English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte méadú ollmhór ar úsáid den Scéim Rochtana na nDochtúirí Ginearálta ar Dhiagnóisic Phobail

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Cuireadh os cionn 700,000 scanadh diagnóiseach i gcrích ó tugadh isteach an scéim i mí Eanáir 2021 – gan aon chostas ar othair
  • Seachnaíodh na céadta míle coinne d'othair sheachtracha tríd an scéim diagnóisice pobail
  • B'ionann an maoiniú a leithdháileadh in 2023 agus €46.8 milliún

Léirigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu go bhfuil os cionn 700,000 scanadh diagnóiseach raideolaíochta pobail, a atreoraíodh go díreach, curtha i gcrích ó seoladh Scéim Rochtana na nDochtúirí Ginearálta ar Dhiagnóisic Phobail (GPACD).

Tá méadú faoi dhó tagtha ar an éileamh ar dhiagnóisic raideolaíochta phobail, a chuirtear ar fáil tríd an scéim ó seoladh í in 2021.

Rinneadh 138,000 scanadh raideolaíochta in 2021 (vs sprioc 94,000); 250,000 in 2022 (vs. sprioc 195,000); agus os cionn 331,000 (vs sprioc 240,000) in 2023. Méadaíodh buiséad na scéime GPACD ó €25 milliún in 2021 go dtí €46.8m milliún in 2023, agus coinníodh an infheistíocht shubstaintiúil go dtí seo i mBuiséad 2024, le leithdháileadh iomlán de €47.9m faighte do sholáthar leanúnach na scéime i mbliana.

Sheol an tAire an scéim i mí Eanáir 2021 chun rochtain níos éasca a chinntiú do dhochtúirí ginearálta agus d'othair ar shraith scanadh raideolaíochta. Faoin scéim, is féidir le dochtúirí ginearálta othair a atreorú go díreach le haghaidh tástálacha lena n-áirítear X-gha, X-gha défhuinnimh absorptiometry (DXA), scanadh tomagrafaíoch ríomhairithe (CT), agus íomháú athshondais mhaighnéadaigh (MRI) gan aon chostas ar an othar, le rochtain ar an scéim ar fáil don daonra iomlán aosach.

Freastalaíonn othair ar láithreacha áisiúla sa suíomh pobail chun rochtain a fháil ar dhiagnóisic raideolaíochta ag saoráidí atá suite ar fud an chontae, le clúdach náisiúnta á chur ar fáil. Léirigh staidéir go bhfaigheann formhór na n-othar coinne taobh istigh de mhí, le haghaidh scananna faoin tionscnamh. Go dtí seoladh na scéime, b'éigean othair a atreorú le haghaidh coinne othar seachtrach le comhairleoir ospidéil sula bhfuair siad rochtain ar scanadh raideolaíochta nó bheadh orthu íoc as go príobháideach.

Soláthraíonn an scéim i bhfad níos mó leibhéal de chúram sa suíomh pobail, ar aon dul leis an aidhm Sláíntecare, chun an Cúram Ceart a sholáthar, san Áit Cheart, agus ag an Am Ceart.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil ag éirí go maith leis an tionscnamh seo. Tugadh an tionscnamh isteach chun tacú le rochtain níos tráthúla ar dhiagnóisic a fháil agus chun feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil d'othair sa phobal.

"Tá sé ag tacú le rochtain níos tapúla ar nósanna imeachta diagnóiseacha riachtanacha, as a dtiocfaidh cóireáil níos tráthúla agus taithí othar níos fearr. Tacaíonn sé le dochtúirí ginearálta tuilleadh cúraim othar a bhainistiú i suíomhanna cúraim phríomhúil, rud a laghdaíonn an gá le hatreoruithe chuig suíomhanna ospidéil."

Tá an Scéim GPACD ar fáil go náisiúnta do gach dochtúir ginearálta.

Dúirt an Dr Diarmuid Quinlan, Stiúrthóir Leighis den Choláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP):

“Bhí buntáistí inbhraite ag an Scéim Rochtana na nDochtúirí Ginearálta ar Dhiagnóisic Phobail maidir le diagnóisí othar, amanna feithimh giorraithe do chásanna ospidéil, agus chabhraigh sí le méid foriomlán na gcásanna seo a laghdú. Tá sé tuairiscithe ag dochtúirí ginearálta go bhfaigheann othair coinní dá scanadh taobh istigh de chúpla seachtain go coitianta.

“Cuireann an scéim dlús le cóireáil othar ag an dochtúir ginearálta, déanann sí roinnt atreoruithe ospidéil a sheachaint, cuidíonn sí lenár liostaí feithimh ospidéil a laghdú agus tugtar tús áite do chóireáil othar ag dochtúirí ospidéil: bua ag gach taobh."

