Fógraíonn an tAire Sláinte leathnú ar an scéim frithghiniúna saor in aisce chun gach bean idir 17-31 bliain d'aois a chur san áireamh
- Foilsithe: 1 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 2 Eanáir 2024
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu go leathnófar an scéim frithghiniúna saor in aisce chun mná 31 bliain d'aois a chur san áireamh, mar a fógraíodh roimhe seo i mBuiséad 2024.
Tá an scéim frithghiniúna saor in aisce oscailte do mhná a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn agus dóibh siúd a mheasann a ndochtúirí go bhfuil frithghiniúint ar oideas oiriúnach.
Seoladh an scéim i Meán Fómhair 2022, dóibh siúd idir 17 agus 25 bliain d'aois ar dtús, agus leathnaíodh í chun daoine idir 26-30 bliain d'aois, in 2023. Leathnófar rochtain ar fhrithghiniúint saor in aisce anois, chun mná atá 31 bliain d'aois a chur san áireamh, ar 1 Eanáir 2024.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil an scéim frithghiniúna saor in aisce á leathnú tuilleadh dóibh siúd atá 31 bliain d'aois. Is í príomhthosaíocht an Rialtais seo ná rochtain ar fhrithghiniúint a fheabhsú de réir a chéile, ag tacú le sláinte ghnéis dhearfach agus rogha a thabhairt maidir le pleanáil clainne. Is tacaíocht thábhachtach í an scéim do shláinte na mban, agus don chomhionannas, ós rud é go mbíonn ar mhná aghaidh a thabhairt ar na costais de fhrithghiniúint de ghnáth. Ina theannta sin, i gcomhthéacs brúnna reatha de chostas maireachtála, is tacaíocht eile í seo do mhná agus dá dteaghlaigh a laghdaíonn costais.”
Clúdaíonn an scéim costas na gcomhairliúchán le dochtúirí teaghlaigh, pleanáil clainne, ionaid sláinte do mhic léinn agus cúraim phríomhúil, agus oidis don réimse leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil ar Liosta Aisíocaíochtaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). I measc na roghanna seo, tá frithghiniúint inchúlaithe fadghníomhaithe (LARCanna). I measc na LARCanna, tá instealltaí, ionchlannáin, agus feistí agus córais hormónacha agus copair laistigh den útaras (cornaí). Áirítear leis an scéim freisin frithghiniúint éigeandála chomh maith leis an bpiollaire frithghiniúnach, paiste agus fáinne. Tá feistiú LARC, aistrithe, instealltaí agus scrúduithe sláinte saor in aisce faoin scéim freisin.
Déantar oidis a chur ar fáil ag pé cógaslann áitiúil a roghnaítear. Má roghnaítear LARCanna (cornaí agus ionchlannáin, mar shampla), tagann othair ar ais chuig an soláthraí seirbhíse atá rannpháirteach sa scéim chun an gléas a fheistiú, agus a bhaint ina dhiaidh sin. Tá na costais seo go léir clúdaithe go hiomlán ag an Stát agus tá siad saor in aisce don othar.
Chomh maith lena phríomhúsáid, tá ról lárnach ag frithghiniúint hormónach freisin maidir le siomptóim dhíobhálacha eile a chóireáil, cosúil le pian agus fuiliú trom, a bhaineann go hiondúil le míostrú.
Tá beagnach 2,400 dochtúir teaghlaigh, cúram príomhúil, pleanáil clainne agus ionaid sláinte do mhic léinn agus áiseanna leighis pobail gaolmhara eile, agus 2,050 cógaslann phobail tar éis clárú chun seirbhísí agus táirgí a sholáthar faoin scéim go dtí seo. Leithdháiltear thart ar €41.5 milliún chun tacú leis an scéim in 2024.
Tá tuilleadh eolais maidir le frithghiniúint ar oideas saor in aisce agus an tSeirbhís Náisiúnta um Dháileadh Coiscíní ar fáil ar shuíomh gréasáin an FSS um Fholláine Ghnéis. Déantar an t-eolas seo a nuashonrú go rialta agus tugtar sonraí iomlána maidir le conas rochtain a fháil ar an scéim.
Nótaí
Do mhná atá incháilithe, forálann an scéim frithghiniúna saor in aisce do:
- costas frithghiniúna ar oideas.
- an costas a bhaineann le comhairliúcháin le Dochtúirí Teaghlaigh agus le gairmithe leighis ábhartha eile chun roghanna frithghiniúna a phlé le hothair incháilithe agus chun oidis a sholáthar dóibh sin.
- costas feistithe agus/nó baint (cineálacha éagsúla LARCanna) agus aon seiceálacha riachtanacha, ag gairmithe leighis atá deimhnithe chun LARCanna a fheistiú/a bhaint (mar shampla: feistí ionútarach (IUD), córais (IUS), cornaí agus ionchlannáin).
- an costas a bhaineann leis an raon leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil faoi láthair do shealbhóirí cártaí leighis na Seirbhísí Ginearálta Leighis (GMS) a sholáthar, a bheidh ar fáil tríd an scéim seo freisin, lena n-áirítear instealltaí frithghiniúna, ionchlannáin, Córas ionútarach (IUS) agus Feiste Ionútarach (IUDanna), an paiste agus fáinne frithghiniúna, agus cineálacha éagsúla piollaire frithghiniúna béil, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála.
- an costas a bhaineann le hoiliúint agus deimhniú a thabhairt do dhochtúirí teaghlaigh breise agus do ghairmithe leighis eile chun LARCanna a fheistiú, a sheiceáil agus a bhaint.
Ón 1 Eanáir 2024, beidh mná a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn agus atá in aois óna 17ú breithlá go dtí an lá roimh a 32ú breithlá incháilithe le haghaidh frithghiniúna saor in aisce faoin scéim.
Beidh mná a bhfuil cornaí, IUDanna, IUSanna nó ionchlannáin curtha isteach acu faoin scéim fós i dteideal na seiceálacha ina dhiaidh sin agus saorbhaint aon fheistí a cuireadh isteach roimh a 32ú breithlá, chun leanúnachas cúraim a chinntiú.
Tacaíonn an Scéim Náisiúnta um Dháileadh Coiscíní le cosc a chur ar Ionfhabhtuithe Gnéas-Tarchurtha (STI) agus ar fhrithghiniúint inrochtana d’fhir agus dá bpáirtithe. Is féidir teacht ar choiscín saor in aisce tríd an líonra náisiúnta de chlinicí STI, carthanachtaí rannpháirteacha agus comhpháirtithe Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (NGO) agus ar champais tríú leibhéal rannpháirteacha.