Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí plean €500,000 chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte an Lucht Siúil atá gan dídean mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Shláinte an Lucht Siúil
- Foilsithe: 9 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton, sonraí inniu faoi phlean €500,000 chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine i measc mná den Lucht Siúil.
Mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta um Shláinte an Lucht Siúil, úsáidfear an cistiú chun seirbhísí cúram sláinte a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte do mhná den Lucht Siúil a bhfuil easpa dídine orthu agus atá ag aistriú chuig maireachtáil neamhspleách. Tá sé á fhorbairt i gcomhairle le grúpaí den Lucht Siúil.
Cuirfear an plean i ngníomh i gceithre chéim:
- Comhairliúchán leis an Oifig Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta agus le foireann CHO FSS, soláthraithe seirbhíse easpa dídine, agus seirbhísí atá ag feidhmiú sna réimsí foréigean teaghlaigh agus tearmann do mhná. Díreofar go príomha ar fhiosrú a dhéanamh ar cibé an dtairgeann seirbhísí sna réimsí seo seirbhísí atá oiriúnaithe ó thaobh cultúir de do riachtanais an Lucht Siúil.
- Glao náisiúnta ar thograí cistithe a sheachadadh ó thionscadail inbhuanaithe ardcháilíochta, uaillmhianacha atá oiriúnaithe go cultúrtha do riachtanais mhná an Lucht Siúil agus a leanaí. Déanfaidh painéal saineolaithe, lena n-áirítear mná den Lucht Siúil, measúnú ar na tograí.
- Cur i bhfeidhm na múnlaí barrchleachtais seo a chistiú.
- Tacú le forbairt samhla náisiúnta chun tacú le mná agus leanaí ón Lucht Siúil atá i mbaol easpa dídine le treoir phraiticiúil forfheidhmithe.
Dúirt an tAire Naughton:
“Le linn Sheachtain Sláinte na mBan, feileann sé go bhfuil plean á fhógairt againn a bhfuil sé mar aidhm aige seirbhísí cúram sláinte do mhná den Lucht Siúil a fheabhsú.
“Ag glacadh le cur chuige atá íogair ó thaobh cultúir de, díríonn sé ar thrasghearradh eitneachas, inscne agus easpa dídine an ghrúpa seo.
“Tá a fhios againn go bhfuil sé níos dóchúla go dtugann mná den Lucht Siúil aghaidh ar dhálaí maireachtála atá faoi bhun an chaighdeáin agus go mbíonn siad gan dídean go minic, rud a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar a sláinte mar chinntitheach sóisialta.
“Is céim thábhachtach é an plean a leagtar amach inniu chun aghaidh a thabhairt air seo, agus tógann sé ar na gealltanais maidir le hathrú a gealladh sa Phlean Gníomhaíochta nua um Shláinte an Lucht Siúil."
Nótaí don Eagarthóir:
Tá torthaí sláinte i bhfad níos measa ag an lucht siúil ná mar atá ag an daonra socraithe. Do mhná, bíonn ionchas saoil 11.5 bliain níos giorra ná an daonra ginearálta mar thoradh air seo. Tá rátaí básmhaireachta 3 huaire níos airde ná mar atá do mhná sa daonra i gcoitinne.
Is ionann mná agus thart ar 42% den daonra gan dídean in Éirinn, agus tá an líon seo ag ardú go thart ar 44% i réigiún Bhaile Átha Cliath, i gcomparáid le 20-33% ar an meán ar fud na hEorpa. Nuair a bhreathnaítear le lionsa trasnach ar an ngéarchéim easpa dídine, áfach, is ionann mná den Lucht Siúil agus thart ar 50% de dhaonra iomlán an Lucht Siúil gan dídean.. Áirítear leis seo mná ón Lucht Siúil atá ag fulaingt foréigean teaghlaigh nó a d'fhulaing foréigean teaghlaigh roimhe seo.