English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte maoiniú nua do sheirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe agus An Bille um Fhíochán Daonna le críochnú i dTithe an Oireachtais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu maoiniú méadaithe de €1.6 milliún in 2024 do sheirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe. Tá an maoiniú á chur ar fáil toisc go gcríochnóidh An Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) a phasáiste in dhá Theach an Oireachtais níos déanaí inniu. Cuirfear an Bille ansin chuig Uachtarán na hÉireann lena shíniú.

Ghabh an tAire buíochas leo siúd go léir a chuidigh le forbairt agus rith an Bhille, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte, grúpaí abhcóideachta othar, saineolaithe dlí, agus comhaltaí na dTithe.

Dúirt Stephen Donnelly, an tAire Sláinte:

“Bhí sé iontach an tacaíocht traspháirtí a fheiceáil don Bhille um Fhíochán Daonna agus é ag dul ar aghaidh tríd na Tithe. Is céim shuntasach í rith an Bhille seo do chúram sláinte in Éirinn. Clúdaíonn an Bille seo meas – meas ar fhlaithiúlacht na ndeontóirí agus a dteaghlaigh, agus meas ar dhínit an duine mhairbh."

Is céim shuntasach chun cinn í an Bille maidir le húsáid fíochán daonna a rialáil in Éirinn. Soláthraíonn sé creat dlíthiúil láidir, trédhearcach agus eiticiúil chun orgáin a dheonú le haghaidh trasphlandaithe, scrúduithe iarbháis a dhéanamh, corpáin agus baill choirp a úsáid le haghaidh scrúduithe agus oideachais anatamaíocha, agus taispeáint phoiblí de chorpáin agus baill choirp.

Chun an táirgeacht a uasmhéadú agus an leas is mó is féidir a bhaint as tiomantas an Chláir Rialtais seo, tá an tAire Sláinte ag deimhniú inniu go bhfuil €1.6 milliún breise de mhaoiniú forbartha nua ann do sheirbhísí.

Tacóidh an maoiniú seo le cur i bhfeidhm na gcéimeanna luatha de Phlean Straitéiseach 2024-2026 um Dheonú Orgán (ODTI) na hÉireann, agus é mar aidhm aige infhaighteacht orgáin a mhéadú le haghaidh trasphlandaithe, an liosta feithimh trasphlandaithe reatha de 601 duine a laghdú, maoiniú a thabhairt do leathnú an Iniúchta Náisiúnta Deontóirí Féideartha (PDA), agus deonú orgán a chur chun cinn tríd an mBille um Fhíochán Daonna agus feachtas feasachta poiblí a chur i bhfeidhm.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Donnelly:

“Anois dírímid ár n-aird ar an ngnó tábhachtach a bhaineann leis an reachtaíocht a thosú agus deiseanna a mhéadú do dhaoine atá ag fanacht le deonú orgán. Leagann an Bille um Fhíochán Daonna, i gcomhar leis an maoiniú breise €1.6 milliún, béim ar mo thiomantas chun tacú le deonú orgán agus le seirbhísí trasphlandaithe in Éirinn. Táim ag súil leis an tionchar dearfach a bheidh aige seo ar shaol na n-othar atá ag fanacht le haghaidh trasphlandaithe."


Nótaí

An Bille um Fhíochán Daonna

Tá an Bille um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáin Phoiblí) dréachtaithe d'fhonn reachtaíocht a dhéanamh chun:

  • Coinníollacha ginearálta a sholáthar chun orgáin agus fíocháin a bhaint, a dheonú agus a úsáid ó dhaoine éagtha agus ó dhaoine beo le haghaidh trasphlandaithe;
  • rialacháin a thabhairt isteach do scrúduithe iarbháis neamh- chróinéara agus cróinéara araon i suíomhanna ospidéil agus neamh-ospidéil;
  • Coinníollacha agus rialacháin ghinearálta a chur ar fáil le haghaidh scrúdú anatamaíoch; agus
  • Coinníollacha agus rialacháin ghinearálta a chur ar fáil chun coirp a thaispeáint go poiblí tar éis bháis.

