English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí maoiniú do sheirbhísí feabhsaithe cóireála drugaí do dhaoine gan dídean

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke maoiniú beagnach €240,000 chun feabhas a chur ar sheirbhísí andúile sa phobal do dhaoine gan dídean i gCathair Chorcaí.

Tacóidh an maoiniú le triúr oibrithe Tacaíocht Piaraí agus beirt oibrithe Addiction Outreach a earcú, mar chuid d'infheistíocht €500,000 i seirbhísí drugaí pobalbhunaithe in 2024.

Tríd an infheistíocht seo, aithnítear riachtanais sláinte bhreise na ndaoine atá gan dídean agus a úsáideann drugaí agus alcól go minic, chomh maith leis na deacrachtaí a bhíonn acu rochtain a fháil ar sheirbhísí andúile. Neartóidh soláthar na bpost breise seo rochtain ar sheirbhísí pobail agus infhaighteacht seirbhísí chun dochar agus básanna a bhaineann le drugaí a laghdú.

Díreofar go mór ar fhor-rochtain, rud a chinnteoidh go rachfar i dteagmháil go gníomhach le daoine gan dídean a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu agus go spreagfar iad dul sa tóir ar sheirbhísí tacaíochta.

Aithnítear leis an maoiniú freisin gurb iad na hoibrithe tacaíochta piaraí na daoine is fearr le muinín na ndaoine gan dídean a fháil nuair a theastaíonn rochtain ar chóireáil uathu, agus gur féidir leo cúnamh praiticiúil a chur ar fáil trína dtaithí saoil féin.

Tacóidh na cúig ról nua freisin le rochtain a fheabhsú ar thacaíochtaí meabhairshláinte don ghrúpa leochaileach seo, trí chonairí atreoraithe chuig an tseirbhís Dédhiagnóise atá lonnaithe i gCorcaigh a fhorbairt.

Tá an infheistíocht seo ag teacht leis an straitéis náisiúnta drugaí, An Dochar a Laghdú, Tacaíocht leis an Aisghabháil, chomh maith leis an bplean gníomhaíochta straitéiseach 2023-2024 a gheallann chun bealaí a sholáthar le rochtain a fheabhsú ar chóireáil do ghrúpaí ardriosca.

Dúirt an tAire Burke:

'Tá an-áthas orm go bhfuil maoiniú faighte agam do chúig phost chun tacú le soláthar seirbhíse méadaithe do thart ar 400 duine gan dídean i gceantar Chorcaí, a bhfuil fadhbanna andúile acu. Cuideoidh an infheistíocht seo le bearnaí i soláthar seirbhísí a líonadh agus chun tacú le tuilleadh daoine cabhair a lorg agus glacadh le cúnamh maidir lena bhfadhbanna le hól agus le drugaí."

Ag cur leis an méid sin, dúirt sé:

"Is minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine gan dídean teagmháil a dhéanamh le seirbhísí andúile de thoradh a mbunriachtanas casta. Cuideoidh an infheistíocht seo le beatha daoine a shábháil i gCorcaigh trí theagmháil a dhéanamh leis an ngrúpa leochaileach seo agus trí thacú leo dul i dteagmháil le seirbhísí sláinte.

"Tá laghdú ar dhíobháil agus básanna a bhaineann le drugaí mar chroílár na straitéise náisiúnta drugaí seo, agus tá a fhios againn go bhfuil tionchar mór ag dochar de thoradh drugaí ar theaghlaigh agus ar ghaolta an duine, gan trácht ar an bpobal i gcoitinne.

“Cabhróidh an maoiniú do chúig phost atá á bhfógairt agam inniu le cúnamh a thabhairt do thuilleadh daoine gan dídean teagmháil a dhéanamh le seirbhísí andúile agus rochtain a fháil ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu, chun tús úr a bheith acu."

Dúirt Bainisteoir Ginearálta um Chuimsiú Sóisialta, FSS Cúram Sláinte Pobail Chorcaí Chiarraí, David Lane:

"Fáiltíonn FSS Cúram Sláinte Pobail Chorcaí agus Chiarraí roimh an maoiniú do sheirbhísí feabhsaithe cóireála drugaí do dhaoine gan dídean. Déanaimid ár ndícheall tacú le tionscadail nuálacha, a chruthaíonn deiseanna do dhaoine leochaileacha atá ina gcónaí i gCorcaigh agus i gCiarraí. I gcomhréir le 'hAthchóiriú Sláintecare', táimid ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte ar fud ár bpobail, trína chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil tionchar ag easpa dídine orthu rochtain a fháil ar an gcúram agus ar an tacaíocht a theastaíonn uathu agus atá tuillte acu.

"Leis an maoiniú chun feabhas a chur ar sheirbhísí andúile sa phobal, is féidir linn difríocht shuntasach a dhéanamh i saol na ndaoine a bhíonn ag streachailt gach lá lena sláinte fhisiciúil agus mheabhrach."