English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Leathnú ar Incháilitheacht do Chárta Leighis dóibh siúd a bhfuil tinneas foirceanta orthu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 10 Feabhra 2021

Fuair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, faomhadh ón Rialtas inniu, Dé Máirt an 9 Feabhra, rochtain ar chártaí leighis a leathnú, ionas go mbeidh siad ar fáil dóibh siúd go léir a bhfuil tinneas foirceanta orthu agus a bhfuil prognóis suas le 24 mí acu.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Níl aon amhras ach go bhfuil diagnóis foirceanta tubaisteach. Tugann cárta leighis cinnteacht agus suaimhneas intinne a theastaíonn go géar do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh le linn tréimhsí deacra. Go dtí seo, comhlíonann gach duine a bhfuil prognóis suas le 12 mhí acu na critéir ‘deireadh saoil’ maidir le incháilitheacht le haghaidh cártaí leighis.”

Dúirt sé:

“Thug an Rialtas seo tiomantas ina Chlár Rialtais incháilitheacht cárta leighis a leathnú i gcásanna tinnis foirceanta. Tá fonn orm mar Aire Sláinte an t-athrú seo a sheachadadh chomh tapa agus is féidir. Le faomhadh an Rialtais faighte inniu, tá sé ar intinn agam a ordú do FSS socruithe a chur i bhfeidhm le go mbeidh gach duine a bhfuil prognóis suas le 24 mí acu incháilithe le haghaidh cárta leighis."

Rachaidh an socrú nua seo chun sochair d’othair a bhfuil diagnóisí orthu thar raon speisialtachtaí mar:

  • Néareolaíocht
  • Cairdeolaíocht
  • Riospráide
  • Oinceolaíocht

I mí na Samhna seo caite, mhol an Grúpa Comhairleach Cliniciúil arna bhunú ag FSS chun an tsaincheist seo a scrúdú athrú reachtach chun incháilitheacht do chárta leighis a leathnú i gcásanna tinnis foirceanta. Beidh an scéim riaracháin a fógraíodh inniu i bhfeidhm ar feadh 12 mhí, go dtí go bhforbrófar roghanna reachtacha, atá á scrúdú ag an Roinn Sláinte faoi láthair.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá áthas orm go gcinnteoidh tabhairt isteach socrú riaracháin eatramhach go mbeidh daoine incháilithe in ann cárta leighis a rochtain fad is a bheidh an creat reachtach riachtanach chun tacú leis an socrú seo á fhorbairt. Oibreoidh mo Roinn go dlúth le FSS anois agus é mar aidhm aici a chinntiú go mbeidh na próisis agus na cumarsáidí riachtanacha chun an scéim a oibriú i bhfeidhm laistigh de sheachtainí."

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhunaigh FSS an Grúpa Comhairleach Cliniciúil (CAG) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas atá ann cheana le haghaidh cártaí leighis i gcásanna tinnis foirceanta agus chun comhairle a thabhairt faoi aon athrú ar na socruithe a mheastar a bheith riachtanach, agus aird ar aon cheisteanna eiticiúla, leighis nó dlí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.
  • Tháinig an CAG ar an gconclúid, inter alia, gur dóichí go mbeadh gá le hathrú reachtaíochta chun tacú le leathnú achar ama na prognóise reatha.
  • Dá réir sin tá oifigigh na Roinne Sláinte ag déanamh scrúdú faoi láthair ar roghanna féideartha do chreat reachtach. Foilsíodh Tuarascáil deiridh an CAG i mí na Samhna 2020 agus is féidir rochtain a fháil uirthi anseo le haghaidh tuilleadh eolais.
  • Maidir leis na próisis mheasúnaithe do chárta leighis atá ann faoi láthair, ba chóir a thabhairt ar aird nuair a chuirtear FSS ar an eolas go bhfuil othar ag fáil cóireála deireadh saoil - is é sin nuair a bhíonn prognóis níos lú ná 12 mhí ag othair ar an drochuair - go mbronntar cárta leighis ar na hothair sin agus ní cheanglaítear orthu dul faoi mheasúnú acmhainne airgeadais ná ní dhéantar athmheasúnú orthu riamh.
  • Faoi láthair tá thart ar 1,800 cárta leighis deonaithe ar chritéir 'deireadh saoil'.
  • Mar atá leagtha amach, leathnóidh an socrú riaracháin nua na critéir ‘deireadh saoil’ ó 12 go 24 mí.