English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú breise €5 mhilliún do ghalair neamhchoitianta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu €5 mhilliún breise de mhaoiniú athfhillteach do ghalair neamhchoitianta in 2025. Fágann sin gur €6.5 milliún an maoiniú iomlán do ghalair neamhchoitianta in 2025, méadú go €8 milliún in 2026.

Tacóidh an infheistíocht shuntasach seo le raon leathan tionscnamh atá dírithe ar shaol an 300,000 duine in Éirinn, a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, a fheabhsú. Áirítear leis an maoiniú seo thart ar €700,000 chun seirbhísí agus tacaíochtaí a fhorbairt d'othair a bhfuil epidermolysis bullosa orthu, lena n-áirítear tacaíochtaí breise pobail faoi stiúir altraí, comhordú cúraim agus tacaíochtaí meabhairshláinte.

Le níos mó ná 8,000 galar neamhchoitianta ann, is uaigneach an t-eispéireas é dul i ngleic leis na dúshláin, atá roimh dhaoine nó grúpaí othar. Tríd an maoiniú breise seo a fógraíodh inniu a thabhairt, aithnítear gur minic a bhíonn cúram casta agus an-speisialaithe ag teastáil ó dhaoine a diagnóisíodh le galair neamhchoitianta, agus éascóidh sé seirbhísí feabhsaithe agus soláthar cúraim, chomh maith le comhoibriú idirnáisiúnta.

Tacóidh sé freisin le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta nua, a fhoilseofar sna míonna amach romhainn.

Dúirt an tAire Donnelly:

"D'éist mé go han-chúramach leis an gcás maidir le maoiniú breise, a bhí déanta ag roinnt grúpaí abhcóideachta do ghalair neamhchoitianta, agus molaim eagraíochtaí ar nós Debra Ireland agus a n-ambasadóir misniúil Emma Fogarty as solas a chaitheamh ar na dúshláin a bhíonn os comhair othar ina saolta laethúla.

"Tuigim gur tasc uaigneach é troid ar son acmhainní méadaithe do ghalar a théann i bhfeidhm ar líon beag daoine. Mar sin féin, creidim gur féidir le hinfheistíocht i dtionscnaimh láidre tacaíocht chomhchoiteann a chur ar fáil do gach duine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Tá duine as gach 17 duine inár ndaonra ag maireachtáil le galar neamhchoitianta, agus is infheistíocht é an maoiniú breise atá á fhógairt agam inniu chun a gcaighdeán saoil agus a dtorthaí sláinte a fheabhsú.”

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Mary Horgan:

"Cinnteoidh an maoiniú breise seo móiminteam méadaithe in 2025 de réir mar a bheidh obair ar bun chun an Straitéis Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta a chur i bhfeidhm.

"Tá na daoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, á dteaghlaigh agus á gcúramóirí le moladh as a n-iarrachtaí leanúnacha chun aird a tharraingt ar an tionchar atá ag riachtanais sláinte, nach bhfuiltear ag freastal orthu, ar a saolta. Leis an infheistíocht shuntasach bhreise seo, is féidir linn tacaíochtaí feabhsaithe a chur ar fáil anois a rachaidh i bhfeidhm go follasach ar an 6% den daonra a bhfuil galair neamhchoitianta orthu."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Rare Diseases Ireland Vicky McGrath:

“Cuirim fáilte roimh thiomantas láidir an Rialtais maoiniú breise €5 mhilliún a chur ar fáil do ghalair neamhchoitianta. Déanfaidh an maoiniú seo difríocht shuntasach dár gcumas straitéis nua um ghalair neamhchoitianta a chur i bhfeidhm d'Éirinn, chun feabhsuithe a bhfuil géarghá leo a bhrú chun cinn maidir le diagnóis, cóireáil agus cúram na ndaoine sin a bhfuil galair neamhchoitianta orthu in Éirinn."

D'fhógair an tAire Donnelly maoiniú roimhe seo faoi Bhuiséad 2025 a chuirfidh acmhainní ar fáil chun comhordú cúraim a fheabhsú agus chun comhoibriú le saineolas idirnáisiúnta a neartú trí na Líonraí Tagartha Eorpacha. Nascann na líonraí seo gairmithe cúraim sláinte ar fud na hEorpa le chéile, a bhfuil saineolas ar leith acu ar ghalair neamhchoitianta, rud a éascaíonn comhoibriú maidir le diagnóis agus cóireáil d'othair.

Neartóidh maoiniú 2025 acmhainní freisin in Oifig Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, roimh an Straitéis Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta atá le foilsiú go luath. D'iarr an tAire Donnelly ar a Roinn dul i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte lena chinntiú go n-úsáidfear an maoiniú breise seo chun an tionchar is mó a imirt ar dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus ar a gcúramóirí in Éirinn.


Nótaí:

Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, ar fáil le haghaidh agallamh faoin bhfógra seo. Cuir gach iarratas le haghaidh agallaimh faoi bhráid press_office@health.gov.ie.

Sainmhínítear galair neamhchoitianta mar ghalair a bhfuil leitheadúlacht níos lú ná cúig chás acu in aghaidh gach 10,000 duine. Le chéile, bíonn tionchar ag na galair seo ar thart ar 6% nó duine as gach 17 den daonra in Éirinn.

Bunaíodh an Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Ghalair Neamhchoitianta i mí na Nollag 2023 chun tiomantas Chlár an Rialtais a chomhlíonadh chun Straitéis Náisiúnta nua um Ghalair Neamhchoitianta a fhorbairt d'Éirinn. Táthar ag súil go bhfoilseofar an straitéis sna míonna amach romhainn agus go gcuirfear tús lena chur i bhfeidhm in 2025.