a bhí acu.


Nótaí don Eagarthóir

Ní iarrann an chomhairle nua ón NIAC seo cohóirt nua le haghaidh vacsaínithe.

Moltar do dhuine ar bith atá fós le teacht don phríomhdháileog den vacsaín COVID 19 nó den chéad teanndáileog é sin a dhéanamh a luaithe is féidir. Is iad na vacsaíní mRNA bunaidh (Comirnaty agus Spikevax) na vacsaíní molta don phríomhchúrsa vacsaínithe, agus is vacsaíní an-éifeachtach iad seo.

Moltar vacsaíní mRNA défhiúsacha oiriúnaithe údaraithe anois dóibh siúd go léir atá i dteideal teanndáileog.

Moltar eatramh idir ceithre agus sé mhí ó am na vacsaíne COVID-19 is déanaí nó ó ionfhabhtú deimhnithe SARS-COV-2.

I gcúinsí eisceachtúla is féidir eatramh trí mhí a úsáid (m.sh., i nduine atá sceidealta chun ceimiteiripe a thosú).

Ba cheart vacsaín mhalartach a thairiscint dóibh siúd a bhfuil vacsaín mRNA dhéfhiúsach oiriúnaithe fritásctha nó diúltaithe dóibh.