Tá an scéim seo oiriúnach go sonrach d'othair phoiblí nach bhfuil sé d'acmhainn acu íoc as árachas sláinte ná as scanadh príobháideach. Sular seoladh an tionscnamh, b'éigean na hothair seo a fheiceáil i gclinic othar seachtrach ar dtús sula bhféadfaí scanadh a réiteach dóibh. Tá buntáistí ollmhóra ag baint le rochtain thráthúil ar scanadh diagnóiseach a fháil, go mór mór le haghaidh riochtaí sláinte áirithe. Cé nach bhfuil ualach oibre neodrach don chleachtas ginearálta, tuairiscíonn dochtúirí ginearálta go gcuireann an scéim seo feabhas ar chúram othar i níos mó ná 90% de chásanna agus dá bhrí sin, tá rannpháirtíocht sa scéim ó chleachtas ginearálta an-láidir.


Nótaí

Leis an gconair struchtúrtha seo le haghaidh DGanna chun rochtain dhíreach a fháil ar thástálacha diagnóiseacha, is féidir leibhéal níos airde cúraim a chur ar fáil sa phobal, rud a thacaíonn le fáthmheas luath, agus le luath-idirghabháil. Mar thoradh ar rochtain theoranta ar dhiagnóisic, d’fhéadfaí othair a chur ar aghaidh chuig Ranna Éigeandála agus Othar Seachtrach ospidéil le haghaidh seirbhísí.

Ó cuireadh tús leis i mí Eanáir 2021, tá méadú tagtha ar an rochtain dhíreach atá ag dochtúirí teaghlaigh ar dhiagnóisic raideolaíochta pobail dá n-othair, agus tá atreoruithe ar oscailt don daonra fásta iomlán (ó mhí na Bealtaine 2021).

Éascaíonn an chonair atreoraithe DGanna chun othair a tharchur go díreach chuig sraith staidéar X-ghathaithe, X-ghathaithe fuinnimh déach (DXA), tomagrafaíocht ríomhairithe (CT), agus íomháú athshondais mhaighnéadaigh (ÍAM) gan aon chostas don othar.

Is iad seo a leanas soláthraithe na saoráidí seo:Affidea, Alliance Medical, Bon Secours (Trá Lí), Medica, Complete DXA Solutions, Beaumont Private agus UPMC Whitfield.

Is féidir liosta de na seirbhísí atá ar fáil a fheiceáil anseo.

Ós rud é go bhfuil an tsraith diagnóisice raideolaíochta a chuirtear ar fáil deartha chun cumas DGanna cóir leighis a chur ar othair atá faoi chúram príomhúil a uasmhéadú, léiríonn an tionscnamh an cur chuige ‘tús áite don bhaile’ atá ina phríomhfhócas dár n-athchóiriú cúraim sláinte agus shóisialta.

I staidéir (féach [1] agus [2] i Nótaí d’Eagarthóirí thíos) ó CDTÉ agus ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), léirítear ceithre phríomhthéama a d’aithin na DGanna maidir leis an scéim:

  • cúram feabhsaithe d’othair (i 9 gcás as 10 gcás);
  • méadú ar ualach oibre na ndochtúirí teaghlaigh (i 6 chás as 10 gcás);
  • laghdú ar atreoruithe ospidéil i gcás fadhbanna a éilíonn íomháú (níos mó ná 50%); agus
  • tuairimí maidir le bainistiú leanúnach na dtionscnamh sin.

Baineann DGanna úsáid den chuid is mó as an scéim le haghaidh scanadh ÍAM, arb ionann í agus beagnach dhá thrian de na scanadh a eagraítear tríd an scéim [2]. Is iad ÍAManna dromlach, géaga níos ísle agus inchinn na trí scanadh ÍAM is coitianta a eagraítear. Cabhraíonn torthaí na staidéar seo le DGanna agus lena n-othair na chéad chéimeanna eile maidir le bainistíocht a chinneadh.

Léirítear i staidéir, mar gheall ar rochtain thráthúil ar scanadh tríd an scéim, go bhfuil cúram go leor de na hothair seo ag fanacht lena lia-chleachtóir ginearálta [1,2]. Go deimhin, maidir le níos mó ná 50% d’othair a mbeadh coinne le hothair sheachtracha ag teastáil uathu chun scanadh a eagrú roimh an tionscnamh, ní raibh gá le hatreorú othar seachtrach a luaithe ab fhéidir an scanadh a dhéanamh tríd an scéim seo [1,2]. Maidir leis na hothair ar theastaigh atreorú uathu chun comhairleoir ospidéalbhunaithe a fheiceáil bunaithe ar a gcás cliniciúil agus ar na torthaí scanta, tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil scanadh curtha i gcrích acu cheana féin, rud a chabhróidh le dlús a chur lena mbainistíocht sa chóras poiblí.

Léiríonn eolas ó dhá staidéar taighde a eagraíodh le déanaí tríd an COBÁC agus an CDTÉ go gcuirtear níos mó ná leath na scanta atá á n-eagrú tríd an scéim i gcrích laistigh de mhí amháin ó atreorú an DG.

Páipéir luaite thuas

[1] O’Callaghan, M.E., Fawsitt, R., Gao, J. et al. Irish general practitioner (GP) perspectives on impact of direct access radiology on patient care in the community: results from a mixed-methods study. Ir J Med Sci (2023).

https://doi.org/10.1007/s11845-023-03419-1

[2] O’Callaghan ME, Fawsitt R, Cullen et al. HSE Enhanced GP Access to Diagnostics Initiative - National Project Report – AWAITING PUBLICATION