Tugtar isteach leis an mBille ceanglas reachtúil nua maidir le toiliú ar fud na ngníomhaíochtaí seo go léir chomh maith le cosaintí chun sláine chorp an duine a chosaint roimh an mbás agus ina dhiaidh agus chun cosc a chur ar choinneáil orgán ar bith gan toiliú sa todhchaí.

Deonú Orgán agus Trasphlandú:

Leis an mBille um Fhíochán Daonna tugtar isteach córas toilithe rogha an diúltaithe bog chun orgáin a dheonú. Faoin gcóras seo, measfar toiliú le deonú orgán murar chláraigh an duine, agus é beo, a mhian nó a mian gan a bheith ina dheontóir orgáin tar éis bháis. Is athrú é seo ón gcóras reatha ina bhfuil an neasghaol freagrach as cinntí maidir le deonú orgán agus ina nglactar leis gur mian le duine aonair a n-orgán a dheonú tar éis a b(h)áis mura ndéanann siad ráiteas agóide maidir le deonú.

Cé gur cheart go mbeadh mianta an duine nach maireann lárnach d'aon chinneadh, leanfar ag dul i gcomhairle le teaghlaigh mar chuid de phróiseas deonaithe orgán sábháilte agus measúil.

Soláthraíonn an Bille creat breise maidir le deonú orgán agus fíochán agus ceall ó dheontóirí beo lena n-áirítear bunús reachtach a thabhairt isteach le haghaidh deonú beo altrúíoch neamhthreoraithe.

Meastar go gcuideoidh na bearta seo leis an líon deontóirí sa Stát a mhéadú agus spreagfaidh siad deonú orgán chun beatha a shábháil in imthosca inar féidir sin a dhéanamh.

Cleachtas agus Nós Imeachta maidir le Scrúduithe Iarbháis:

Tugann an Bille um Fhíochán Daonna forálacha toilithe isteach le haghaidh scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus leagtar amach ann creat soiléir maidir leis an gcaoi ar cheart toiliú a fháil agus an fhaisnéis nach mór a thabhairt do theaghlaigh nuair atá toiliú den sórt sin á lorg.

Leasaítear leis an mBille freisin na hAchtanna Cróinéirí chun forálacha breise a thabhairt isteach maidir le cumarsáid agus comhroinnt faisnéise le teaghlaigh i gcásanna ina dteastaíonn scrúdú iarbháis cróinéara.

Déanann an Bille foráil bhreise do rialáil a dhéanamh ar choinneáil, stóráil, úsáid, diúscairt agus aischur orgán agus fíochán ó dhaoine éagtha tar éis scrúdú iarbháis.

Beidh caighdeáin chleachtais níos fearr ar fud an chórais chróinéara agus neamhchróinéara mar thoradh ar an reachtaíocht agus comhlánóidh sí treoirlínte nuashonraithe a d'fhoilsigh ag FSS anuraidh [Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta FSS do Sheirbhísí Scrúdaithe Iarbháis (2023)]

Scrúdú Anatamaíoch:

Aisghaireann an Bille um Fhíochán Daonna an Anatomy Act 1832 agus cuireann sé socruithe i bhfeidhm maidir le coirp a dheonú do scoileanna anatamaíochta agus forálacha maidir le caighdeáin a leagan síos a bheidh le comhlíonadh i gcleachtadh anatamaíochta.

Coirp a Thaispeáint go Poiblí:

Níl aon reachtaíocht ann faoi láthair a rialaíonn coirp a thaispeáint to poiblí. Dá bhrí sin, níl aon chumhachtaí ag an Stát chun imscrúdú a dhéanamh ar bhunús na gcorp atá ar taispeáint go poiblí agus chun idirghabháil a dhéanamh más gá.

Faoin mBille, beidh ceadúnas ag teastáil chun coirp a thaispeáint go poiblí tar éis bháis. Tabharfaidh na forálacha sa reachtaíocht breac-chuntas ar na socruithe toilithe a theastaíonn chun corp nó baill choirp a dheonú lena taispeáint go poiblí agus áiritheoidh siad foinse na samplaí a úsáidtear.